Jump to content

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil
(en) European Union Agency for Cybersecurity Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánENISA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh
CVE Numbering Authority (en) Aistrigh (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2004
13 Márta 2004
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe74 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinenisa.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: ENISAEUAGENCY X: enisa_eu LinkedIn: european-network-and-information-security-agency-enisa- Youtube: UCK8M-7Y-9CzKZa1srhjrcpg Youtube: enisavideos Pinterest: enisaeu Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil[1] (Béarla: European Union Agency for Cybersecurity). Tá sí lonnaithe san Aithin, an Ghréig agus oifigí aici sa Bhruiséil, an Bheilg agus Heraklion, an Ghréig.

Cruthaíodh ENISA sa bhliain 2004 le Rialachán (AE) Uimh. 460/2004[2] faoin ainm Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise[3] (Béarla: European Union Agency for Network and Information Security (ENISA)). Tháinig sí ar an bhfód ar an 1d Meán Fómhair 2005.

Sa bhliain 2013, aisghaireadh Rialacháin 460/2004 agus cuireadh ina áit Rialachán Uimh. 526/2013,[4] aitheanta faoin teideal an Gníomh um Chibearshlándáil.

Ansin sa bhliain 2019, aisghaireadh an gníomh úd agus cuireadh ina áit an rialachán is déanaí, Rialachán Uimh. 2019/881[5] a thug a ainm reatha d'ENISA, agus a chuir béim ar dheimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.

Tá ENISA faoi bhainistíocht stiúrthóir feidhmiúcháin tacaithe le foireann saineolaithe as réimsí amhail is tionscal na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, grúpaí tomhaltóirí agus an saol acadúil. Tá sí faoi mhaoirseacht Bord Feidhmiúcháin agus Bord Bainistíochta, le hionadaithe orthu siúd óna ballstáit, an Coimisiún agus eile.

Bunaíodh Líonra na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh[6] sa bhliain 2004 mar nasc neamhfhoirmiúil leis na ballstáit. As 27ú Meitheamh 2019 ar aghaidh, is comhlacht reachtúil ENISA é seo.

Tá Grúpa Comhairleach ann chomh maith a thugann tacaíocht leis an ngníomhaireacht. Tá 33 ball sa ghrúpa, ceaptha mar bhaill “ainmnithe” agus “ad personam”.[7] Díríonn an grúpa aird ENISA ar ceisteanna ábhartha.

Sa bhliain 2023, bhí buiséad €25.2 milliún ag an ngníomhaireacht.[8]

Ón mbliain 2022 ar aghaidh, tá comórtas cibearshlándála eagraithe ag ENISA, darb ainm Dúshlán Chibearshlándála Idirnáisiúnta.[9] The agency has also been involved in organizing the European Cybersecurity Challenge.

Stiúrthóirí Feidhmiúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • 2004 - 2009: Mr Andrea Pirotti (an Iodáil)
  • 2009 – 2019: Dr Udo Helmbrecht (an Ghearmáin)
  • 2019 ar aghaidh: Juhan Lepassaar (an Eastóin)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Téarma: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-12.
  2. "Regulation (EC) No 460/2004 of the European Parliament and of the Council of 10 March 2004 establishing the European Network and Information Security Agency". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-12.
  3. "Téarma: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-12.
  4. "Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004". EUR-Lex.
  5. "Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)". EUR-Lex. Dáta rochtana: 2025-12-12.
  6. "Téarma: Líonra na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh". IATE. Dáta rochtana: 2025-12-12.
  7. "Structure and Organisation". www.enisa.europa.eu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-08. Dáta rochtana: 2019-07-22.
  8. "Accounting & Finance". ENISA. Dáta rochtana: 2025-12-13.
  9. "International Cybersecurity Challenge (ICC)". ENISA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-22. Dáta rochtana: 2023-08-22.