Jump to content

Garderobe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An garderobe i gCaisleán Peveril, Derbyshire, Sasana

Is téarma stairiúil Béarla é garderobe ar chineál seomra i gcaisleáin mheánaoiseacha (Gaeilge: losán nó clóiséad).[1] Is é an chéad mhíniú a thugann Foclóir Béarla Oxford ar an bhfocal ná stóras do earraí luachmhara, ach luann sé freisin "dá réir sin, seomra príobháideach, seomra leapa; agus seomra príobháideach freisin".

Tagann an focal ón bhFraincis garde de robes, rud a chiallaíonn "cosantóir róbaí (nó éadaí)". Is é an téarma is coitianta a úsáidtear anois ná mar théarma do leithreas caisleáin.[foinse?]

Taobh istigh de losán ó dheireadh an 13ú haois ag Caisleán Chirk sa Bhreatain Bheag.

I gcaisleán meánaoiseach, bhíodh poll simplí de losán ann de ghnáth a sceitheadh an salachar isteach i mbréanlach síos nó isteach sa mhóta, ag brath ar struchtúr an fhoirgnimh. Is minic a bhíodh leithris den chineál sin taobh istigh de sheomra beag, rud a fhágann go n-úsáidtear an téarma "garderobe" chun cur síos a dhéanamh ar na seomraí féin. Is féidir go leor acu a fheiceáil fós i gcaisleáin agus i ndaingneáin Normannacha agus meánaoiseacha, mar shampla i gCaisleán Bürresheim sa Ghearmáin, áit a bhfuil trí losán fós le feiceáil. Chuaigh siad as feidhm le tabhairt isteach na pluiméireachta faoi dhíon.[foinse?]

Léiríonn cur síos ar an losáin i gCaisleán Dhún na nGall gur creideadh go gcosnódh amóinia—fotháirge an eisfheartha—cótaí agus clócaí cuairteoirí ó leamhain nó ó dhreancaidí, tráth a bhí an caisleán céanna in úsáid.[2]

  1. ""losán"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-05-31.
    Féach áfach "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): losán". teanglann.ie. Dáta rochtana: 2025-05-31.
  2. "An Asbo in 14th Century England". BBC News. “The name garderobe – which translates as guarding one's robes – is thought to come from hanging your clothes in the toilet shaft, as the ammonia from the urine would kill the fleas”