Gluais de théarmaí seoltóireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ag seo téarmaí seoltóireachta a bhaineann le longa adhmaid agus le báid.

Ní bhíodh de cheangal idir Éire agus tíortha eile ach na longa, agus tá Éire féin lán de lochanna agus d’aibhneacha. Fágann seo go bhfuil an teanga breac le téarmaíocht seoltóireachta agus loingseoireachta agus cuid di tugtha isteach ón Lochlainnis agus ón mBéarla trí lonnaitheoirí ón iasacht.

Tá tagairt déanta in Adamnani Vita S. Columbae (“Beatha Cholm Cille”), saothar Laidine de chuid an 7ú haois, do “longa fada” a bhí déanta d'adhmad giúise agus d'adhmad darach agus do choití agus do churacha a thug adhmad chun Oileán Í chun soithí a thógáil.[1] Nuair a chuir na Lochlannaigh fúthu in Éirinn sa 9ú haois bhunaigh siad bailte móra ar an gcósta agus lean siad orthu ag déanamh a gcuid long féin. I measc na bhfocal a thug na Lochlannaigh don Ghaeilge tá ancaire <akkeri, scód <skaut agus stiúir <stýri.

Bhí trádáil mhara ar siúl ag na hÉireannaigh ar feadh na meánaoiseanna agus longa ag dul siar is aniar idir Éire, Sasana agus áiteanna eile: faoin 15ú haois bhí ceannaithe i mBriostó agus in Chester ag trádáil le Port Láirge, Loch Garman, Cionn Sáile, Corcaigh agus Baile Átha Cliath.[2] Bhí iascaireacht mhara ar siúl timpeall chósta na hÉireann riamh agus tá úsáid éigin á baint as an bpúcán agus as an gcurach fós. Théadh báid Éireannacha chomh fada le Talamh an Éisc.

Bhíodh Éireannaigh ina mairnéalaigh ar longa Sasanacha agus Meiriceánacha, agus admhaíodh i ndeireadh an 18ú haois go raibh na táinte acu le fáil i gCabhlach na Breataine.[3]

Ón stair seo a d’eascair na téarmaí seoltóireachta atá le fáil thíos.

Trá agus farraige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Göke (1495), long cheannais Kemal Reis, aimiréal Turcach

Bristeach fir1, gu: bristigh, iol: bristeacha nó bristí – tonnta móra coipthe a bhriseann ar an gcósta. Breakers.

"Bristeacha le taobh an chladaigh" – Breakers along the shore
"Bristí romhainn!" – Breakers ahead!

bain4 – ardán adhmaid nó caladh cuain a shíneann amach san fharraige mar áit díluchtaithe agus feistithe ag báid nó ag longa. Quay, wharf, pier, jetty.

Ceann fir1 cé – an pointe is faide amach de ché. Pier-head.

Caladh fir1 – áit chun teacht i dtír. Landing place.

Caladh fir1 cuain – cé. Pier, jetty.

Clagfharraige bain4 – farraige atá corraithe nó coipthe. Lumpy, choppy sea.

Lag fir1 trá – an leibhéal taoide is ísle. Low tide.

Lamairne bain4 – cé bheag, caladh beag. Jetty, landing.

Lán fir1 trá – an leibhéal taoide is airde. High tide.

Maoltaoide fir4 – uisce ciúin den saghas a bhíonn ann nuair a chasann an taoide agus lag trá ann. Slack water.

Mórtas fir1 farraige – tonnta a bhfuil oibriú mór iontu; farraige shuaite nó bhainte. Swell.

Taoide fir4 – ardú agus ísliú na farraige de bharr tharraingt na gealaí agus na gréine. De ghnáth bíonn dhá lán mara agus dhá lag trá ann gach lá gealaí. Tide.

Cabhail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Adharc bain2 an gheaifil – ladhar i sáil an gheaifil a ligeann dó siúd greim a fháil ar an gcrann. Jaw.

Barr – tairne a bhualadh isteach ón taobh amuigh de chlár agus a bharr a bhualadh ar ais ar an taobh istigh. Clinch/clench.

Barrchaidhp bain2 – clúdach adhmaid os cionn na gunaile a chlúdaíonn na strácaí uachtair, an fráma agus na maidí ceangail/rungála. Capping.

Bíoma fir4 rungála – clár a théann ar fhad na deice go dtí haiste, etc.. Carling.

Buinne fir4 – maide a nascann na heasnacha feadh an stráca uachtair. Wale, inwale.

Bulcaid – spiara i gcabhail soithigh. Bulkhead.

Bun fir1 baill – an ceann tosaigh den chíle. Forefoot.

Caipín fir4 na stiúrach – barr an phosta stiúrach. Rudderhead.

Calc – siúnta a shéalú le hócam agus pic leáite. Caulk.

Ceannphláta fir4 an chrainn íochtair – pláta iarainn atá ceangailte de bharr crainn íochtair agus méara (cróbhloic) nasctha leis chun rigín an chrainn uachtair agus barra na scriútaí meáneasnacha a dhaingniú. Futtock plate.

Ceap fir1 ancaire – clár adhmaid a iompraíonn ancaire lasmuigh den ghualainn. Cat.

Ceap fir1 treo – bonn láidir a bhfuil bun an chrainn suite air. Mast step.

Ceivil bain2 – bíoma a ghobann thar taobh amach mar áit feistithe. Cavil.

Cíle bain3 – bíoma fada ar a fhad faoi bhun soithigh agus maidí ceangailte de. Keel.

Cílbhanna fir4 – bíoma ar a fhad os cionn na cíle lena daingniú. Keelson.

Clár fir1 boinn – féach clár scriútaí.

Clár fir1 ancaire – clár fána ar chúl na croiche ancaire. D’iompraíodh sé bosa na seanancairí. Billboard.

Clár fir1 scriútaí – clár cothrom ar an taobh amuigh den long chun na scriútaí íochtair a leathadh. Chain wale/channel.

Cléata fir4 – crúca ar dhealramh T a gceanglaítear áilléir, táclaí, téada feistithe etc. de. Cleat.

Clinse fir4 – cláir rádail agus iad daingnithe le tairní barrtha. Clinker.

Croch bain2 – deiric nó craein bheag chun báid, ancairí agus eile a thógáil. Davit.

Croch bain2 ancaire – ceap adhmaid a iompraíonn ancaire. Cathead.

Creatlach bain2 – fráma agus é déanta de na heasnacha agus den chíle. Frame.

Cuitéir fir4 - bád a bhfuil seol cleithe uirthi, in éineacht le barrsheol, seol tosaigh agus jib. Cutter.

Cuntar – an chuid den deireadh a shíneann siar os cionn an uisce. Counter.

Deireadh fir1 - an chuid is faide siar den soitheach. Stern.

Chuaigh sí síos ar lorg a deiridh. She went down by the stern.

Dual fir1 – pionna adhmaid a úsáidtear in áit tairne. Trenail.

Earrainne bain4 – an chuid den tosach atá os cionn an uisce. Cutwater.

Easna bain2 – maide a théann síos ón deic i leith na cíle mar chuid den fhráma. Rib.

Fáschíle bain4 – bíoma fada atá leagtha os cionn na cíle. False keel.

Fásghunail bain2/garda fir4 – stráca a chosnaíonn an chabhail ar chuimilt na cé. Rubbing strake.

Cuitéir faoi sheol geaifil.

Fuiteac fir4 – féach meáneasna.

Géarmhaidí fir4 – maidí i dtosach agus ndeireadh loinge agus iad ar fiar leis an gcíle. Cant frames.

Gualainn bain2 – an taobh is faide ar aghaidh den chabhail. Bow.

Gustún fir1 – lúb ar thransam a bhfuil pionna stiúrach sáite inti. Gudgeon.

Halmadóir fir3 - maide atá feistithe ar phosta stiúrach chun an stiúir a chasadh. Tiller.

An halmadóir a shá fút ar fad – é a chasadh chomh fada i leataobh agus is féidir leat. Put the tiller hard over.

Ladhar bain3 an gheaifil – féach adharc an gheaifil.

Líméar fir1 - poill i gclais sa chreatlach agus san urlár mar a gcruinníonn uisce chun go dtaoscfar le caidéal é. Limber.

Lispin fir4 crainn – pionna mór adhmaid i sáil an chrainn bhairr. Fid.

Lorga bain4 ancaire - lann ar ghéag ancaire. Shank.

Luiseag bain2 - féach lorga.

Maide fir4 - bíoma a théann síos ón ngunail go dtí an ruma nó an chíle. Déanann roinnt maidí creatlach. Rib.

Maide fir4 stiúrach - tiller: féach halmadóir.

Marbhéirí fir4 - an uillinn a dhéanann na cláir íochtair leis an gcothromán. Deadrise.

Meáneasna bain4 – maide cuar atá ina chuid íochtair d’easna. Futtock.

Míndéanta - cláir chabhlach atá ar chothrom a chéile. Carvel.

Naprún fir1 - píosa adhmaid atá le fáil taobh thiar den tosach agus a bhfuil ceann tosaigh na gclár ceangailte de. Apron.

Pionna fir4 stiúrach – pionna ar stiúir atá sáite i ngustún chun go gcasfadh an stiúir. Pintle.

Planc fir1 fuiteac - planc i dtóin na broinne, in aice an chílsin. Futtock plank.

Posta fir4 stiúrach - posta ar chiumhais tosaigh na stiúrach. Rudderpost.

Ráille fir4 béalbhaí – ráille timpeall crainn chun pionnaí ceangail a choinneáil. Fiferail, pinrail.

Ráille fir4 bun crainn – féach ráille béalbhaí.

Rangás fir1 – stráca caol atá ina theanntán ar fhad na loinge. Stringer.

Ruma fir4 - áit a dtagann an fráma, an mheáneasna agus an clár uachtair le chéile; an áit is ísle a síothlaíonn uisce. Bilge.

Rungáil bain3 sparrach – maidí ar fhad na loinge atá ina gcuid de chreatlach na deice. Carlings.

Sail bain2 - píosa tiubh adhmaid trasna na deice agus é ceangailte den chreatlach nó de na maidí ceangail. Beam.

Sáil bain2 - sáil crainn, cíle nó stiúrach. Heel.

Seanal fir1 - féach clár scriútaí.

Stiúir bain5 - lián ingearach ar mhaighdeog ag deireadh báid nó loinge agus é faoi smacht halmadóra nó rotha. Rudder.

Stopadóir fir3 crúcach – ladhar agus scriúnasc ar shlabhra ancaire chun an t-ancaire a choinneáil sa hásphiopa. Devil’s claw.

Stráca fir4 – ceann de shraith clár ar thaobh loinge. Strake.

stráca íochtair – an stráca is gaire don chíle. Garboard strake.
stráca uachtair – an stráca is airde ar an gcabhail. Sheer strake, saxboard.

Taca fir4 tochta – taca a iompraíonn tochta. Rising.

Teanntán fir1 crann seoil – píosa adhmaid a thacaíonn le crann os cionn ceap treo. Mast fish.

Tile fir4 deiridh – urlár atá siar ón tochta deiridh. Poop.

Tile fir4 tosaigh - urlár os comhair an phríomhthochta. Foresheets.

Tochta fir4 – suíochán nó maide trasna loinge nó báid. Thwart.

tochta deiridh
tochta láir
tochta crainn, seoil
tochta tosaigh

Tosach fir1 – gob soithigh. Stem, prow.

Tosach le farraige - aghaidh an tsoithigh ar na tonnta. Head to wind.
Soitheach agus a tosach fúithi - an chuid tosaigh de shoitheach a bheith tumtha san fharraige. Down by the head.

Transam fir1 – deireadh soithigh, é déanta de chlár nó de roinnt clár agus é ingearach nó beagnach ingearach. Áit a mbíonn an stiúir. Transom.

Treorán fir1 - ding a dtugtar téada feistithe tríthi chun na ceivile; píosa cruinn adhmaid ar deic agus poll ann chun scód a threorú chun cléata. Fairlead.

Uchtán fir1 – glúine tiubha trasna an taoibh istigh de thosach báid nó loinge idir na bindeanna chun an tosach a neartú. Cuma thriantánach air, a bheag nó a mhór. Breast-hook.

Urlár fir1 - bíomaí a nascann bun na bhfuiteacaí clé agus deasa le chéile. Floor.

Seol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Flying Fish, clipéar Meiriceánach faoi choirneoga agus sheol geaifil.

Aighre bain2 - téad atá fite i gciumhais seoil ar eagla go stróicfí an canbhás. Bolt rope.

Coirneog bain2 – seol cearnógach. Square sail.

coirneog íochtair. Lower (square) sail.
coirneog uachtair. Upper (square) sail.

Cringleach fir1 – fáinne téide in aighre seoil. Cringle.

Cringleach fir1 scód coirneoige. Bowline cringle.

Jib bain2 – seol cinn. Jib.

Leithead fir1 tosaigh – an chiumhais den seol is gaire don ghaoth. Luff.

Leithead fir1 deiridh – an chiumhais den seol is faide ón ngaoth. Leach.

Píce fir4 – an cúinne uachtair de sheol atá ceangailte de gheaifil nó de shlat atá crochta ar fiar ar an gcrann. Peak.

Ribín fir4 cluaise – láinnéirín atá ceangailte de chluas seoil. Clew gasket.

Seol fir1 – éadach a úsáidtear chun neart na gaoithe a ghabháil agus atá ceangailte de chleith etc.. Sail.

Seol fir1 cleithe – seol ceathairshleasach gan bhumaile a bhfuil a íochtar níos leithne ná a bharr. É ceangailte de chleithe atá crochta ar fiar. Lugsail

Macasamhail loinge Lochlannaí.

Seol fir1 cleithe seasta - seol ceathairshleasach gan bhumaile a bhfuil a íochtar níos leithne ná a bharr. É ceangailte de chleithe atá crochta ar fiar agus an taca feistithe i ngar don chrann. Standing lug.

Seol fir1 cinn – seol triantánach atá feistithe chun tosaigh ón gcrann tosaigh. Jib.

mórsheol fir1 cinn – an seol cinn is mó agus is gaire don chrann. Main jib.
eiteagán fir1 – an seol cinn is faide ar aghaidh. Flying jib.

Seol fir1 deiridh – seol ar fhad na loinge ar an gcrann deiridh. Mizzen sail.

Seol fir1 geaifil - seol ceathairshleasach ar fhad loinge. Tá taca agus trót an tseoil ceangailte den cheann den gheaifil is gaire don chrann, agus an cluaisín agus an stuaic ceangailte den cheann amuigh. Tógtar an seol le háilléar píce agus le háilléar tróit. Gaff sail.

Seol fir1 lug - féach seol cleithe.

Seol fir1 mór – an seol is mó atá ar chrann. Mainsail.

Seol fir1 púcáin - seol cleithe gan bhumaile. Caithfear an tslat a tharraingt timpeall an chrainn agus bordáil á déanamh, mar a leanas: an háilléar a scaoileadh; an taca a scaoileadh; an tslat a thabhairt síos go dtí go bhfuil sí ina seasamh agus a stuaic ar an deic; an téadán cluaise a bhaint den scód agus an seol a thabhairt timpeall an chrainn. Ansin déantar an scód a nascadh, an háilléar a aistriú, an tslat a thógáil arís agus an stuaic ag dul in airde, an taca a athnascadh agus an háilléar a theannadh. Dipping lug.

Seol fir1 spreoide - coirneog a bhíodh á hiompar ar shlat faoi lár an bhuma jibe ar longa anuas go dtí an 19ú haois. Spritsail

Spangaire fir4 – seol fad loinge ar an gcrann deiridh. Spanker.

Tácla fir1 cluaise – tácla atá ceangailte de fhrídeoir chun cluas an tseoil a tharraingt aníos. Clew garnet.

Leagan amach na seolta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagan amach na seolta

Is beag nach féidir bunphatrún na seolta ar gach crann a dhéanamh amach ó phatrún na seolta ar an gcrann mór:

Crann mór

Coirneog bain2 mhór – an choirneog is ísle. Main course.

Barrsheol fir1 mór – an dara coirneog is ísle. Main topsail.

barrsheol mór íochtair. Main lower topsail.
barrsheol mór uachtair. Main upper topsail.

Seol fir1 mór mullaigh – an choirneog atá os cionn an bharrsheoil. Main topgallent.

Rísheol fir1 mór – an seol is airde. Royal.

Staghsheol fir1 mór – seol triantánach atá feistithe ar an stagh mór. Main staysail.

Seol fir1 (mór) geaifil. Main gaffsail.

Crann cinn

Coirneog bain2 chinn – an choirneog is ísle. Fore-course.

barrsheol cinn íochtair. Main lower topsail.
barrsheol cinn uachtair. Main upper topsail.

Seol fir1 cinn mullaigh. Main topgallent.

Rísheol fir1 cinn. Royal.

Staghsheol fir1 mór – seol triantánach atá feistithe ar an stagh cinn. Main staysail.

Staghsheol fir1 an chrainn bhairr chinn – seol triantánach atá feistithe ar stagh an chrainn bhairr chinn. Fore-topmast staysail.

Seolta an chrainn deiridh

Seol fir1 an chrainn deiridh/seol beag – coirneog ar an gcrann deiridh. Mizzen (sail).

barrsheol íochtair an chrainn deiridh. Main lower topsail.
barrsheol uachtair an chrainn deiridh. Main upper topsail.

Seol fir1 mullaigh an chrainn deiridh. Main topgallent.

Rísheol fir1 an chrainn deiridh. Royal.

Seol fir1 deiridh laidineach – seol triantánach ar shlat atá crochta ar bharr crann íseal. Mizzen lateen.

Seol fir1 deiridh cleithe. Mizzen lug.

Jibeanna

Eiteagán fir1 – an jib is faide amach. Flying jib.

Jib bain2 amuigh. Outer jib.

Jib bain2 istigh. Inner jib.

Mórsheol fir1 cinn. Main jib.

Crainn agus sparraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banda fir4 fuiteac - banda iarainn timpeall an chrainn íochtair, é cothrom leis an tslat íochtair agus coiléar na slaite ceangailte de. Daingníonn sé bun na scriútaí meáneasnacha. Futtock band.

Bobstagh fir4 - téad/sreang/slabhra a ritheann ó bharr an chrainn spreoide go dtí an taobh tosaigh den tosach ag an tslat. Bobstay.

Boghspriot fir4 – féach crann spreoide.

Bum fir3, bumaile fir4 - slat a choinníonn íochtar seoil teann agus a bhfuil an ceann istigh di ceangailte de chrann. Boom.

Bum fir3 spangaire – bumaile atá ceangailte d’íochtar spangaire. Spanker boom.

Ceannphláta fir4 an chrainn íochtair - pláta iarainn timpeall bharr an chrainn íochtair. Ceann íochtair rigín an bharrchrainn agus ceann uachtair na scriútaí meáneasnacha ceangailte de. Futtock plate.

Cleith bain2 scóide - bumaile gearr atá ag gobadh amach ón deic chun frídeoirí an téadáin mhóir slaite a cheangal nó chun ciumhais íochtarach an tseoil tosaigh a shíneadh amach. Boomkin, bumkin, outlicker.

Cleith bain2 uachtair – geaifil seoil.

Coiléar fir1 – fáinne chun slat a tharraingt isteach leis an gcrann. Téad ar a chúl agus í ag rith síos chun na deice. Parrel, truss.

Crann fir1 – cuaille nó cleith ingearach chun slata nó rigín a iompar. Mast.

Crann fir1 bairr – an crann atá díreach os cionn an chrainn íochtair agus arb é an crann is airde é le rigín fad loinge. Topmast.

Crann fir1 cinn – an crann is gaire don tosach. Foremast.

Crann fir1 deiridh – an crann is faide siar i long trí chrann. Mizzen mast.

Crann fir1 mór – príomhchrann báid nó loinge a bhfuil dhá chrann nó níos mó inti. Mainmast.

Crann fir1 mullaigh – an crann atá díreach os cionn an chrainn bhairr. Topgallant mast.

Crann fir1 spreoide - slat atá ag síneadh amach ón tosach agus taca na jibe ceangailte di. Bowsprit.

Crannóg bain2 – léibheann thuas ar chrann le haghaidh fear faire. Crow’s-nest.

Geaifil fir4 – bumaile atá crochta siar ón gcrann agus seol fad loinge air. Ladhar agus teanga air. Gaff.

Giordán – féach slat .

Gúsnaic fir4 – alt uilíoch i sáil bumaile. Gooseneck.

Lúb bain2 chleithe - fáinne timpeall crainn agus téad ceangailte de ar a chúl atá ag rith síos go dtí an chrannóg nó an deic: ar an dóigh seo is féidir an lúb a theannadh nó a scaoileadh. Truss-parrel.

Rádal fir1 – an áit a luíonn an crann íochtair agus an crann uachtair thar a chéile idir na garmana crainn. Doubling.

Rámh fir3 – sáfach fada agus lann air a thumtar san uisce chun bád a chur ag imeacht. Oar.

Rige fir4 geaifil – slat ar crochadh laistiar de chrann agus seol ceathairshleasach air. Gaff rig.

"Fifie" - bád iascaireachta de chuid de hAlban a bhfuil seol púcáin ar an gcrann mór agus seol púcáin seasta ar an gcrann deiridh.

Rige fir4 púcáin – slat ar crochadh laistiar de chrann, seol ceathairshleasach gan bhumaile uirthi agus í in ann bogadh timpeall an chrainn. Dipping lug rig.

Scrogall fir1féach gúsnaic.

Sparra fir4 – cleith a úsáidtear mar shlat, geaifil etc.. Spar.

Sparra fir4 deilfe - sparra gearra ingearach faoin mbum jibe a shíneann saorscód an sparra deilfe agus a chúitíonn claonadh an bhuma jibe chun ardú. Dolphin striker.

Sparra fir4 lochlannach – beitass, nó slaitín a choinníonn cúinne seoil sínte amach.

Rigín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rigín seasta
Rigín seasta ar long chearnógach (ar clé) agus é ag daingniú crainn a bhfuil trí chuid ann: crann íochtair, crann bairr, and crann mullaigh (ar dheis). Déanann na scriútaí taca le gach cuid go taobhach agus déanann na staghanna taca leo fad loinge.

Coiléar fir1 stagh – fáinne téide ar bharr crainn a chosnaíonn na staghanna ar chuimilt na ngarmana crainn. Collar.

Cróbhloc fir1 - frídeoir cruinn a bhfuil banda téide nó miotail ina thimpeall agus trí pholl ann le haghaidh láinnéir. Tá sé sin nasctha leis na poill i gcróbhloc eile mar thácla chun scriútaí agus staghanna a choinneáil teann. Tá an cróbhloc uachtair nasctha le bun scriúta agus an ceann íochtair nasctha leis an gceannphláta. Deadeye.

Cúlstagh fir4 - téad atá ag dul ó bharr crainn go dtí an post deiridh nó go dtí an trasnán. Má théann an bumaile thar trasnán amach, baintear feidhm as péire cúlstaghanna atá ceangailte de chúinní an trasnáin agus táclaí orthu. Backstay.

Iarann fir1 scriúta – slabhra nó slat iarainn a cheanglaíonn an mhéar den chabhail. Chainplate.

Lúbóg bain2 - píosa téide nó miotáil atá socraithe chun go gceanglófaí téad de. Becket.

Pláta scriúta – féach iarann scriúta.

Scód fir1 coirneoige – féach téad ghraidhpe.

Scriúta fir4 – téad láidir a thacaíonn le taobh an chrainn. Shroud.

Scriútaí fir4 meáneasnacha – scriúta a ritheann ó imeall na crannóige síos chun ball ar an gcuid uachtair den chrann nó ar na scriútaí íochtair agus a dhaingníonn na scriútaí a éiríonn ó imeall na crannóige suas. Futtock shrouds.

Seac fir1 – treorán i mbéalbhach nó i ráille le haghaidh hás. Chock.

Stagh fir4 – téad láidir a thacaíonn le crann ar fhad na loinge. Stay.

stagh tosaigh. Forestay.
cúlstagh. Backstay.

Téad bain2 ghraidhpe - téad atá ceangailte de chiumhais na gaoithe de choirneog chun an chiumhais a choinneáil teann. Bowline.

Téadán fir1 pléimeannach – coistéad gearr ag ceann slaite. Flemish horse.

Teanntóg bain2 scriútaí – téad ghearr a theannann na scriútaí isteach leis an gcrann chun nach mbacfaidís na slata. Catharpin.

Rigín reatha
Lugair ó Étretat na Fraince

Bloc fir1 agus tácla – bloc/frídeoir agus téada áirithe a úsáidtear chun rudaí a thógáil. Block and tackle.

Bloc fir1 ulóige – féach frídeoir.

Bráille fir4 - téada a bhailíonn bun agus cúinní seoil aníos. Brails.

Ceannrópa fir4 - an chuid uachtair den aighre. Headrope.

Ceannrópa coirneog íochtair - láinnéar slaite coirneog íochtair. Course brace.

Cnó fir4 fáinne cleithe - ceann de na píosaí cruinne adhmaid a éascaíonn gluaiseacht an fháinne chleithe. Parrel truck.

Cuibhreach fir1 – téad a úsáidtear chun rud atá á thógáil a choinneáil socair. Guy tackle.

Fáinne fir4 cleithe - fáinne téide gan dlús a nascann cleith agus crann le chéile. Is féidir an chleith a ligeann aníos agus anuas an crann dá bharr. Parral, parrel.

Frídeoir fir3 – bosca a bhfuil ulóg nó ulóga ann. Block.

Háilléar fir1 - téad chun seolta, slata etc. a thógáil. Halyard.

Háilléar fir1 píce – háilléar atá ceangailte den gheaifil lena thógáil. Peak halyard.

Háilléar fir1 teap an gheaifil mhóir – téad a úsáidtear chun barr an gheaifil a thógáil. Main gaff topping lift.

Háilléar fir1 tróit – téad a thógann an ceann den gheaifil is gaire don chrann. Throat halyard.

Hás fir4 - poll sa tosach le haghaidh cábla ancaire nó cábla feistithe. Hawse.

Láinnéar fir1 slaite – téad atá ceangailte de cheann slaite chun an tslat a chlaonadh mar is cuí. Brace.

Láinnéar fir1 cleithe – tácla láidir a úsáidtear chun barr an gheaifil nó an bhumaile a thógáil. Lift.

Saorscód fir1 an sparra deilfe - slabhra nó cábla ag rith ó cheann an bhuma jibe go dtí an sparra deilfe chun tarraingt an rigín sheasta a chúiteamh. Martingale.

Scód fir1 – téad atá ceangailte de chluas seoil ar thaobh na fothana. Sheet.

Síobh fir3 – roth eangach: féach ulóg. Sheave.

Stríocán fir1 – téad a úsáidtear chun slat nó seol a tharraingt síos. Downhall.

Taca fir4 - téad atá ceangailte de chluas seoil ar thaobh na gaoithe. Tack.

Tácla fir4 – na téada agus na frídeoirí a úsáidtear chun long a ainliú; téad a ritheann thar shíobh nó thar roinnt síobh. Tackle.

Tácla fir4 ancaireachta, grinnill – téada agus fearas eile a bhaineann leis na hancairí nó a úsáidtear chun feistiú a dhéanamh. Ground tackle.

Tácla fir4 cleithe - comhghléas táclaí a úsáidtear chun slata troma a thógáil nó a chóiriú. Jeers.

Tácla fir1 rífeála – téad a ritheann ón deic go dtí barr an chrainn agus uaidh sin go dtí frídeoir eile ar shlat an tseoil uachtair, áit a bhfuil sé nasctha le láinnéirín rífeála a ritheann síos trí pholl sa tslat chomh fada le cringleach rífeála. Reef tackle.

Tácláil bain3 teannta – tácla a bhfuil frídeoir dúbailte air thuas agus frídeoir amháin air thíos. Luff tackle.

Téadán fir1 cluaise – téad a tharraingíonn cúinne (cluas) íochtair seoil. Clew line.

Téadán fir1 coirneoige – téad a tharraingíonn bun coirneoige suas chun na slaite. Í ag rith trí fhrídeoirí thuas agus anuas as sin thar bholg an tseoil chun na haighre. Buntline.

Téadán fir1 leithid - téad a tharraingíonn leithead coirneoige suas chun na slaite. Leech line.

Trót fir1 – an ceann istigh den gheaifil, an ceann is gaire don chrann. Throat.

Ulóg bain2 – roth atá feistithe i bhfrídeoir agus a bhfuil imeall eangach air chun téad a iompar. Pulley.

Veang fir4 – téad a dhaingníonn an chleith agus í ag síneadh ó phíce na cleithe síos go dtí an gunail nó go dtí crann. Vang.

Veang fir4 buma – téad a tharraingíonn an bumaile anuas. De ghnáth téann sí ó bhun an chrainn siar feadh an tríú cuid d’fhad an bhumaile. Ulóga ceangailte de. Boom vang, kicking strap.

Seoltóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pointí seoltóireachta. A. Idir dhá ghaoth (in éadan na gaoithe). B. Teann. C. Fairsing ar a bíoma. D. Fairsing ar a ceathrú. E. Ag imeacht le scód.

Ar an ngualainn dheas. On the starboard bow.

Ar an gceathrú dheas – i dtreo an chuid den long atá i leith an deiridh. On the starboard quarter.

Bain an ghaoth de - seol chomh mór sin in éadan na gaoithe go mbaintear an ghaoth den seol, a bheag nó a mhór. Luff.

Bain den ghaoth – seol i leith na gaoithe. Beat to windward.

Beaiceáil - seol a chasadh i dtreo go séidfidh an ghaoth ar an taobh eile de. Back (a sail).

Bog amach na seolta - ag iarraidh bád a mhoilliú trí na seolta a scaoileadh (agus a smut á cur sa ghaoth más gá). Slacken sail.

Bord fir1 - tamall de sheoladh i dtreo áirithe. Tack. Féach bordáil agus leathbhord.

Thógamar an charraig ar an gcéad bhord. We cleared the rock on the first tack.

Bordáil – bád nó long a chur ar mhalairt treo in éadan na gaoithe. Tack. Féach Leathbhord a thógáil/a chaitheamh.

Bordáil deisil – seoladh i dtreo na láimhe deise. On a starboard tack.

Buail chuige - seoladh i leith na gaoithe. Beat to windward.

Cas deiseal – cas i dtreo na láimhe deise. Turn to starboard.

Crap, corn – seol a bhailiú aníos agus a cheangal. Furl.

Cuir thart tóin le gaoth - bordáil a dhéanamh trí thosach loinge a chur thart nó go bhfuil sí tóin le gaoth agus í a chur chun na gaoithe arís ar an taobh eile. Wear ship

Cúlaigh - soitheach a chur ag bogadh siar. Back.

Chúlaigh sí amach. It (the boat) backed out.

Deasbhord fir1 – taobh na láimhe deise. Starboard.

Díreach in éadan/i súil na gaoithe. Head to wind.

Fairsing – seoladh i dtreo éigin roimh an ngaoth. Sailing large.

Fairsing ar a bíoma – an gaoth ag séideadh i dtreo thaobh an bháid. Beam reach.

Fairsing ar a ceathrú – an gaoth ag séideadh idir taobh agus deireadh an bháid. Broad reach.

Fairsing ar a gualainn – an ghaoth ag séideadh idir taobh agus tosach an bháid. Close reach.

Feistigh - soitheach a dhaingniú nó a shocrú ina háit le téad nó le hancaire. Berth, moor.

Bád a fheistiú as a deireadh - deireadh báid a shocrú le hancaire. Anchor by the stern.

Gaoth bain2:

Gaoth bhíoma - gaoth ar an mbíoma. Beam wind.
Gaoth cheathrúnach - gaoth ar an gceathrú. Quarter wind.
Gaoth chórach - cóir bain3. Fair wind.
Gaoth ghann - gaoth chinn. Head wind.
Gaoth thíre, thalún - gaoth ón tír: Bhí gaoth ón talamh orainn. Land-wind.

Grúntáil – doimhne na farraige a thomhas. Sound (depth), take soundings.

Céard é do dhoimhne/do ghrúnta? – Céard é toradh do thomhais? What were your soundings?

Idir dhá ghaoth – an bád in éadan na gaoithe agus gan cor aisti. In irons.

Imigh le scód – an bád ag rith roimpi. Running.

Jaidhbeáil - seol ar fhad loinge ag bogadh ó thaobh taobh nuair a bheireann cóir chúil ar an leithead deiridh. Gybe, jibe.

Leathbhord a thógáil/a chaitheamh - bád nó long a chur ar mhalairt treo in éadan na gaoithe. Tack. Féach bordáil.

Leathbhord, ar - ag seoladh i dtreo nua. On a tack.

Líon an stiúir - í a chasadh chomh fada i leataobh agus is féidir. Put the tiller hard over.

Lom isteach na seolta - socraigh na seolta chun gur féidir seoladh lom ar an ngaoth. Haul the wind.

Lufáil - seoladh chomh fada sin in éadan na gaoithe go mbaintear an ghaoth den seol. Luff. Féach Bain an ghaoth de.

Luigh amach ón talamh – an talamh a fhágáil i do dhiaidh. Bear off.

Luigh isteach le talamh – druidim i leith an talaimh. Bear in.

Rith cladaigh: tabhair rith cladaigh do bhád – bád a thiomáint i gcoinne an chladaigh. Beach (a boat).

Pinseáil - luff: féach seol gann ar an ngaoth.

Seol ar a bogha – seoladh ar aghaidh. Fore-reach.

Seol chun na gaoithe – seol i mbéal na gaoithe ach gan gluaiseacht an tsoithigh a mhaolú go rómhór. Sail to windward.

Seol díreach ar an aighre – seol díreach roimh an ngaoth. Straight before the wind.

Seol gann ar an ngaoth – seol beagnach i gcoinne na gaoithe. Luff.

Seol géar (lom) ar an ngaoth – cas an bád beagnach díreach i gcoinne na gaoithe. Point up into the wind.

Seol glan ar – coinneáil amach ó. Sail clear of.

Seol i súil na gaoithe - seol lom ar an ngaoth. Sail close-hauled.

Coinnigh i súil na gaoithe í!

Seol lom lán – seol roimh an ngaoth. Sail full and by.

Seoladh bog, seoladh cóir - seoladh réidh suaimhneach. Fair sailing.

Stad – an siúl a bhaint de bhád trí na seolta a chur ag oibriú i gcoinne a chéile, i.e. éadan seoil amháin ar a laghad a thabhairt ar an ngaoth agus seolta eile a chasadh i dtreo eile. Heave to.

Stiúir ar deasbhord – stiúir ar thaobh na láimhe deise. Starboard rudder.

Tá sí íseal ina diaidh - tá a deireadh tumtha san fharraige. Down by the stern.

Teann seol – scód a scaoileadh chun nach bhfaigheadh an ghaoth greim ar sheol. Luff a sail.

Tóg leathbhord – long nó bád a chur ag seoladh i malairt treo. Tack.

Trimeáil (truimeáil) - seol a athrú de réir na gaoithe. Trim (a sail).

Rámhaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mionsamhail de rámhlong Mháltach de chuid an 16ú haois.

An t-aon mhaide fir4: féach "maide stiúrach".

Bád fir1 rámhaíochta - bád a bhrúitear chun cinn le rámha. Row-boat.

Bád fir1 scaobtha: féach "Crann snámha".

Bos bain2 maide rámha - an chuid leata de rámh a thumtar san uisce. Blade of oar.

Buille fir4 rámha - buille de rámh san uisce. Oar stroke.

Cnoga fir4 ladhrach - ladhar atá ina thaca ag rámh agus é á úsáid. Oar crutch.

Coite fir4 - bád traidisiúnta Éireannach atá déanta d'aon chrann amháin. Cot, wherry.

Crann fir1 snámha - bád a bhfuil a cabhail déanta d'aon chrann amháin, agus feistiúcháin eile (fearacht suíochán) curtha léi go minic. Dugout (canoe).

Glamba fir4 - teanntán roillice a bhfuil greim aige ar rámh. Oar clamp.

Iomair (iomramh, iomartha) - bád nó long a choinneáil ag imeacht le buillí rámha. Row.

Leaba bain5 iomartha - rowlock: féach "roillic".

Maide fir4 claba - rámh atá feistithe i dteanntán. Clamped oar.

Maide fir4 stiúrach - rámh a úsáidtear i ndeireadh báid nó loinge mar ghléas stiúrtha. Steering oar.

Rámh fir3 - sáfach fada agus bos leata air chun bád a thiomáint. Oar.

Roillic bain2 - gléas ar ghunail báid a gcasann rámh air. Rowlock.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Adamnani Vita S. Columbae, Caibidil 46, “De ventorum flatibus contrariis venerabilis viri virtute orationum in secundos conversis ventos”: http://www.ucc.ie/celt/published/L201040/index.html: Prima vice cum dolatae per terram pineae et roboreae traherentur longae naves, et magnae navium pariter materiae eveherentur domus; beati viri vestimenta et libros, inito consilio, super altare, cum psalmis et jejunatione, et ejus nominis invocatione, posuimus, ut a Domino ventorum prosperitatem nobis profuturam impetraret. Quod ita eidem sancto viro, Deo donante, factum est: nam ea die qua nostri nautae, omnibus praeparatis, supra memoratarum ligna materiarum proposuere scaphis per mare et curucis trahere, venti, praeteritis contrarii diebus, subito in secundos conversi sunt.
  2. Richard Gorski, “Roles of the Sea: Views from the Shore,” in Gorski, Richard (eag.) (2012), Roles of the Sea in Medieval England, The Boydell Press, ISBN 978-1843837015, lgh 21-22.
  3. O'Callaghan, John Cornelius (1842), The Green Book, or, Gleanings from the writing-desk of a literary agitator, lgh 165-170: https://archive.org/details/greenbookorglean00ocal

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac Cárthaigh, Críostóir (eag.) (2008). Traditional Boats of Ireland. Cork: The Collins Press. ISBN 139781905172399

[1] Téarma.ie: foclóir ar líne a bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí seoltóireachta Gaeilge ann.

[2] Suíomh: 'Rigging explained'

[3] Curtha i gcartlann 2013-05-25 ar an Wayback Machine Maritime glossary 1814

[4] Falconer, William, An Universal Dictionary of the Marine, or, a Copious Explanation of the Technical Terms and Phrases employed in the Construction, ...of a Ship... London: Thomas Cadell, eagrán 1780.

[5] Biddlecombe, George (1848). The Art of Rigging. Charles Wilson.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Curach choirte na hAstráile

Long fhada na hÉireann