No Béarla (clár teilifíse)
Cuma
(Athsheolta ó Gan Béarla)
| Seánra | clár faisnéise |
|---|---|
| Cruthaitheoir | Manchán Magan |
| Aisteoirí | |
| Tír | Éire |
| Bealach teilifíse | TG4 |
| An chéad eipeasóid | 7 Eanáir 2007 |
| An eipeasóid dheireanach | 18 Aibreán 2008 |
| Líon eipeasóidí | 8 |
| Tuilleadh eolais | |
Clár faisnéise ceithre chuid é No Béarla a craoltadh ar TG4 agus a léirigh Dearg Films. Leanann sé an láithreoir Manchán Magan agus é ag taisteal ar fud na hÉireann ag iarraidh Gaeilge amháin a labhairt leis na daoine lena gcasann sé.[1]
Is é Boulevard of Broken Dreams le Green Day an téamamhrán. Craoladh an chéad shraith ar dtús ar oícheanta Dé Domhnaigh idir 21:30 agus 22:00, agus athchraoladh í tráthnóna Dé Céadaoin idir 19:30 agus 20:00. Craoladh í ón 7ú Eanáir go dtí an 28ú Eanáir 2007. Craoladh an dara sraith den chéad uair ar an Aoine ag 19:30, ag tosú ar an 28 Márta 2008. Bhí 8 n-eipeasóid ann san iomlán.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Manchán Magan (2007-01-05). “No Béarla TV Series”. manchan.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 October 2009. Dáta rochtana: 2010-01-28.