Jump to content

George Moose

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Moose

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Meitheamh 1944
81 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
11 Rúnaí Cúnta Stáit do Ghnóthaí Afracacha
2 Aibreán 1993 – 22 Lúnasa 1997
← Herman Jay CohenSusan Rice → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Syracuse
Coláiste Grinnell Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil George Washington Cuir in eagar ar Wikidata

Is taidhleoir Meiriceánach é George Edward Moose (rugadh 23 Meitheamh, 1944) atá ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí Institiúid Síochána na Stát Aontaithe (United States Institute of Peace nó an USIP) ó 2021 i leith. Bhíodh sé roimhe sin inao Ghnóthaí na hAfraice ó 1993 go 1997, ina ionadaí do na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv ó 1997 go 2001,[1] agus ina Ambasadóir do Phoblacht na Beinine agus na Seineagáile sna 1980idí agus sna 1990idí. Tá cáil air go príomha as fónamh agus mar Ambasadóir chuig Poblachtaí na Beinin agus an tSeineagáil sna 1980í agus 1990idí. Tá aithne air go príomha as bheith ina Státrúnaí Cúnta do Ghnóthaí Afracach i Riarachán Clinton le linn iarracht ar chinedhíothú i Ruanda.

Briseadh Moose as a phost mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus ó bhord an USIP ar 14 March 2025 ag riarachán Trump. Ba é an chúis a luadh ná neamhchomhlíonadh le hordú feidhmiúcháin le déanaí maidir le hathshannadh a dhéanamh ar chúnamh eachtrach le tacaíocht feidearálach.[2]

Rugadh George Moose i gCathair Nua-Eabhrac i 1944 agus tógadh é i Denver, Colorado. Ghnóthaigh sé céim ó Choláiste Grinnell agus d’fhreastail sé ar Scoil Maxwell in Ollscoil Syracuse sula ndeachaigh sé isteach sa tSeirbhís Eachtrach i 1967. Bhí sannacháin luatha ag Ambasadóir Moose i Washington DC, Barbadós, Vítneam, agus na NA i Nua-Eabhrac. Labhraíonn sé Vítneaimis agus Fraincis.

Bhí an Rúnaí Moose i gceannas ar thoscaireacht Mheiriceá a ghlac páirt sa chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta i dTóiceo ar Fhorbairt na hAfraice i mí Dheireadh Fómhair 1993.

Sa bhliain 2002, tugadh ardú céime dó go céim Ambasadóra Gairme.[3]

Tá Moose ag teaasc ar chúrsa dar teideal "Athchruthú na Náisiún Aontaithe" (Béarla: Reinventing the United Nations) faoi láthair sa George Washington University Elliott School of International Affairs agus is comhalta é faoi láthair in Institiúid Polaitíochta Ollscoil Harvard, áit a bhfuil sé i gceannas ar ghrúpa staidéir ar an Afraic sa chóras iltaobhach. Tá sé ina bhall ar Bhord na Stiúrthóirí den eagraíocht 'Search for Common Ground' ón bhliain 2003.

Briseadh Moose mar Phríomhfheidhmeannach agus cuireadh as oifig é mar uachtarán ar bhord Institiúid Síochána na Stát Aontaithe (USIP) an 14 Márta 2025, mar chuid d’iarrachtaí Tí Bháin Trump cláir chúnaimh choigríche a fhaigheann tacaíocht feidearálach a atreorú nó a fhoirceannadh. Luaigh urlabhraí an Tí Bháin Anna Kelly “neamhchomhlíonadh” ("noncompliance") USIP le hordú feidhmiúcháin le déanaí ón Uachtarán Trump mar chúis lena briseadh as a phost. Dúirt Kelly; "Rogue bureaucrats will not be allowed to hold agencies hostage. The Trump administration will enforce the president's executive authority and ensure his agencies remain accountable to the American people." Gheall Moose caingean dlí, ag rá "What has happened here today is an illegal takeover by elements of the executive branch of a private non-profit". Níl an USIP mar chuid den rialtas feidearálach.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Representatives of the U.S.A. to the European Office of the United Nations (Geneva)”. United States Department of State. Dáta rochtana: August 14, 2011.
  2. 2.0 2.1 "Doge occupies US Institute of Peace headquarters after White House guts its board". The Guardian.Associated Press (18 March 2025). "Doge breaks into US Institute of Peace Building after White House guts board". The Guardian. London, United Kingdom. ISSN 0261-3077. Retrieved 2025-03-18.
  3. Career Ambassadors”. United States Department of State. Dáta rochtana: August 22, 2011.