Jump to content

Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGníomhaireacht Eorpach um Chosaint
Sonraí
GiorrúchánEDA Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcommon foreign and security policy agency of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh12 Iúil 2004
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtKaja Kallas (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirJiří Šedivý (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Cuir in eagar ar WikidataKaja Kallas Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe140 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtComhairle an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+32-2-504-28-00 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineda.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

X: EUDefenceAgency Instagram: european.defence.agency LinkedIn: european-defence-agency Youtube: UCUne_ERNxfefdUJ7rkeoDHg Youtube: edaweb Flickr: 71445395@N03 Cuir in eagar ar Wikidata
Kortenberg building

Oibríonn Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC)[1] (Béarla: European Defence Agency (EDA)) le ballstáit den Aontas Eorpach laistigh den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC / CSDP). Bunaíodh an ghníomhaireacht ar an 12ú Iúil 2004, lonnaithe sa Bhruiséil, an Bheilg, in éineacht le comhlachtaí CBSC eile.

Tá Rúnaíocht an Bhuanchomhair Struchtúrtha (BCS / PESCO) cruthaithe as an GEC féin agus as an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS / EEAS), agus Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh. Go hiomlán, tá ann na fórsaí cosanta náisiúnta de 26 as 27 ballstáit den AE, ó bhí 2017 ann.[2]

Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ina cheannaire an GEC. Tugann sé a chuid tuairiscithe do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Bunaíodh an GEC ag an gComhairle chun tacú a thabhairt don Chomhairle féin agus dosna ballstáit den AE i réimse cosanta agus bainistíocht géarchéime, agus an obair sin a fhorbairt:[3]

  • féidearachtaí cosanta agus comhar míleata a thacú
  • tionscal cosanta a fhorbairt
  • comhairle a thabhairt ar beartais mhíleata.

Tá trí dhóigh ann ina ndéantar bainistíocht ar an ngníomhaireacht.[4][5]

Is é ceannaire an GEC ná ard ionadaí an AE, Kaja Kallas faoi láthair. Tá an ceannaire freagracht as feidhmiú na heagraíochta agus tá sé ina cathaoirleach ar an mbord stiúrtha. Ba é Javier Solana a bhí ina chéad cheannaire idir na blianta 2004 - 2009.

Bord Stiúrtha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Bord Stiúrtha an GEC an comhlacht a dhéanann cinntí ar son na gníomhaireachta. Tá ann mar bhaill ar an mbord ná airí cosanta Board is composed of the defence ministers of participating na mballstát, i dteannta le hionadaí ón gCoimisiún Eorpach agus ceannaire an GEC féin ina chathaoirleach.[3] Tá an bord freagrachta as tionscadail amhail is an Future Transport Helicopter.[6][7]

Príomhfheidhmeannach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an príomhfheidhmeannach, ceaptha ag an ardionadaí, freagracht as maoirseacht agus bainistíocht na foirne ó lá go lá.[8]André Denk,[9] (ceaptha Bealtaine 2025) sa phost faoi láthair.

Stiúrthóireachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In mbliain 2019 i leith, tá ceithre stiúrthóireacht an dá ghníomhaireacht:

  • Sineirgí & Cumasóirí Tionscail
  • Féidearacht, Armáil & Pleanáil
  • Taighde, Teicneolaíocht & Nuálaíocht
  • Seirbhísí Corparáideacha

Faigheann an GEC a cuid airgeadais óna baill mar chion dá n[Ollioncam Náisiúnta]] (OIN). Tá trí chuid ann sa bhuiséad le haghaidh chostais oibriúcháin: ginearálta; do thograí ad hoc; agus mar thoradh ioncaim sa bhreis. Maoinítear tograí ar leith le hairgead eile.

Sa bhliain 2022, bhí buiséad iomlán de thuairim is €150. Ina dhréacht sin bhuiséad don tréimhse 2021–2027, dháil an Coimisiún €27.5 billiún i gcomhair cosanta agus slándála.[10]

Le déanamh
Suaitheantas an Ghrúpa Armálacha Iarthar na hEorpa, réamhtheachtaí amháin den GEC

Doiciméad 32015D1835, Council Decision (CFSP) 2015/1835 of 12 October 2015 defining the statute, seat and operational rules of the European Defence Agency (recast).

Gaoil le tíortha lasmuigh den AE

[cuir in eagar | athraigh foinse]

██ Baill den EU agus an GEC

██ Tíortha neamh-EU le rogha-isteach don GEC

Shínigh an GEC Socruithe Riaracháin leis an Iorua (2006),[11] an Eilvéis (2012), an tSeirbia (2013), an Úcráin (2015) agus an Stáit Aontaithe Mheiriceá (2023), a thug cead dóibh siúd bheith páirteach i dtograí agus cláir an GEC ach amháin gan chearta vótála. Tá ceannaire na gníomhaireachta freagracht as BBB na Riarachán, de réir treoracha an Bhoird Stiúrtha, agus faomhaithe ag an gCoimisiún.[12]

Nuair a d'fhág an an Ríocht Aontaithe (RA) an AE a bhliain 2020, ní dhearnadh aon trácht ar an GEC. Níl anois san AE ach an Fhrainc gur féidir oibríochtaí míleata a dhéanamh.[13] Tá conradh cosanta i réim fós idir an RA agus an Fhrainc, Comhfhórsa Sluaíochta Aeir, Mara agus Talaimh, ag oibriú nó go déthaobhach nó trí ECAT, an AE nó socruithe comhghuaillíochta eile. Ar an 6ú Deireadh Fómhair 2022, d'éirigh an RA ina ball den togra soghluaisteachta míleata laistigh den BHuanchomhar Struchtúrtha an AE. [14]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Téarma: Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint". IATE. Dáta rochtana: 28-01-2026.
  2. "Permanent Structured Cooperation: An Institutional Pathway for European Defence". Dáta rochtana: 6ú Feabhra 2019.
  3. 1 2 "EDA : Background". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Meitheamh 2007. Dáta rochtana: 3ú Meitheamh 2007.
  4. "SCADPlus: European Defence Agency". Dáta rochtana: 3ú Meitheamh 2007.
  5. "Eagraghram". GEC.
  6. "Rüstung: EU beschließt Bau von Helikopter". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-16. Dáta rochtana: 2018-01-23.
  7. "EDA and Commission to work closely together on research". eda.europa.eu. Dáta rochtana: 2018-01-23.
  8. "Chief Executive". eda.europa.eu. Dáta rochtana: 6ú Feabhra 2019.
  9. "EU Member States appoint André Denk as new EDA Chief Executive". EDA. Dáta rochtana: 2025-06-01.
  10. "EU defence spending about integration, not military capability – Conservative MEPs". conservativeeurope.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-20. Dáta rochtana: 6ú Feabhra 2019.
  11. "Norway and the EU". norway.no. Dáta rochtana: 6ú Feabhra 2019.
  12. "Member States". eda.europa.eu. Dáta rochtana: 6ú Feabhra 2019.[nasc briste go buan]
  13. "The EU's Prospects for International Influence Post-Brexit: What Next for European Defence Integration?, Anna Sophie Kirchmayr". TEPSA - Trans European Policy Studies Association (19ú Lúnasa 2022). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-22. Dáta rochtana: 2026-01-29.
  14. "UK-France Defence Co-operation Treaty announced" (2a Samhain 2010).