Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Ainm gearr | FRA agus EFRA | ||||
| Cineál | decentralised agency of the European Union (en) | ||||
| Stair | |||||
| Téann in áit | An Lárionad Faireacháin Eorpach um Chiníochas agus Seineafóibe | ||||
| Dáta a bunaíodh | 15 Feabhra 2007 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú |
| ||||
| Uachtaránacht | Sirpa Rautio (en) | ||||
| Líon fostaithe | 105 (2019) | ||||
| Suíomh gréasáin | fra.europa.eu | ||||
Bunaíodh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha[1] (GCB; aitheanta as Béarla mar Fundamental Rights Agency (FRA)) le Rialachán ón gComhairle (CE) 168/2007 ar an 15ú Feabhra 2007, agus cuireadh i bhfeidhm í ar an 1d Márta an bhliain úd. Tá a ceanncheathrú suite i Vín, an Ostair.
Mandáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gníomhaireacht an AE í an GCB, atá curtha de chúram uirthi "dáta ar cearta bunúsacha a bhailiú agus a anailísiú, i gcomhthéacs gach ceart atá le fáil sa Chairt". Le fírinne, tá béim ar ábhair atá faoi réir dlí an AE".[2] Sainmhínítear naoi n-ábhar ag cinneadh ón gComhairle 252/2013/EU an 11d Márta 2013, mar a leanas:
- rochtain ar an gceartas
- íospartaigh coireachta
- an tsochaí faisnéise
- imeascadh na Romach
- comhar breithiúnach
- cearta an linbh
- leithcheal
- inimirce
- ciníochas agus seineafóibe.
Níl mandáid ag an nGCB chun idirghabháil a dhéanamh i gcásanna áirithe ach ina ionad sin iniúchadh a dhéanamh ar ceisteanna agus treochtaí leathana. Is iad modhanna oibre na GCB ná suirbhéanna; tuairiscí; tacaíocht le forais, ballstáit agus tíortha is iarrthóirí an AE; agus feachtais chun daoine a chur ar an eolas faoi chearta bunúsacha.[3]
== Stair I dtosach báire, bunaíodh an Coimisiún um Chiníochas agus Seineafóibe (CCS) sa bhliain 1994. D'éirigh an ghníomhaireacht ina Lárionad Eorpach um Fhaireachán ar an gCiníochas agus ar an tSeineafóibe (LEF) i mí Meithimh 1998, nuair a tugadh mandáid níos leithne dó.[4] le ceanncheathrú i Vín. Tháinig an GCB i gcomharba ar an LEF sa bhliain 2007.[5][6]
Mar sin féin, ní raibh gach éinne ar aon tuairim go raibh gá ann san AE do ghníomhaireacht um chearta bunúsacha, i bhfianaise go raibh cearta daonna cheana féin ina bpríomhbheartas Comhairle na hEorpa (CnE), agus gach ballstát den AE ina bhall den eagraíocht úd.[7][8][9]
Foilsiúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó thús, tá suirbhéanna déanta agus tuairiscí foilsithe ag an GCB, atá ar fáil ar líne. Seo a leanas roinnt dóibh ar a thug breathnóirí eachtracha aird shuntasach orthu.
- Suirbhé: Foréigean in aghaidh na mBan.
- Dlí an Liotuáine um Chosaint do Mhion-aoisigh
- Suirbhé: EU-MIDIS (Mionlaigh agus Leithcheal — AE-MILIC)
- Suirbhé: Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach
- Suirbhé: Roma
- Tuairisc: Sainmhíniú Oibre ar an bhFrithsheimíteachas
- Tuairisc: Méadú ionsaithe frithsheimíteachasa san AE
- Tuairisc: Méadú ionsaithe Ioslamafóibeasa san AE tar éis 9/11
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Téarma: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha". IATE. Dáta rochtana: 2025-11-29.
- ↑ "Proposal for a Council Regulation establishing a European Union Agency for Fundamental Rights". an Coimisiún Eorpach Commission. Dáta rochtana: 23ú Iúil 2010.
- ↑ "Do Chearta san Aontas Eorpach". an Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 28ú Éagsúla 2015.
- ↑ Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 1035/97 an 2a Meitheamh 1997
- ↑ "Council Regulation (EC) No 168/2007 of 15 February 2007".
- ↑ "The European Fundamental Rights Agency comes into existence on 1 March 2007".
- ↑ Financial Times, 7. February 2005
- ↑ "EU gets fundamental rights agency". BBC News (2007-03-01). Dáta rochtana: 2016-02-17.
- ↑ "Immer mehr Agenturen: Die verrückte Behördenschwemme in der EU – DIE WELT". Die Welt. Dáta rochtana: 2016-02-17.