Gaothfhuarú
Appearance
Laghdú sa teocht dhealraitheach a bhraitheann duine nuair a bhíonn sé amuigh sa ghaoth. Méadaíonn gaoth láidir an chailliúint teasa go mór ó chraiceann nochtaithe. Ag teocht íseal is i ngaoth láidir, is furasta hipiteirme a chur ar dhuine. Mar shampla, más -18 °C teocht an aeir, agus gaoth 7 m s-1 ag séideadh, is í -38 °C an teocht dhealraitheach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gaothfhuarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |