Jump to content

Geraldine Heaney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeraldine Heaney
Beathaisnéis
Breith1 Deireadh Fómhair 1967
58 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSeneca Polytechnic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan140 lb
Gníomhaíocht
Gairmimreoir haca oighir Cuir in eagar ar Wikidata
Spórthaca oighir Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCosantóir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Toronto Aeros (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
Feabhra 2002Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2002
Feabhra 1998Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Is í Geraldine Heaney an bhean is mó le rá sa haca oighir. Tá boinn Oilimpeacha agus Craobh an Domhain buaite aici.[1]

Rugadh Geraldine Heaney[2] i gContae Ard Mhaca (ar an 1 Deireadh Fómhair 1967). Nuair nach raibh sí ach bliain d'aois, bhog a muintir go Toronto nuair a thosaigh na Trioblóidí ó thuaidh.

Shocraigh siad síos i North York, Toronto, Ontario. Cé gur tógadh í i Ceanada, bhí bród i gcónaí uirthi as a bundúchas Éireannach agus tugann sí cuairt ar Uladh go rialta.

I North York, thit Geraldean i ngrá leis an haca oighir. D'imir sí ar rinceanna lasmuigh lena deartháireacha agus bhíodh sí mar chúl báire dóibh uaireanta. Bhí ábhair éagsúla aici – chomh maith leis an haca oighir, d'imir sí peil Ghaelach, sacar, daorchluiche agus haca líne. Ag aois 13, i 1980, chuaigh sí le Toronto Aeros, an foireann a d'fhan sí leo ar feadh 18 séasúr.

Gaisce le Toronto Aeros

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Toronto Aeros, d'imir Geraldine níos mó ná 1,000 cluiche ag na leibhéil ba airde de haca oighir na mban. Chabhraigh sí leis an bhfoireann sé chraobh chúige a bhuachan in Ontario. Ainmníodh í mar chosantóir is fearr Chumann Haca Oighir Mhná Ontario trí huaire (1987–88, 1991–92, 1992–93). Ghlac sí páirt i gCraobh Náisiúnta Esso na mBan gach bliain ó 1987 go 2001 – an t-aon imreoir a rinne amhlaidh. Ainmníodh í mar "imreoir is luachmhaire" i 1992, agus mar "chosantóir is fearr" sna blianta 1993, 1997 agus 2001.

Foireann náisiúnta Cheanadach sa bhliain 2002

Gairm idirnáisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imir Geraldine 125 cluiche don fhoireann náisiúnta Cheanadach idir 1990 agus 2002. Ba í an chéad imreoir Ceanadach a d'imir 100 cluiche leis an bhfoireann náisiúnta. Scóráil sí 27 cúl agus fuair 66 cúnamh, ar iomlán de 93 pointe – an cosantóir is fearr riamh don fhoireann náisiúnta ó thaobh scórála.

Craobhacha an Domhain

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Heaney páirt sna chéad seacht gCraobh Dhomhanda IIHF do Mhná (1990, 1992, 1994, 1997, 1999, 2000, 2001), agus bhuaigh sí bonn óir gach uair. I gcluichí na Craobhe Domhanda, tá taifid Cheanadacha aici mar chosantóir don líon cluichí is mó (35), cúil is mó (8), cúnamh is mó (28), agus pointí is mó (36). Ainmníodh í ar fhoireann na réalta i 1992 agus 1999, agus mar chosantóir is fearr ag stiúrthóireacht an IIHF i 1992 agus 1994.

Sa chraobh i 1990 – an chéad cheann riamh a bhí údaraithe ag an IIHF – scóráil sí ceann de na cúil is fearr i stair na haca oighir do mhná sa chluiche ceannais, rud a chabhraigh le Ceanada an chéad teideal domhanda a bhuachan.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Pádraic Ó Ciardha (14 Iúil 2017). "Scéal na hiomána agus an haca oighir le hinsint i scannán nua Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-20.
  2. "Geraldine Heaney" (as en) (2025-05-13). Wikipedia.