Giovanni Giocondo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Manach Iodálach, ailtire, seandálaí agus fear léinn ba ea an Bhráthair Giovanni Giocondo, Proinsiasach (c. 1433 – 1515).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Giovanni Giocondo in Verona timpeall 1433. Chuaigh sé in Ord na nDoiminiceach in aois a ocht mbliana déag agus bhí ar na baill den Ord a chuir an Athbheochan chun cinn. D’fhág sé an Ord, áfach, agus chuaigh sna Proinsiasaigh. Bhí sé ag múineadh Laidine agus Gréigise in Verona, áit a raibh an scoláire mór Iúil Caesar Scaliger (Giulio Cesare della Scala) ina dhalta aige.

Ba sheandálaí léannta é agus línitheoir oilte. Sceitseáil sé seanfhoirgnimh na Róimhe agus léigh agus chóipeáil a lán inscríbhinní millte. Rinne sé seanlámhscríbhinní clasaiceacha a thrascriobh freisin agus i 1492 bhronn ceann acu ar Lorenzo de' Medici.

I gceann tamaillín d’fhill Giocondo ar a áit dhúchais. Thóg sé droichid agus dhear daingin do Treviso agus bhí sé ina innealtóir agus ina phríomhthógálaí i rith na hoibre.

Ailtireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Palazzo del Consiglo in Verona

Dhear Giocondo Palazzo del Consiglo in Verona do Maximilian I, an tImpire Naofa Rómhánach, pálás a raibh an-mheas riamh air. Chuir na Veinéisigh fios air féin agus ar roinnt ailtirí iomráiteacha eile chun cosaint an mhurlaigh ar na haibhneacha a phlé. Glacadh le moladh Giocondo go gcuirfí Abhainn an Brenta ar mhalairt slí lena tabhairt chun na farraige, agus bhí rath ar an obair.

Idir 1496 agus 1499 d’iarr Louis XII na Fraince air teacht chun na Fraince agus rinneadh comhairleoir ríoga de. Thóg sé Droichead Notre Dame i bPáras agus dhear Pálás Chúirt an Airgeadais, Seomra Órga na Parlaiminte agus Pálás Gaillon sa Normainn.

Idir 1506 agus 1508 d’fhill Giocondo ar an Iodáil agus thóg an Fondaco dei Tedeschi (1508) sa Veinéis, foirgneamh a mhaisigh Titian agus Giorgione. I 1513, nuair a dódh Droichead an Rialto agus a raibh ina thimpeall, bhí Giocondo orthu siúd a leag plean droichid nua amach, ach roghnaíodh plean duine eile. Thug Giocondo a aghaidh ar an Róimh, áit a raibh sé ar fostú ag an Vatacáin ó 1514 amach.

Chuir sé síos air féin mar “sheanduine” i litir chun Giuliano di Lorenzo de' Medici i 1513. Nuair a cailleadh Donato Bramante cuireadh é ag obair in éineacht le Raphael agus Giuliano da Sangallo chun tógáil Bhaisleac Pheadair a stiúradh, obair a raibh treisiú na dúshraithe mar chuid di. Fuair sé bás i 1515 agus é i mbun na hoibre seo.

An Fondaco dei Tedeschi sa Veinéis

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1498 d’fhoilsigh Giocondo litreacha Plinias Óg in Bologna. D’fhoilsigh sé eagrán eile le preas Aldus Manutius i 1508 agus é tíolaicthe do Louis XII na Fraince. Idir 1506 agus 1508 scríobh Giocondo ceithre thráchtas ar uiscebhealaigh na Veinéise.

Bhí Giocondo ar na chéad scoláirí a chuir amach eagrán ceartaithe de De Architectura Vitruvius, tráchtas a raibh tionchar aige ar ailtireacht na hAthbheochana. Chomh maith leis sin d’fhoilsigh sé saothair Julius Obsequens agus Aurelius Victor, in éineacht le De re rustica Cható Mhóir. Chuir sé Commentarii de Bello Gallico Iúil Caesar in eagar freisin.

Bhí Giocondo ina eolaí ar dhiagacht scolaíoch.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tharraing an t-alt seo ábhar as foilseachán atá san fhearann poiblí anois: Herbermann, Charles, eag. (1913). Catholic Encyclopedia. Robert Appleton Company.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Miron Mislin (1982). Die überbaute Brücke: Pont Notre Dame. Baugestalt und Sozialstruktur, Haag + Herchen

Verlag, Frankfurt, 1982, Réamhrá: Julius Posener. ISBN 3-88129-450-3

  • Miron Mislin, “The Planning and Building Process of two Paris Bridges in the Sixteenth and Seventeenth Century”, in Proceedings of the Second International Congress on Construction History, Vol.2, Cambridge, 2006, lgh 2223 - 2239

Arnold Nesselrath, “A Little Gift from an Old Friend: Dürer’s Drawings by Fra Giocondo,” Print Quarterly, XVIII, 2011, 248-48.