Giorria gallda
Cuma
| Lepus europaeus | |
|---|---|
Lepus europaeus europaeus | |
| Sonraí | |
| Tréimhse iompair | 42 laethanta |
| Tréimhse saoil is faide | 10.7 bliain |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 41280 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Mammalia |
| Ord | Lagomorpha |
| Fine | Leporidae |
| Géineas | Lepus |
| Speiceas | Lepus europaeus Pallas, 1778 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Giorria mór is ea an giorria gallda[1] (Lepus europaeus). Mamach atá ann, agus é dúchasach san Eoraip agus in áiteanna san Áise.
Is mó é seo ná coinín. Bíonn a chosa deiridh fada láidir agus bíonn barr dubh ar na cluasa fada. Donnbhuí a bhíonn a chuid fionnaidh agus fanann an dath sin air ó cheann ceann na bliana. Dubh a bhíonn an t-eireaball thuas agus geal thíos. Cé gur ar fud na hEorpa atá sé le fáil, tá sé ar iarraidh sna háiteanna seo: Éire, an leithinis Ibéarach agus formhór Chríoch Lochlann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Lepus europaeus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
| Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |