Jump to content

Gaza Freedom Flotilla, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGaza Freedom Flotilla, 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 35° 56′ 29″ N, 14° 50′ 31″ E / 35.941322°N,14.841842°E / 35.941322; 14.841842
Cineálaerionsaí Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2 Bealtaine 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 2 Bealtaine 2025, rinne Iosrael ionsaí dróin ar long shibhialtach, a bhí ag triall ar Chríocha na Palaistíne. agus ar Ghaza chun fóirithint a sheachadadh. "The Conscience" an t-ainm a bhí ar an long, árthach de chuid "Chomhghuaillíocht na Saoirse" nó Gaza Freedom Flotilla. Thug Comhghuaillíocht na Saoirse le fios go raibh gníomhaithe ó 21 tír ar bord na loinge, agus go raibh sé mar aidhm acu dúshlán a thabhairt don "ghabháil mhídhleathach" a bhí déanta ag Iosrael ar Gaza.[1][2]

Sa bhliain 2010, rinne Iosrael ionsaí ar longa de chuid an "Gaza Freedom Flotilla". Maraíodh deichniúr.[3]

Ó 2ú Márta 2025 - tráth a chlis ar an sos cogaidh - bhí cosc curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza. Ach ar an 27 Aibreán 2025, thug an Clár Domhanda Bia, atá á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe, le fios go raibh na soláthairtí bia ídithe go mór. Bhí 2.4m duine in Gaza in 2025 agus dúirt Cumann na Croise Deirge go raibh cliste go hiomlán, nach mór, ar iarrachtaí cúnamh daonnúil a chur ar fáil don phobal ansin, i ndiaidh cúig mhí dhéag den chogaíocht. Bhí fainic curtha ag na Náisiúin Aontaithe ar Iosrael go bhfuil muintir Gaza i mbaol gorta.[2]

Ionsaíodh long shibhialtach nach raibh armtha. Tháinig longa eile i dtarrtháil ar an long fóirithinte, a bhí trí thine, in uiscí 17 muirmhíle amach ó chósta Mhálta in uiscí idirnáisiúnta.[4]

Bhí an long trí thine nuair a tháinig árthach eile i gcabhair ar an gcriú. Bhí an tine faoi smacht faoi 1:28am. Chuaigh fórsaí armtha Mhálta i gcabhair orthu freisin ar árthach eile. Faoi 2:13am, bhí sé deimhnithe go raibh gach duine a bhí ar bord slán sábháilte.[2]

Lá níos déanaí, bhí an long fóirithinte fós taobh amuigh d'uiscí Mhálta, agus monatóireacht á déanamh uirthi."

D'ionsaigh long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta, sárú é seo ar an dlí idirnáisiúnta.

Ní raibh aon ráiteas déanta ag Iosrael maidir leis an ionsaí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Jason Burke (2025-05-02). "Gaza humanitarian aid ship ‘bombed by drones’ in waters off Malta" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-05-03.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-05-02). ""Ionsaí Dróin déanta ar long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta"" (as ga-IE). 
  3. "Gaza flotilla raid" (as en) (2025-04-12). Wikipedia. 
  4. "Flotilla Coalition Ship To Gaza Attacked In International Waters| Countercurrents" (en-US) (2025-05-03). Dáta rochtana: 2025-05-03.