Gerald Smyth
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 7 Meán Fómhair 1885 |
| Bás | 17 Iúil 1920 34 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamh Ríoga Míleata, Woolwich |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | innealtóir |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Arm na Breataine |
| Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Gradam a fuarthas | |
Ba oifigeach agus póilín de chuid Arm na Breataine é an Leifteanantchoirnéal Gerald Bryce Ferguson Smyth, DSO agus Barra, Croix de Guerre na Fraince agus Croix de guerre na Beilge (7 Meán Fómhair 1885 – 17 Iúil 1920) a bhí i lár ceannairce i measc Chonstáblacht Ríoga na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse. Lámhachadh agus maraíodh é ag Óglaigh na hÉireann i gCorcaigh sa bhliain 1920.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Gerald Smyth ag Phoenix Lodge, Dalhousie, Puinseáb, an India, an mac ba shine le George Smyth agus Helen Smyth (née Ferguson). Ba é Ard-Choimisinéir na Breataine sa Phuinseáib a athair agus ba iníon le Thomas Ferguson as Droichead na Banna, Contae an Dúin, Éire a mháthair. [1] Bhí deartháir amháin ag Smyth, George Osbert Smyth, a bhí mar oifigeach de chuid Arm na Breataine freisin. D'fhóin an bheirt acu sa Chéad Chogadh Domhanda agus in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse.
Fuair Smyth oideachas príobháideach agus mar dhalta i Scoil Strangeways agus ansin i Scoil Shrewsbury idir 1899 agus 1901.
Seirbhís mhíleata
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dó freastal ar an 'Royal Military Academy', Woolwich, coimisiúnaíodh Gerald Smyth sna Royal Engineers ar an 29 Iúil 1905 agus d’éirigh go han-mhaith leis sa mhatamaitic agus sa Spáinnis. Cuireadh go Giobráltar é, ag fónamh leis an 32ú agus an 45ú chomplacht agus ag caitheamh a chuid ama saor le póló, grianghrafadóireacht agus dreapadóireacht sléibhe, áit ar gortaíodh a ghualainn go dona le linn turas go sléibhte Sierra Nevada . Sa bhliain 1913 cuireadh go dtí an Currach in Éirinn é, áit ar fhóin sé leis an 17ú Chomplacht Machaire.
An Chéad Chogadh Domhanda
[cuir in eagar | athraigh foinse]Liostáil Smyth dá dheoin féin ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cé gur tairgeadh post dó mar Ollamh Matamaitice i Scoil Ríoga na nInnealtóirí Mileata, Chatham. Cuireadh chun na Fraince é ar an 17 Lúnasa 1914, leis an 14ú Chomplacht agus bronnadh Captaein air i mí Dheireadh Fómhair. Agus é ag fónamh ar feadh an chogaidh, gortaíodh go dona é ar roinnt ócáidí, agus chaill sé a lámh chlé ag an uillinn le linn Chath na hAisne ag Givenchy agus saighdiúir créachtaithe á tharrtháil aige a bhí gafa amuigh faoin spéir faoi lámhach meaisínghunna. Ó 1916 ar aghaidh, d’fhág sé na hInnealtóirí Ríoga agus d’fhóin sé leis na Kings Own Scottish Borderers. Seacht n-uaire, thuill sé moladh i dtuairiscí oifigiúla agus bronnadh an DSO air faoi dhó. D’fhóin sé leis an 6ú Cathlán den KOSB ag Cath Arras, an t-aonad amháin a bhain a chuspóir amach ar an 3 Bealtaine 1917. Luadh é i dtuairiscí as "consistent skill and daring," tar éis dó a bheith gortaithe go dona, agus píosaí srapnal a fháil ina ghualainn dheas, a chreidtear ag an am a lagódh a lámh go buan. Seo a leanas an lua a bhí sa London Gazette an 18 Iúil 1917:
"For conspicuous gallantry and devotion to duty. Although seriously wounded he remained at the telephone in an ill-protected trench for many hours during a critical time, to report the course of events to Brigade Headquarters. He realised that there was no other officer of experience to replace him and his sense of duty may cost him his remaining arm, the other having been amputated as a result of a previous wound."
Chríochnódh Smyth a sheirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda mar bhriogáidireghinearál brevet i gceannas ar an 93ú Briogáid Coisithe den 31ú Rannán, in ainneoin nach raibh sé ach 33 bliain d'aois. Chaith sé bliain i gColáiste na Foirne sular ghlac sé ceannas ar an 12ú Complacht Machaire i gCorcaigh ar an 7 Meitheamh 1920, agus ina dhiaidh sin ceapadh é ina cheannasaí roinne ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gCúige Mumhan .
Ina chuimhní cinn, scríobh an Briogáidireghinearál Walker faoi Smyth san Royal Engineers Journal; "No words can do justice to his services during the retreat of 1914. He was the life and soul of the Company, his Irish humour and pluck did wonders in maintaining the discipline of the Company"".
I mí an Mheithimh 1920, cuireadh an Coirnéal Smyth go hÉirinn le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn . Tugadh ar iasacht é chuig Constáblacht Ríoga na hÉireann, agus ceapadh ina choimisinéir roinne é do chúige Mumhan .
Lios Tuathail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 19 Meitheamh 1920, líomhnaítear gur thug Smyth óráid do lucht leanúna RIC Lios Tuathail inar tuairiscíodh gur dhúirt sé:
"Police and military will patrol the country roads at least five nights a week. They are not to confine themselves to the main roads but make across the country, lie in ambush, take cover behind fences near roads, and when civilians are seen approaching shout: 'Hands up!' Should the order be not obeyed, shoot, and shoot with effect. If the persons approaching carry their hands in their pockets or are in any way suspicious looking, shoot them down. You may make mistakes occasionally and innocent persons may be shot, but that cannot be helped and you are bound to get the right persons sometimes. The more you shoot the better I will like you; and I assure you that no policeman will get into trouble for shooting any man and I will guarantee that your names will not be given at the inquest."[2]
Bhí díospóireacht ann faoi chruinneas na cainte seo a tuairiscíodh. Thuairiscigh an Freeman's Journal níos déanaí gur bunús conspóideach a bhí leis chun míchlú a chur ar rialachas na Breataine ..
D’fhreagair oifigeach amháin, an Constábla Jeremiah Mee, óráid Smyth trína ghunna a chur ar an mbord agus trí dhúnmharfóir a ghlaoch ar Smyth. D’ordaigh Smyth Mee a ghabháil, ach dhiúltaigh fir an RIC a bhí i láthair. [3] D’éirigh Mee agus trí oifigeach déag eile den RIC as, agus chuaigh formhór acu ar aghaidh chun dul isteach in Arm Poblachtach Éireann nó le cúnamh a thabhairt dó. D'éirigh Mee ina chara agus agus ina chomhghuaillí de Mhícheál Uí Choileáin. .
Mar sin féin, shéan Smyth, chomh maith leis an Maorghinearál Henry Hugh Tudor agus an Cigire John M. Regan, a bhí i láthair ag an ócáid, éilimh Mee. [4] [5] Iarradh ar Smyth dul go Londain chun an Príomh-Aire David Lloyd George a chur ar an eolas agus léadh a chuntas scríofa féin ar a chuid ráiteas don Pharlaimint agus rinneadh plé air:
"I wish to make the present situation clear to all ranks. A policeman is perfectly justified in shooting any person seen with arms (guns) who does not immediately throw up his hands when ordered. A policeman is perfectly justified in shooting any man who he has good reason to believe is carrying arms (guns) and who does not immediately throw up his arms when ordered. Every proper precaution will be taken at police inquests that no information will be given to Sinn Fein as to the identity of any individual or the movements of the police. I wish to make it perfectly clear to all ranks that I will not tolerate reprisals. They bring discredit on the police and I will deal most severely with any officer or man concerned in them."[6][7][8]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mharcáil óráid an Choirnéil Smyth aird an IRA air. D’fhill sé ar Chorcaigh ina dhiaidh sin agus ghlac sé lóistín i Cork & County Club, club sóisialta Angla-Éireannach . Tráthnóna an 17 Iúil 1920, bhí sé sa seomra tobac nuair a tháinig foireann seisear fear de chuid an IRA faoi cheannas Dan "Sandow" O'Donovan isteach agus a dúirt leis, "Colonel, were not your orders to shoot on sight? Well you are in sight now, so prepare". Léim an Coirnéal Smyth ina sheasamh sular rinneadh criathar de le piléir. In ainneoin gur lámhachadh faoi dhó sa cheann é, uair amháin tríd an gcroí agus faoi dhó tríd an gcliabhrach, chuaigh an Coirnéal go mall go dtí an pasáiste inar thit sé marbh. Bhí sé 34 bliain d'aois.
Cuireadh an Coirnéal Gerald Smyth i Droichead na Banna, Contae an Dúin ar an 21 Iúil 1920. Lean círéib seicteach trí lá ina dhiaidh sin, agus lámhachadh agus maraíodh fear Protastúnach darb ainm William Steritt, dhá lá tar éis dó freastal ar a shochraid. Ciontaíodh triúr náisiúnach Éireannach ina dhiaidh sin i gcionta arm tine. Tharla dáta adhlactha Smyth ag an am céanna le holldhíbirt nó "glanadh"
na gCaitliceach, na Sóisialaithe agus na bProtastúnach (a measadh a bheith mídhílis) ó longchlóis Bhéal Feirste teilgcheártaí, muilte línéadaigh agus gnólachtaí tráchtála eile, rud a bhí mar chuid de na Trioblóidí in Ultaibh (1920-1922) . [9]
Líomhnaítear go raibh dearthair Smyth ina bhall de Dublin District Special Branch, ar a tugadh an leasainm an Cairo Gang, grúpa oifigeach faisnéise Briotanach i mBaile Átha Cliath a seoladh go speisialta chun spiaireacht a dhéanamh ar phríomhphearsana an IRA. Maraíodh Osbert Smyth i mí Dheireadh Fómhair 1920 agus é ag iarraidh baill an IRA, Dan Breen agus Seán Treacy, a ghabháil i dteach i nDroim Conrach . Lámhachadh roinnt ball eile den Cairo Gang go moch maidin Dhomhnach na Fola, 21 Samhain 1920, ar orduithe Mhícheál Uí Choileáin. [10]
Bronnadh an tOrd Oráisteach onóir ar Smyth agus d’athraigh siad ainm an Loyal Orange Lodge 518 mar 'Colonel Smyth Memorial Lodge' ’ (cuireadh comóradh ar Steritt ar an gcaoi chéanna ag Orange Lodge 257). [11] De réir na staraithe Tom Mahon agus James Gillogly; "Smyth was the most senior police officer killed in the conflict."[12]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Raymonds County Down Website”. www.raymondscountydownwebsite.com.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Gaughan (1974). “Listowel Police Mutiny”. PoliceHistory.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 September 2012. Dáta rochtana: 20 October 2009.
- ↑ The Memoirs of John M Regan, a Catholic officer in the RIC and RUC, 1908–1948, p.150 ISBN 978-1846820694
- ↑ Departed Warriors; The Story of One Family in War, p.207 ISBN 1906510709
- ↑ Departed Warriors; The Story of One Family in War, p.209 ISBN 1906510709
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The Irish News.
- ↑ Departed Warriors: The Story of One Family in War by Jerry Murland (ISBN 978-1906510701), p.211
- ↑ The KOSB in the Great War, Stair Gillon, pp.376–378 ISBN 1843422565
- ↑ Tom Mahon and James J. Gillogly (2008), Decoding the IRA, Mercier Press, Cork City. Page 273.