Gath
| Cineál | irisleabhar |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Gaeilge na hAlban |
| Bunaitheoir(í) | Gath Earranta |
| Tréith | |
| Seánra | Iris liteartha |
| Príomhábhar | Cúrsaí reatha, gearrscéalta, aistí, filíocht, agus léirmheasanna |
| Foilsithe i | Alba |
Gath ("ga"[1]) ab ainm d'iris i nGaeilge na hAlban a d'fhoilsíodh Gath Teoranta.[2][3][4][5][6][7] Mar chomharba ar an iris Gairm, foilsíodh an chéad eagrán de Gath i mí Lúnasa 2003. Bhí scéalta, aistí agus filíocht i ngach eagrán; foilsíodh breis is 500 scéal le linn na hirise.[8][9] Chuir Bòrd na Gàidhlig maoiniú caipitil ar fáil[10] agus foilsíodh Gath go leathbhliantúil idir 2003 agus 2008.[8]
Foilsíodh saothar le Crìsdean Whyte, Aonghas Phàdraig Caimbeul, Maoilios Caimbeul, Meg Bateman, Aonghas Dubh MacNeacail, Iain Moireach, Alison Lang, Moray Watson, Rob Shirley, Fionnlagh MacLeòid, Gregor Addison agus Eilidh Rosach, san irisleabhar.[11] Ba iad Dòmhnall E. Meek, Jo NicDhomhnaill agus Richard Cox na heagarthóirí.[8]
Ciallaíonn an teideal "Gath" sruth solais ("ga gréine"), nó cealg.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kevin P. Scannell (2016). "gath". Foclóir Gàidhlig–Gaeilge.
- ↑ "Gath : an iris Ghàidhlig" (as Béarla). Worldcat.
- ↑ Watson, Moray (23ú Márta 2011): An Introduction to Gaelic Fiction (as Béarla). Edinburgh University Press, lch 60. ISBN 0748688064.
- ↑ Mac Neacaill, Aonghas. "A YEAR IN SCOTTISH GAELIC WRITING." Transcript: Europe's Online Review of International Writing. Feicthe 20ú Eanáir 2017. As Béarla.
- ↑ Raghnall MacIlleDhuibh (2003). "Bho ghairm a' choilich gu gath an t-seillein". The Scotsman. Feicthe 20ú Eanáir 2017.
- ↑ MacIomhair, Dòmhnall Iain (20ú Bealtaine 2004). "'Gath' Smuain no dha le Domhnall Iain MacIomhair" Curtha i gcartlann 2017-02-01 ar an Wayback Machine. Gasaet Steòrnabhaigh. Feicthe 20ú Eanáir 2017.
- ↑ Alison Lang & Wilson McLeod. "Gaelic culture for sale: language dynamics in the marketing of Gaelic music" (PDF). Research on Language Policy and Language Planning. Ollscoil Dhún Éideann. Feicthe 20ú Eanáir 2017.
- 1 2 3 "Gath (iris)". Curtha i gcartlann 2018-12-05 ar an Wayback Machine Comhairle nan Leabhraichen. 2007.
- 1 2 Catriona Elizabeth Timm. "Indigenous Language Revitalization in Aotearoa New Zealand & Alba Scotland" (PDF) (as Béarla).
- ↑ "Bòrd na Gàidhlig Press Release". Bòrd na Gàidhlig.(as Gaeilge na hAlban agus Béarla). Bòrd na Gàidhlig. 15ú Deireadh Fómhair 2003.
- ↑ "Gath (iris) 2007". Comhairle nan Leabhraichean. 2007.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |