Jump to content

Giovanni Verga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir réalaíoch Iodálach nó verista ab ea Giovanni Verga (ainm iomlán: Giovanni Carmelo Verga di Fontanabianca). Saolaíodh i gCatania sa tSicil, i Ríocht an Dá Shicil, é ar an 2 Meán Fómhair 1840, agus shíothlaigh sé san áit chéanna ar an 27 Eanáir 1922. Ba iad Maestro-don Gesualdo agus I Malavoglia an dá úrscéal a thabhaigh buanchlú dó. Bhunaigh an stiúrthóir Iodálach Luchino Visconti an scannán úd La terra trema ar I Malavoglia, nó ar eipeasóidí áirithe as an úrscéal seo.

Saol agus Scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad Giovanni Battista Catalano Verga agus Caterina Di Mauro tuismitheoirí Giovanni, agus bhí an teaghlach réasúnta saibhir. Thosaigh Giovanni ag scríbhneoireacht ina dhéagóir dó, agus ní raibh sé ach sé bliana déag nuair a chríochnaigh sé an chéad úrscéal, Amore e Patria. Bhí sé in ainm a bheith ag staidéar dlí in Ollscoil Catania, ach is éard a rinne sé leis an airgead a fuair sé óna athair ná an t-úrscéal I Carbonari della montagna a fhoilsiú sna blianta 1861-2. Sa bhliain 1863 d'fhoilsigh sé an chéad scéal eile, Sulle lagune.

Sa bhliain 1865 thug Verga cuairt ar chathair Fhlórans, rud a chuir cor ina chinniúint mar scríbhneoir. Le linn na cuairte sin bhreac sé síos an t-úrscéal Una peccatrice: ní raibh scéal tírghráúl stairiúil i gceist leis an gceann seo a thuilleadh, ach scéal rómánsúil grá. Ar dtús titeann an laoch, ar ealaíontóir é, i ngrá le femme fatale, ach nuair a éiríonn leis an chluain a chur ar an mbean, tuirsíonn sé di, ionas go gcuireann sí lámh ina bás féin. Is léir go raibh Verga tuirseach den tírghrá mar théama, agus é ag díriú a shúile ar an gcaidreamh daonna ina áit.

Sa bhliain 1869 d'fhág Verga slán ag Catania agus chuir sé faoi i bhFlórans. Bhí saol cultúrtha na cathrach ar coipeadh le diospóireachtaí, agus ábhair cosúil le físeolaíocht, Darwineachas agus posaitíbheachas i mbéal an phobail sna ciorcail intleachtúla. Ba é Francesco Dall'Ungaro, a bhain le glúin ba shine ná Verga, a ghlac chuige an scríbhneoir óg mar protegé agus a d'áitigh air úrscéal a chumadh faoi chailín óg a chaithfeadh dul sna mná rialta. Ba é an t-úrscéal eipistileach Storia di una capinera ba thoradh don obair seo. Rinne Verga iarracht caint an chailín a dhéanamh inchreidte, agus mar ba dhual do scríbhneoirí an verismo, chuir sé béim ar leith ar thucaidí eacnamúla an chailín, Maria. Fágtar athair an chailín ina bhaintreach fir agus déanann sé athphósadh; ansin fágann sé a oidhreacht le huacht ag an iníon eile, arn í an dara bean chéile a máthair.

Bhí Verga ina chónaí i bhFlórans go fóill nuair a fuair sé an chéad aithne ar an ngluaiseacht ealaíontóireachta ar a dtugtar scapigliatura. Chuaigh an scapigliatura go mór i bhfeidhm ar an gcéad úrscéal eile a bhreac sé síos, Eva. Is é ábhar an scéil ná cumann grá an chailín rince Eva agus an ealaíontóra Enrico Lanti. Tá an bheirt acu idir dhá chomhairle ag iarraidh an cheist a fhreagairt, ar chóir don ealaíontóir an cineál earra a sholáthar a bhfuil suim ag an ngramaisc ann, nó arbh fhearr dó éisteacht le guth a chroí agus a thuiscint féin ar an ealaíontóireacht a leanúint.