Gníomhaíocht optúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumas atá ag ábhair ar leith plána polaraithe solais a rothlú nuair a fhorleathann solas polaraithe tríothu. Braitheann an oiread rothlaithe ar thiús an ábhair a bhforleathann an solas tríd. Is ábhair ghníomhacha iad siúcra, grianchloch is tuirpintín. Ábhair a rothlaíonn an plána go deiseal (agus tú ag féachaint ar feadh an léis i dtreo na foinse), deirtear gur deasrothlach iad. Ábhair a rothlaíonn an plána go tuathal, is tuathrothlach iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gníomhaíocht optúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 325.