Gealach ghorm
Cuma

Is éard atá i gceist le gealach ghorm ná
- Seachmall radhairc annamh, ina mbíonn cuma ghorm ar dhiosca na Gealaí. Má bhíonn páirteagail le trastomhas 0.8-1.8 miocrón san atmaisféar—mar shampla, de thoradh brúchtadh bolcáin nó tine foraoise — scaiptear an solas dearg amach as an líne radhairc ach tagann an solas gorm isteach, agus bíonn cuma ghorm ar an nGealach. Tarlaíonn a leithéid maidir leis an nGrian freisin, agus feictear grian ghorm.[1]
nó
- Nuair a tharlaíonn gealach "ghorm" faoi dhó le linn aon mhí amháin. Tarlaíonn sé seo 7 uair gach 19 bliain. Níl an ghealach gorm i ndáiríre. Tháinig an "sainmhíniú" seo ar an bhfód sna Stáit Aontaithe sa 20ú haois.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gealach ghorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 309.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |