Jump to content

Geilleagar na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGeilleagar na Rúise

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 66° 25′ N, 94° 15′ E / 66.42°N,94.25°E / 66.42; 94.25
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síeconomy of the Soviet Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil1,577,524,145,963.2 $ (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
OTI ainmniúil in aghaidh an duine10,749 $ (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Cúlchiste iomlán432,730,507,964 $ (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrarúbal na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Le linn 2022-2024, d’éirigh go maith le geilleagar na Rúise déileáil le smachtbhannaí an iarthair agus costais ollmhóra an chogaidh. Spreag caiteachas míleata agus praghsanna arda fuinnimh figiúirí fáis dearfacha in 2022–2023.[1] Thug an cogadh borradh gearrthéarmach trí chaiteachas míleata, ach mhéadaigh sé na fadhbanna a bhí ann cheana: daonra ag laghdú, spleáchas ar acmhainní, easpa nuálaíochta agus anois spleáchas méadaithe ar an tSín.

Cúinsí maireachtála

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí olltáirgeacht náisiúnta circa €2 trilliún ag an Rúis sa bhliain 2025 i gcomparáid le circa €15 trilliún ag an Aontas Eorpach. Bhí an Rúis ag caitheamh sciar i bhfad níos airde de sin ar chúrsaí míleata- 7% in 2025 i gcomparáid le 1.7% ar an meán san Aontas Eorpach.

In 2024 ba í an mheán-olltáirgeacht náisiúnta do thíortha an Aontais Eorpaigh ná €40,000 i gcomparáid le €13,000 don Rúis. Nuair a bhreathnaítear ar shaol an phobail lasmuigh de na mórchathracha (ar nós Mhoscó agus Cathair Pheadair), is cosúil le tír tearcfhorbartha go leor den Rúis. Mar shampla níl fáil ag 24% den daonra ar uisce glan sa bhaile i gcomparáid le 3% san Aontas Eorpach.[1]

Le linn 2026, bhí an fhianaise dul i méid go bhfuil muintir na Rúise thíos go fadtéarmach le cinneadh Putin infheistiú ina aisling impiriúil seachas i bhforbairt na tíre.

An míleatú a bhí taobh thiar de dhul chun cinn na heacnamaíochta nuair a d'ionsaigh an Rúis an Úcráin, sa bhliain 2014 agus go hairithe in 2022.

Tá an t-ionradh tar éis an geilleagar a mhíleatú agus rogha an dá dhíogha atá anois ann ó thaobh cúrsaí caiteachais idir gunnaí agus gach rud eile.

Fadhbanna struchtúracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhéadaigh an t-ionradh ar an Úcráin in 2022 fadhbanna struchtúracha na Rúise.

Déimeagrafaíocht

Tá fadhb níos mó ag an Rúis ná mar atá ag an Aontas Eorpach le daonra atá ag dul i laghad agus in aois. Ina theannta sin, tá an daonra oibre ag laghdú, agus tá níos mó daoine oilte tar éis teitheadh ón tír ó 2022. De réir Bhanc na Fionlainne, tá cumas fáis na Rúise teoranta do 1–1.5% in aghaidh na bliana mar gheall ar an meath daonra agus ar tháirgiúlacht íseal. Tá an cogadh tar éis an fhadhb seo a mhéadú de bharr fir a bheith á mealladh ó mhargaí saothair le dul i mbun troda agus trí chosc a chur ar infheistíocht i gcláir oideachais agus nuálaíochta.

Spleáchas ar hidreacarbón

Tá an t-ionradh tar éis spleáchas na Rúise ar ola agus gás a dhaingniú. Cé gur thug praghsanna arda fuinnimh faoiseamh gearrthéarmach, tá an Banc Domhanda ag tabhairt foláirimh go bhfuil an spleáchas seo ina chontúirt fhadtéarmach. Tá an domhan ag bogadh i dtreo fuinneamh glan, agus tá na príomhthomhaltóirí ag iarraidh fuinneamh a sholáthar ó fhoinsiú éagsúla. Nuair a thitfidh praghsanna nó nuair a laghdóidh an t-éileamh, beidh an Rúis i sáinn.

Teicneolaíocht.

Mar gheall ar smachtbhannaí sna 2020idí, tá rochtain na Rúise ar chaipiteal agus ar theicneolaíocht an Iarthair gearrtha go géar, rud a chuireann bac ar an nuálaíocht, ar tháirgiúlacht agus ar fhéidearthachtaí fáis.

Míleatú

Ní chruthaíonn an caiteachas míleata nuálaíocht ná táirgiúlacht fhadtéarmach; cruthaíonn sé spleáchas ar bhuiséad an stáit agus ar thionscail nach dtugann buntáiste ó thaobh na hiomaíochta domhanda. Toisc go bhfuil acmhainní agus saothair á mhealladh i dtreo thionscal na n-arm, táthar ag fágáil infreastruchtúr, oideachas agus sláinte d’uireasa infheistíochta.

Spleáchas ar an tSín

Mhéadaigh an Rúis a spleáchas ar an tSín sna 2020idí, rud a chuireann teorainn lena neamhspleáchas straitéiseach. Cé go soláthraíonn an tSín earraí tomhaltóra, comhpháirteanna tionsclaíocha agus margaí do na hacmhainní nádúrtha, tá an caidreamh seo neamhchothrom. Tá an Rúis ag éirí níos spleáiche ar chóras íocaíochta na Síne, ar infheistíocht shrianta agus ar theicneolaíochtaí nach bhfuil ar aon leibhéal leis na caighdeáin san iarthar. Cuireann an spleáchas seo teorainn le cumas na Rúise straitéis eacnamaíochta neamhspleách a fhorbairt agus laghdaíonn sé a cumhacht idirnáisiúnta.[1]

Níl cuma mhaith ar a bhfuil i ndán don gheilleagar sna 2030idí. Laghdóidh an t-ionradh ar an Úcráin cumas na Rúise dul i ngleic le fadhbanna struchtúracha fadtéarmacha na tíre (ar an dóigh chéanna, chuir an t-ionradh ar an Afganastáin sna 1980idí dlús le meath an Aontais Shóivéadaigh). De réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda, tá an todhchaí soiléir: fás íseal, meath struchtúrach, agus spleáchas ar chomhpháirtí nach dtugann forbairt fhadtéarmach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Fachtna Ó Drisceoil (4 Eanáir 2026). "An Rúis cheana féin ina fear tinn na hEorpa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-05.