Jump to content

Gareth Sheridan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGareth Sheridan
Gníomhaíocht
Gairmfiontraí, cumadóir, duine den lucht gnó, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
24 Deireadh Fómhair 2025Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsheridanforpresident.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: GPSheridan1 Instagram: gareth_sheridan Cuir in eagar ar Wikidata

Fear gnó as Tír an Iúir i mBaile Átha Cliath is ea Gareth Sheridan (a rugadh in 1990/1991). In 2011, agus é fós ina mhac léinn, bhunaigh sé an comhlacht Nutriband.

Tá Nutriband luaite ar an Nasdaq. rath agus rathúnas air ó na 2010idí.[1] Ach bhí an comhlacht ag cailleadh airgid in 2025.[2]

Lógó 2025

Toghchán Uachtaránachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheol Gareth Sheridan a réamhfheachtas toghchánaíochta i mBaile Átha Cliath ar an 14 Lúnasa 2025, áit a ndúirt sé go raibh sé dóchasach go bhfaigheadh sé tacaíocht ó údaráis áitiúla na tíre. Fuair Sheridan tacaíocht dá ainmniú mar iarrthóir Uachtaránachta ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus ó Chomhairle Contae Laoise. Ní mór don té a dteastaíonn uaidh a bheith ina iarrthóir Uachtaránachta tacaíocht a fháil ó shé údarás áitiúla nó ó scór comhaltaí d'Oireachtas Éireann.

Tacaíonn Seán Gallagher agus an Seanadóir Sharon Keogan as Contae na Mí le Gareth Sheridan.

Dúirt an Sirideánach go mbeadh sé ag díriú ar cheist na tithíochta ina fheachtas toghchánaíochta, dá n-éireodh leis ainmniúchán a fháil.[1]

Fuair an Sirideánach ainmniúchán ó Chomhairle Contae Chiarraí agus ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann ar an 15/16 Meán Fómhair. D'iarr sé ar chomhairleoirí contae gan breathnú ar a uaillmhian mar bháire baoise. Tar éis an tsaoil, arsa sé, nach raibh iarrthóir gan aon dintiúir pholaitíochta roghnaithe ag an Taoiseach féin (Jim Gavin).[2]

Ach ar an 21 Meán Fómhair, theip ar an bhfear gnó dul i bhfeidhm ar na comhairlí áitiúla do Chontaetha na Mí agus Uíbh Fhailí. I gContae na Mí, shocraigh móramh 14-13 nach nglacfaí le hiarratas Sheridan (agus shocraigh móramh den chomhairle freisin nach gcuirfí aon ainm eile chun cinn ach an oiread).[3]

Dúirt Sheridan gur thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge arís nuair a d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 2025. D'fhreastail sé ar ranganna de chuid Cliste Grinds Academy leis an múinteoir Macdara Ó Béarra as an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Dúradh freisin go mbraitheann Sheridan go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach don uachtaránacht .

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-08-14). "Gareth Sheridan 'le díriú ar cheist na tithíochta'" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-09-16). "Ainmniúchán eile faighte ag Gareth Sheridan" (as ga-IE). 
  3. Nuacht RTÉ (2025-09-22). "Gareth Sheridan ag tarraingt siar" (as ga-IE).