Jump to content

Glór Ár Linne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGlór Ár Linne
Cineáltionscadal Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama8 seachtain
Eatramh imeachtbliantúil
Tréimhse ama2025—
TírÉire
EagraíRaidió Rí-Rá
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge
Seánrailseánrach

Suíomh gréasáinhttps://www.rrr.ie/glor/

Is togra cothaithe ceoltóirí é Glór Ár Linne. Is iad lucht Raidió Rí-Rá a eagraíonn é. Tugann sé deis do dhornán bannaí agus ceoltóirí óga scileanna praiticiúla a fhoghlaim ó cheoltóirí a bhfuil fios na ceirde acu.[1][2][3][4]

Is saghas scéim luasghéaraithe é mar a chuirtear ceardlanna agus meantóireacht ar fáil do na bannaí óga a ghlactar leo, iad ag plé le ceisteanna amhail ceol a scríobh, a thaifead agus a léiriú, cur i láthair, margaíocht, agus an earnáil féin. Bítear ag súil leis go mbeidh píosa ceoil taifeadta ag gach rannpháirtí faoi dheireadh na tréimhse gur féidir leo a chur ar Spotify, ar an raidió srl.[3]

Cuireadh Glór Ár Linne ar siúl den chéad uair sa bhliain 2025. Beidh sé ar siúl arís san athbhliain.[4][5]

Meantóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má tá sé níos fusa ceol a chruthú go neamhspleách sa lá atá inniu ann ná mar a bhíodh, is mó idir sin agus gairm a bhaint amach san earnáil. Mar chuid den togra seo, thar tréimhse ocht seachtaine tugann meantóirí a bhfuil taithí acu ar shaol an cheoil lámh chúnta do na ceoltóirí óga fáil faoi réir do na constaicí a ghabhann leis.[2][6]

Sa bhliain 2025 bhí deis ag na rannpháirtithe foghlaim ó na meantóirí seo a leanas:[6]

Feidhm eile atá leis an dtogra ná muinín a chothú sna ceoltóirí. Mar a dúirt duine de na rannpháirtithe, mar shampla:

"Sular ghlac mé páirt in Glór Ár Linne bhí imní orm nach mbeadh lucht tacaíochta againn do na hamhráin a scríobh mé i nGaeilge. [...] Ach thug an scéim Glór Ár Linne muinín dom i mo chuid ceoil. Tuigim anois go bhfuil spéis ann. Agus cuireadh mé i dteagmháil le ceoltóirí eile leis na spéiseanna céanna. Táim thar a bheith buíoch as sin"

  —Jessie Dingle (Jessie & the Veil)[2]

Bhí éileamh mór ar spásanna i nGlór Ár Linne nuair a fógraíodh é. Roghnaíodh sé ghrúpa agus ceoltóirí aonair as na hiarrthóirí le bheith páirteach sa togra, grúpaí a chleachtann stíleanna éagsúla agus "fuaim ar leith" ag chuile dhream acu. Is iad a bhí páirteach sa chéad bhliain ná:[1][2][4][7]

Chabhraigh Glór Ár Linne leis na ceoltóirí gigeanna a fháil i rith an tsamhraidh. Bhí sé de sprioc ag an dtogra ach go háirithe spás a fháil ar ardán na Collchoille ag an bPicnic Leictreach do pé bannaí a bhí réidh chuige faoi dheireadh an tréimhse.[3][4]

An Picnic Leictreach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na sé rannpháirtí ar fad a d'éirigh leo a gcuid ceoil a chur i láthair sa Chollchoill sa deireadh sa bhliain 2025, ceolchoirm a rinneadh léirmheas dearfach uirthi i Scéal agus a bhfuil cuid de le feiceáil ar chlár teilifíse de chuid TG4 ón bPicnic Leictreach.[3][2][4][8]

Seó-thaispeántas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ceolchoirm speisialta sa Grand Social i mBÁC ar an 17 Meán Fómhair mar sheó-thaispeántas de na ceoltóirí, le bar smaise a chur ar an gcéad bhliain den togra.[4][2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Glór Ár Linne". Raidió Rí-Rá. Dáta rochtana: 2025-09-14.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Emma Ferrari (9 Meán Fómhair 2025). "Glórtha Nua Ár Linne". Scéal: lch 12. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Cearbhall Ó Síocháin (06 Márta 2025). "Raidió Rí-Rá ar an aer beo 10-17ú Márta". RTÉ.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 "'The Irish language is a doorway, not a barrier': Glór ár Linne" (as Gaeilge ⁊ Béarla). RTÉ (11 Meán Fómhair 2025).
  5. "Glór Ár Linne" (as Béarla). The Journal of Music. Dáta rochtana: 2025-09-14.
  6. 6.0 6.1 Jenna Thompson. "New Irish-language music showcase Glór Ár Linne to take place in Dublin" (as Béarla). Hot Press. Dáta rochtana: 2025-09-14.
  7. Alan Corr (6 Meán Fómhair 2025). "Behind the music - Lisa Murray". RTÉ.
  8. Cóilín Duffy (29 Lúnasa 2025). "An Phicnic Leictreach 2025: an Ghaeilge ag croílár an deireadh seachtaine". An Páipéar (Eagrán 44).