George Johnstone Stoney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó George Stoney)
Infotaula de personaGeorge Johnstone Stoney

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Feabhra 1826
Contae Uíbh Fhailí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Iúil 1911
85 bliana d'aois
Notting Hill, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheÉire
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir, réalteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Teaghlach
CéileMargaret Stoney (1863–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGeorge Stoney, Robert Bindon Stoney, Florence Stoney, Edith Anne Stoney, Gertrude Rose Stoney Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Stoney  agus Anne Blood
SiblínBindon Blood Stoney
Gradam a fuarthas

Fisiceoir Éireannach, a saolaíodh gar do Bhiorra, ba ea George Johnstone Stoney (15 Feabhra 18265 Iúil 1911).[1] D'fhionn sé an leictreon sa naoú haois déag, an "bunaonad cainníochta leictreachais" mar a dúirt sé.[2] Bhí an coincheap, ach ní an focal féin, cumtha aige chomh luath le 1874 agus 1881,. Tháinig an focal isteach sa bhliain 1891.[3][4][5]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Stoney i bPáirc Oakley, in aice le Biorra, Contae Uíbh Fhailí, i lár na tíre, mac le George Stoney (1792–) agus Anne Blood (1801-1883). Is teaghlach Angla-Éireannach seanbhunaithe é teaghlach Stoney.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail Stoney ar Choláiste na Tríonóide, agus bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach sa bhliain 1848. Ó 1848 go 1852 d’oibrigh sé mar chúntóir réalteolaíochta do William Parsons, 3ú Iarla Róis ag Caisleán Bhiorra, Contae Uíbh Fhailí, áit ar thóg Parsons an teileascóp is mó ar domhan ag an am, Leiviatan Bhaile Phearsúin le achar cró tiomsúcháin 72-orlach. Ag an am céanna, lean Stoney ag staidéar na fisice agus na matamaitice. Bhronn Coláiste na Tríonóide an ardchéim Máistreacht sna hEalaíona air, sa bhliain 1852.

Fostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 1852 go 1857, bhí Stoney ina ollamh le fisic i gColáiste na Banríona Gaillimh. Ó 1857 go 1882, fostaíodh é mar Rúnaí ar Ollscoil na Banríona Éireann,[6] post riaracháin a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath ag an am.

Faoi 1874 d'áirigh sé méid an bhunaonad leictreachais ó thomhais i leictriú uisce is teoiric chinéiteach na ngás[7]. Le linn a scór bliain de fhreagrachtaí fostaíochta neamh-eolaíochta i mBaile Átha Cliath, lean Stoney i mbun taighde eolaíoch leis féin. D’fhóin sé ar feadh blianta fada mar rúnaí oinigh agus ansin mar leasuachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, cumann eolaíochta a bunaíodh ar an gcóras Sasanach, sé sin An Cumann Ríoga i Londain.

Dúnadh Ollscoil na Banríona Éireann in 1882 agus tháinig an Ollscoil Ríoga[8] ar an bhfód. Bhí Stoney ar buile agus d'éirigh sé as a phost mar Rúnaí mar agóid i gcoinne chinneadh an rialtais "seicteachas" a thabhairt isteach sa chóras; .i., theastaigh ó Stoney an córas a choinneáil neamh-shainchreidmheach, ach d’aontaigh an rialtas le héilimh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn ar institiúidí Caitliceacha.

Timpeall 1880-1882, fuair Stoney post nua mar cheannfort Scrúduithe na Státseirbhíse in Éirinn, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1893. Agus sa bhliain sin, chuaigh sé i mbun cónaithe i Londain Shasana.

Ar scor i Londain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó bogadh go Londain, d’fhóin Stoney ar chomhairle an chumainn sin freisin. Ina theannta sin, d’fhóin sé ó am go chéile ar choistí athbhreithnithe eolaíochta de chuid Chumann na Breataine um Chur Chun Cinn na hEolaíochta ó na 1860idí luatha ar aghaidh.

Fuair ​​Stoney Dochtúireacht Oinigh Eolaíochta (D.Sc.) ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath i Meitheamh 1902.[9]

Tar éis do Stoney bás a fháil i Londain, adhlacadh a luaithreach créamtha in Eaglais Naithi i nDún Droma.

Bhásaigh ​​Stoney sa bhliain 1911 ina theach cónaithe i Notting Hill, Londain. Tar éis do Stoney bás a fháil i Londain, adhlacadh a luaithreach créamtha in Eaglais Naithi i nDún Droma. Ainmnítear cráitéir ar Mars agus ar an nGealach ina onóir sa 20ú haois.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stoney sa phictiúr lena iníonacha Edith (ar chlé) agus Florence.

Phós Stoney a chol ceathrar, Margaret Sophia Stoney, a raibh beirt mhac agus triúr iníon aige.[10]

Ar feadh an chuid is mó dá scór bliain i mBaile Átha Cliath, bhí cónaí ar Stoney i nDún Droma, bruachbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Athainmníodh an tsráid ar a raibh sé ina chónaí ina dhiaidh sin Bóthar Stoney mar chuimhne air.[11]

Ba eolaí duine de mhic Stoney, George Gerald Stoney CCR; ba raideolaí í a iníon Florence Stoney OIB agus meastar gurb í a iníon Edith an chéad bheanfhisiceoir míochaine.

Gaol níos suntasaí ó thaobh na heolaíochta de ba ea nia Stoney, George FitzGerald (1851-1901), fisiceoir a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí Stoney agus FitzGerald i mbun cumarsáide rialta ar ábhair eolaíochta. Ina theannta sin, maidir le cúrsaí polaitiúla, bhí Stoney agus FitzGerald araon go dubh in éadan Rialtais Dhúchasaigh. Ina dtuairim pholaitiúil, bhí an ghluaiseacht náisiúnach contrártha le spiorad na heolaíochta.

Tá cáil ar deartháir Johnstone Stoney, Bindon Blood Stoney a bhí ina innealtóir ar Phort Bhaile Átha Cliath. Thóg sé roinnt de phríomhdhroichid Bhaile Átha Cliath, Taobh na Cé san áireamh, chomh maith le tionscadail innealtóireachta eile.

Táirgeacht eolaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoilsigh Stoney 75 páipéar eolaíochta in irisleabhair éagsúla, ach go príomha in irisí Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Rinneadh a chuid oibre eolaíochta nuair a bhí am le spáráil aige.[12]

Chuir sé go mór le fisic chosmaí agus le teoiric na ngás. Rinne sé meastachán ar líon na móilíní i milliméadar ciúbach gáis,[13] ag teocht agus brú an tseomra, ó shonraí a fuarthas ó Teoiric chinéiteach na ngás.

Ba é an obair eolaíoch ba thábhachtaí ag Stoney ná méid “adamh an leictreachais” a cheapadh agus a ríomh. Sa bhliain 1891, mhol sé an téarma ‘leictreon’ (Béarla:electron) chun cur síos a dhéanamh ar aonad bunúsach an luchta leictrigh,[14] agus leag a thaighde sa réimse seo na bunsraitheanna d'fhionnachtain an leictreoin sa deireadh i 1897 ag Joseph John Thomson.

Toghadh Stoney ina Chomhalta den Chumann Ríoga i mí an Mheithimh 1861 ar an mbonn go raibh sé ina údar ar na bpáipéir "The Propagation of Waves," – "On the Rings seen in Fibrous Specimens of Calc Spar," and Molecular Physics, published in the Transactions of the Royal Irish Academy, et cetera, Distinguished for his acquaintance with the science of Astronomy & General Physics [15]

Scála Stoney[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an fhisic chomhaimseartha socraithe ar Scála Planck mar an scála is oiriúnaí do theoiric an aonréimse. Bhí George Stoney ag súil le scála Planck, áfach. Cosúil le Planck ina dhiaidh, thuig Stoney go dtugann éifeachtaí mórscála cosúil le domhantarraingt agus éifeachtaí ar scála beag mar leictreamaighnéadas le tuiscint go nádúrtha scála idirmheánach ina bhféadfaí difríochtaí fisiciúla a réasúnú. Cuimsíonn an scála idirmheánach seo aonaid (aonaid scála Stoney) de mhais, fad, am srl., Ach is í an mhais an chloch choirnéil.

An mhais Stoney mS (arna shloinneadh i dtéarmaí comhaimseartha):[16]

i gcás gurb é ε 0 an cheadaíocht den saorspás, is é e an lucht bunúsach agus is é G tairiseach na himtharraingthe, agus i gcás gurb é α an tairiseach mínstruchtúir agus gurb é m P an mhais Planck.

Cosúil le scála Planck, feidhmíonn scála Stoney mar nasc siméadrach idir próisis mhicreachosmacha agus mhaicreachosmacha i gcoitinne, ach fós tá an chuma air go bhfuil sé dírithe go uathúil ar aontú an leictreamaighnéadais agus domhantarraingthe. Mar sin, mar shampla, cé gurb é an fad Planck meánfhréamh chearnach de thonnfhad laghdaithe Compton agus leath an gha imtharraingthe d'aon mhais, is é fad Stoney ná meánfhréamh chearnach an 'gha leictreamaighnéadaigh' (féach ga leictreon clasaiceach) agus leath an gha imtharraingthe d'aon mhais,' 'm' ':

áit a bhfuil tairiseach Planck laghdaithe agus gurb é c luas an tsolais.

Níl iontu seo ach tógálacha matamaiticiúla ós rud é go gcaithfear teorainn phraiticiúil éigin a bheith leis an gcaoi a bhféadann fad a fháil.

Más é fad Stoney an t-íosfhad, ansin tá ga leictreamaighnéadach an réada nó a leathgha imtharraingthe dodhéantacht go fisiciúil, ós rud é go gcaithfidh ceann acu seo a bheith níos lú ná an fad Stoney.

Más é fad Planck an t-íosmhéid, ansin tá tonnfhad laghdaithe Compton nó a leathgha imtharraingthe dodhéanta go fisiciúil ós rud é go gcaithfidh ceann acu seo a bheith níos lú ná an fad Planck. Thairis sin, ní féidir gurb é fad Stoney agus fad Planck an t-íosfhad.

sna 1890idí ?

De réir an an ghnáis chomhaimseartha, is é scála Planck scála an fholúsfhuinnimh, nach gcoinníonn spás agus am aon tábhacht fhisiciúil faoina bhun. Sainordaíonn an t-oideas seo faillí ginearálta ar scála Stoney laistigh den phobal eolaíochta inniu. Roimh an sainordú seo, rinne Hermann Weyl iarracht shuntasach teoiric aontaithe a thógáil trí aonad luchta imtharraingthe a cheangal le fad Stoney. Bhí nuálaíochtaí suntasacha matamaitice mar thoradh ar theoiric Weyl ach ceaptar go ginearálta nach bhfuil tábhacht fhisiciúil ag baint lena theoiric.[17][18]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The Infancy of Atomic Physics. Hercules in His Cradle, by Alex Keller. Oxford University 1983. ISBN 0-19-853904-5 "2013 reprint" (9 October 2013). Dover. 
  • "George Johnstone Stoney, F.R.S., and the Concept of the Electron" (1975). Notes and Records of the Royal Society of London 29 (2): 265–276. doi:10.1098/rsnr.1975.0018. JSTOR 531468. 
  • Stoney, G. J. (1894). "Of the "Electron", or Atom of Electricity". Philosophical Magazine 38: 418–420. 
  • "The Constants of Nature, by John D. Barrow, Jonathan Cape, London 2002.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Stoney, George Johnstone | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-07-06.
  2. George Johnstone Stoney 1826-1911| https://web.archive.org/web/20150712013755/https://www.offalyhistory.com/reading-resources/history/famous-offaly-people/george-johnstone-stoney-1826-1911
  3. "Stoney Uses the Term Electron". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-08-08. Dáta rochtana: 2009-03-15.
  4. Jammer, Max (1956). "Concepts of Force - A Study of the Foundations of Dynamics". New York: Dover Publications, Inc.. 
  5. Stoney, G.J. (1881). "On the Physical Units of Nature." Phil. Mag. [5] 11, 384.
  6. "Queen's University of Ireland" (as en) (2021-05-23). Wikipedia. 
  7. “Fréamh An Eolais”, le Matt Hussey (Coiscéim)
  8. "Royal University of Ireland" (as en) (2021-05-31). Wikipedia. 
  9. "University intelligence". The Times (36783). London. 2 June 1902. p. 9
  10. "Stoney, G. Johnstone". Who's Who: 1936. 1911.
  11. "Bóthar Stoney/Stoney Road" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-07-06.
  12. "Obituary Notice from Proceedings of the Royal Society (1912)".
  13. a bhí coibhéiseach le huimhir Avogadro, rud a d'áirigh Loschmidt is Thompson freisin.
  14. Of the "Electron," or Atom of Electricity | author = G. Johnstone Stoney | year = 1894 | https://www.biodiversitylibrary.org/item/122066#page/432/mode/2up
  15. "Library and Archive catalogue".[nasc briste go buan]
  16. Quarterly Journal of the Royal Astronomical Society,iml. 24, lth. 24–26, bl.1983
  17. Lochlainn O'Raifeartaigh, The Dawning of Gauge Theory, Princeton Uni Press, 1997
  18. Gorelik G., Hermann Weyl and Large Numbers in Relativistic Cosmology, Einstein Studies in Russia, Ed Balashov Y. and Vizgin V., Boston (Birkhaeuser) 2002