Jump to content

Gliofosáit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGliofosáit
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach169.014 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólenzyme inhibitor (en) Aistrigh, frithfhungasach agus oibreán díchúplála
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₃H₈NO₅P
SMILES canónta
Model 2D
C(C(=O)O)NCP(=O)(O)O
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.704 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite184.5 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe dianscaoilte187 °C Cuir in eagar ar Wikidata

Luibhicíd is ea an gliofosáit (nó Roundup, de chuid Monsanto, mar is fearr aithne uirthi).[1] Is í gliofosáit an fiailí ceimiceach is mó a úsáidtear ar domhan.

Úsáid sna Stáit Aontaithe
Roundup
"March Against Monsanto" agóid an-bheag i mBÁC, An Gairdín Cuimhneacháin, in 2015

Sláinte agus timpeallacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go bhfuil éifeachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha ag gliofosáit ar shláinte an duine, an oiread sin ionas tá cosc ar a úsáid go minic. Ní hamháin go bhfuil sé tocsaineach, éilíonn táirgeadh fiailí, cosúil le leasachán ceimiceach, breoslaí iontaise a dhó le haghaidh fuinnimh.[2] Tá an boladh chomh lofa sin go dtagann scornach nimhneach ort ar an bpointe boise.[3]

Dar leis na heolaithe, tá ceangal idir an ghliofosáit agus galair Alzheimer agus Parkinson, agus dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá sé ‘nach mór cinnte’ go bhfaigheann daoine bás le hailse dá bharr. Tá a fhios ag lucht fásta na mbláthanna san Ísiltír agus tá a fhios acu go rímhaith go bhfuil na trí ghalar sin an-choitianta sa cheantar na mbláthanna san Ísiltír, ach coinníonn siad orthu ag spraeáil mar a bheadh Dia á rá leo.[3] Tá dlíthíocht ar siúl ar fud an domhain in aghaidh Monsanto, maidir le liomfóma neamh-Hodgkin go hairithe.

Is é gliofosáit an luibhicíd sistéamach is forleithne a úsáidtear i gcoinne feabhrán capaill agus IAS[4] eile ach d'fhéadfadh sé a bheith coiscthe laistigh de na blianta atá romhainn agus, faoi láthair, níl aon roghanna eile ann ar féidir iad a úsáid go sábháilte in aice leis an uisce.[5]

San Aontas Eorpach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir feirmeoirí nach bhfuil aon dochar sa ghliofosáit. in 2024, chinn Coimisiún na hEorpa go gceadófar úsáid na nimhe san Aontas Eorpach go ceann deich mbliana eile.

Tá deireadh curtha ag Comhairlí Chontae na hÉireann le húsáid gliofosáite, is cosúil. agus cuireann siad deireadh le húsáid gliofosáite sa phobal a chur chun cinn

Féadfar Gliofosáit a úsáid ar bhealach rialaithe agus srianta chun Speicis Plandaí Coimhthíocha Ionracha a d’fhéadfadh bagairt a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht dhúchasach, ar shláinte an duine agus ar sheirbhísí éiceachórais a dhíothú.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, N- (phosphonomethyl) glycineglyphosate
  2. fingal.ie. "Nuacht Fhine Gall". Dáta rochtana: 2025.
  3. 3.0 3.1 Alex Hijmans (19 Márta 2025). "Roundup agus ceithre chúis eile nár chóir bláthanna a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  4. planda coimhthíoch ionrach
  5. limerick.ie (2022). "Rialú Feabhrán Capaill ar an Lúbach". Dáta rochtana: 2025.
  6. DLR coco (2024). "Plean Gníomhaíochta DLR". Dáta rochtana: 2025.