George J. Mitchell
Is iar-Sheanadóir na Stát Aontaithe é George J. Mitchell (a rugadh ar 20 Lúnasa 1933).[1] Bhí Mitchell sa Seanad ó 1980 go dtí 1995 agus chaith sé tamall de na blianta sin ina cheannaire ar na Daonlathaigh ó 1989 go dtí 1985. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina thoscaire ag na Stáit Aontaithe i dTuaisceart na hÉireann agus sa Meánoirthear.[2]
Is iar-Sheansailéir ar Ollscoil na Banríona é.[3] D'fhág scannal Jeffrey Epstein smál ar a chlú sna 2020idí.





Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dlíodóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Lárionad Dlí Ollscoil Georgetown is ea Mitchell, áit a ndearna sé staidéar ar an dlí mar mhac léinn tráthnóna. Bhí sé ina aturnae trialach sa Rannóg in Aghaidh Trustaí, de chuid Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe, ina chúntóir feidhmiúcháin ag An Seanadóir Edward S. Muskie agus ag ag cleachtadh an dlí go príobháideach i Portland, Maine (1965 go 1977.)
Aturnae na Stát Aontaithe le haghaidh Maine ab ea Mitchell (1977-79). Bhí sé ina bhreitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Maine (1979-80).
Bhí Mitchell ina chomhpháirtí sa chomhlacht dlí domhanda DLA Piper
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Mitchell chun téarma an tSeanadóra Muskie mar Sheanadóir de chuid SAM a chríochnú.
Toghadh agus atoghadh sa phost sin é sa bhliain 1982 agus 1988, agus é ina Cheannaire ar an Mionlach sa Seanad ó 1989 go 1995.
Taidhleoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar Thoscaire Speisialta SAM do Thuaisceart Éireann ó 1995 go 2001 bhí ról tábhachtach ag Mitchell i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann, go mór mór agus Comhaontú Aoine an Chéasta faoi chaibidil. Tugadh creidiúint do Mitchell. cathaoirleach na gcainteanna in Stormont, as Comhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach.[5]
Dá réir fuair sé ardghradam in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Chaith Mitchell deich mbliana mar Sheansailéir, post oinigh, ó 1999 go 2009, agus údar gaisce ag an ollscoil ab ea an ceangal leanúnach sin leis.
Ní ba dhéanaí, bhí sé ina Thoscaire Speisialta de SAM don Mheánoirthear (2009-11). Ach níor éirigh leis chomh maith is a d'éirigh leis i dTuaisceart Éireann.[6]
Bunaíodh in 1998 an "George J Mitchell Scholarship", tionscal den US-Ireland Alliance. Thug an clár scoláireachtaí (go dtí 2024) deis d'iarchéimithe as Meiriceá a theacht ag staidéar in ollscoileanna in Éirinn.[7]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scaoileadh i mí Feabhra 2026 cáipéisí ag léiriú go raibh an Seanadóir Mitchell i dteagmháil leis an gciontóir gnéis Jeffrey Epstein tar éis a chiontaithe. Roimh 2026, mhaígh Mitchell go minic nach raibh aon teagmháil aige le Epstein tar éis a chiontaithe.
Foilsíodh ríomhphoist ina ndearna Epstein iarrachtaí cruinnithe idir an bheirt a eagrú i 2010 agus 2013.[8] Agus foilsíodh arís líomhaintí a rinne Virginia Giuffre, nach maireann, gur cuireadh iachall uirthi caidreamh collaí a bheith aici le Mitchell. Shéan an t-iarSheanadóir gur casadh air í ariamh agus dúirt gur ainmnigh sí eisean in earráid nuair is duine eile a bhí i ngrianghraf.[7]
Mar thoradh ar an eolas sna comhaid, d'fhógair an US-Ireland Alliance nach mbeidh ainm an tSeanadóra luaite a thuilleadh lena gcuid scoláireachtaí.
D'fhógair Ollscoil na Banríona, Béal Feirste go mbainfí ainm an tSeanadóra den Institiúid a ainmníodh ina onóir, an Institiúid um Shíocháin Dhomhanda, Slándála agus Cheartais.[9] Fógraíodh freisin go mbainfí anuas an dealbh, busta de leis an ealaíontóir Colin Davidson a nochtadh mar cheiliúradh cúig bliana fichead ar an gComhaontú.[10]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós an Seanadóir Sally Heath sa bhliain 1961. Fuair siad colscaradh sa bhliain 1987. I mí na Nollag 1994, agus é 61 bliain d'aois, phós Mitchell Heather MacLachlan, 35 bliain d'aois ag an am.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Life and Career of George Mitchell | C-SPAN.org" (en-us). www.c-span.org. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ Máirtín Ó Catháin. "Comhaontú Aoine an Chéasta, Conamara, an imirce agus an Seanadóir George Mitchell" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-20.
- ↑ "U.S. Senate: Art & History Home > Paintings > George J. Mitchell". www.senate.gov. Dáta rochtana: 2026-02-02.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (4 Feabhra 2026). "Dia beag ab ea an Seanadóir George Mitchell… go dtí nárbh ea" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ Bhí Mitchell ina Chathaoirleach Emeritus agus ina Chathaoirleach Oinigh ar An Tionscadal Domhanda um Cheartas. nó an "World Justice Project"
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-02-02). "Ainm Mitchell sciúrtha de Scoláireacht de bharr nasc le Epstein" (as ga-IE).
- ↑ Seanín Graham, Mary Carolan (2026-02-02). "Queen’s University Belfast cuts ties with George Mitchell, denaming research centre" (en-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-03.
- ↑ "The Senator George J. Mitchell Institute for Global Peace, Security and Justice | Research | Queen's University Belfast" (en). www.qub.ac.uk (2019-10-18). Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ "Epstein files: Queen's University Belfast cuts ties with George Mitchell over Epstein links" (en-GB) (2026-02-02). Dáta rochtana: 2026-02-02.