George Graham (déantóir clog)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeorge Graham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Iúil 1673
Cumberland, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Samhain 1751
78 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmuaireadóirí, geoifisiceoir, cumadóir, réalteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnThomas Mudge agus Philippe Vayringe (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 7069 Cuir in eagar ar Wikidata

Déantóir clog, ceapadóir agus geofhisiceoir Sasanach ab ea George Graham (Kirklinton, Cumberland, 7 Iúil 1673 – Londain, 20 Samhain 1751). Ball de Chumann na gCarad a bhí ann dála a chomhghleacaí, Thomas Tompion. Sa bhliain 1688 agus é 15 bliana d'aois thug sé aghaidh ar Londain le dul chun oibre faoi Tompion. Ní ba dhéanaí, phós sé Elizabeth Tompion, neacht le Thomas.

D'éirigh Graham ina chomhpháirtí de Thomas Tompion sna blianta deiridh. Cuirtear ina leith roinnt feabhsúchán i ndearadh na gclog luasctha, an luascadán mearcair agus i mionsamhlacha clogoibritheacha na bpláinéad (orreries). Rinneadh Máistir Chuideacht Onórach na nDéantóirí Clog de sa bhliain 1722.

Ar an líon mór printíseach a d'oibrigh faoi Graham bhí Thomas Mudge, duine a bhain amach clú dó féin mar dhéantóir clog freisin. Chaith sé seo na blianta 1730–1738 ag obair faoi Graham.