An Páipéar (nuachtán)
An chéad eagrán, a foilsíodh ar an 1 Samhain 2024 | |
| Cineál | nuachtán |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 1 Samhain 2024 |
| Áit a fhoilsithe | Ráth Chairn |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Seachtanán |
| Lá a fhoilsithe go rialta | Dé hAoine |
| Príomheagarthóir | Caoimhín Ó Cadhla |
| Formáid dáilte | I gcló agus ar líne |
Is nuachtán seachtainiúil é An Páipéar.[1] Seoladh é den chéad uair ag Oireachtas na Samhna 2024.[2][3] Is é 20 leathanach an eagrán toirt an nuachtáin.[4][5]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Gaelmheáin Teoranta i mí Dheireadh Fómhair go raibh an comhlacht ar tí “an chéad nuachtán clóite Gaeilge ó cuireadh deireadh le Gaelscéal” a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil gach Aoine ón 1 Samhain 2024.
Ba é Eoghan Ó Néill a sheol an nuachtán ar an 1 Samhain 2024[6] agus bhí cóipeanna den chéad eagrán ar fáil ag Oireachtas na Samhna 2024. Scríobh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an chéad alt sa nuachtán.[7]
Ní ball de Chomhairle Preasa na hÉireann é An Páipéar[8] ach anois agus bliain slánaithe acu tá sé i gceist acu cur isteach ar bhallraíocht.[4]

Dáileadh agus maoiniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Murab ionann agus foilseacháin reatha Gaeilge eile, ní forlíonadh ach nuachtán "leis féin" é An Páipéar.[9]
In am a sheolta, bhí an nuachtán ar díol i 300 siopa “ar fud na tíre” ar €3 nó £2.50. Leagan amach táblóideach atá air agus é lándaite. Dúirt an tEagarthóir Caoimhín Ó Cadhla gurb é “aidhm Ghaelmheáin Teoranta go mbeidh an nuachtán ar fáil i ngach siopa sa tír”.[7] Foilsítear ábhar ó eagráin chlóite ar líne.[10]
Cuireadh síntiúis éagsúla ar fáil:
- eagrán clóite, €20.84 (€12.50 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa
- eagrán digiteach, €6.70 in aghaidh na míosa
- eagrán clóite agus digiteach, €25.34 (€17.00 + €8.34 do phostas agus pacáistiú) in aghaidh na míosa
Tá margadh speisialta ar fáil do scoileanna.[11] Agus a gcéad bhliain ar an bhfód á ceiliúradh aige, thug Ó Cadhla le fios go raibh méadú faoi chúig tar éis teacht ar oiread na siopaí a bhí An Páipéar ar díol iontu, go 1,500 siopaí timpeall na tíre. Ag staid amháin bhíodar ag dáileadh 5,300 de a dúirt sé, níos mó ná trí oiread den líon lenar thosaíodar.[5]
Maoiniú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair An Páipéar cúpla miondeontas mar ghnó Gaeltachta agus iad á chur ar a mboinn. Níl aon mhaoiniú leanúnach Stáit ag An Páipéar ach tá fógraíocht ann. Deir Ó Cadhla gur ó eagraíochtaí éagsúla Gaeilge a thagann formhór a gcuid fógraíochta.[3][4]
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is "comharchumann oibrithe" atá i mbun an nuachtáin.[11][12] Tá Caoimhín Ó Cadhla[nóta 1] ina fhostaí lánaimseartha agus deir sé go bhfuil daoine eile ag obair go lánaimseartha ar an dearthóireacht. Is saoririseoirí an chuid eile den fhoireann. Íoctar iad, cé go dtugann Ó Cadhla le fios ndéanann cuid acu saor in aisce é ó am go chéile. Bíonn Cóilín Duffy i mbun dearthóireachta agus eagarthóireachta chomh maith.[4]
I measc na gcomhfhreagraithe, tá Cathal Ó Murchú, Eoin Ó Murchú (cathaoirleach ar Pháirtí Cumannach Éireann[nóta 2]), an Dr. Kerron Ó Luain, Domhnall Mac Concharraige, Cóilín Duffy agus Oisín Mac Fhearraí. I measc na scríbhneoirí tá Aedín Ní Thiarnaigh, an Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh, Aindrias Ó Cathasaigh, Síobhra Aiken, an Dr. Colm Mac Gearailt, Diarmuid Breathnach, Lisa Nic an Bhreithimh, Jack Mac Íomhair, an tOll. Pádraig Ó Duibhir agus Aodh McNeill.
- Caoimhín Ó Cadhla ar an Vicipéid
- Cathal Ó Murchú ar an Vicipéid
- Kerron Ó Luain ar an Vicipéid
- Eoin Ó Murchú ar an Vicipéid
- Diarmuid Breathnach ar an Vicipéid
- Cóilín Duffy ar an Vicipéid
- Jack Mac Íomhair ar an Vicipéid
Fuair Jack Mac Íomhair ainmniúchán sa chatagóir "Iriseoir na Bliana" ag Gradaim Chumarsáid an Oireachtais i 2025.[13][14][15]

Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leagan amach táblóideach atá ar An Páipéar agus é lándaite. I ngach eagrán (sé leathanach déag in 2024; 20 lch faoi dheireadh 2025[5]), tá rannóga nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta le fáil, tuairimíocht, ‘comhfhreagras’ (litreacha ó na léitheoirí), eagarfhocal, clár imeachtaí Gaeilge, léirmheasanna ar leabhar agus féile, rannóg oideachais, alt faoin mbéaloideas, sceidil teilifíse agus raidió, puzail, agus tuairiscí spóirt.[7] Is féidir leis an gcrosfhocal bheith "dúshlánach go maith".[16]
"Margadh difriúil" atá ag An Páipéar seachas Seachtain agus Scéal dar leis an láithreoir raidió Gráinne Uí Chaomhánaigh. Shíl sí go bhfuil An Páipéar ag díriú ar mórscéalta an lae a sholáthar do lucht léite na Gaeilge seachas scéalta atá níos ginearálta.[9][17][18]
Treoshuíomh polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann an riarthóir Caoimhín Ó Cadhla béim ar an "éagsúlacht"[3] mar sprioc agus thug sé le fios go bhfuil lucht an nuachtáin ag iarraidh "tuairim gach Gaeilgeoir" a chur in iúil ann. Deir sé gur mian leo tuairimí lucht imirce agus teifigh, dhaoine LADTA+, agus daoine faoi mhíchumas a chur ar a súile do léitheoirí na Gaeilge sa teanga céanna, chomh maith le níos mó scríbhneoireachta ó iriseoirí ban.[7][12] Ar cheist na Gaeilge, dúirt sé "Tuigimid go bhfuil fórsaí sa tsochaí a chuirfeadh brú orainn líne eagarthóireachta faoi leith a thógáil ach [...] ní bheidh drogall orainn ar chor ar bith dúshlán ceart a thabhairt don stát."[3]
Agus í ag trácht ar an gcéad eagrán, dúirt an léachtóir san Oideachas Síle Ní Choncheanainn gur "cheapas go raibh cineál claontacht i dtreo Shinn Féin sa chéad alt [...]".[16][19]
"Ar ndóigh bíonn a chlaonadh féin ag gach eagraíocht" a shíl an blagálaí agus tráchtaire Aonghus Ó hAlmhain ina thaobh sin. "Gaeil, den eite chlé" a thug sé ar an bhfoireann trí chéile.[20] Tar éis dornán eagrán a bheith foilsithe áfach, bhí malairt tuairime aige (féach thíos).[21][22]
Is ar an laghad acmhainní atá acu is mó a dhírigh an taighdeoir Rónán Ó Muirthile. "Tá sé deacair claonadh a aimsiú fé láthair" a dúirt sé agus gan ach roinnt míonna curtha isteach an An Páipéar, á rá freisin go mbíonn sé deacair theacht ar eolas faoi na comhfhreagraithe féin ná aithne a chur orthu.[22][23]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 21 Nollaig 2024, scríobh Cathal Ó Murchú sa Pháipéar gur "nochtaigh" fiosrúchán de chuid an Ghinearáil Rúiseach Kirillov "na bithshaotharlanna agus an taighde mícreabhitheolaíochta le haghaidh airm bhitheolaíocha faoi stiúir na Stát Aontaithe in oirthear na hÚcráine. [...] Mhaígh Kirillov [...] go raibh cuid mhaith fágtha le pictiúr sách cruinn a tharraingt ar a raibh ar siúl sna bithshaotharlanna. Bhí taighde ar siúl [...] chun oibreán bitheolaíoch a chruthú dírithe ar dhíothú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil cód géiniteach Rúiseach. Scannal thar a bheith tromchúiseach a bheadh ann más féidir é a chruthú." Chuir Ó Murchú fiosrúcháin de chuid na hETAC agus tíortha ECAT maidir leis an Siria, Sasana, agus an Úcráin ar an mbonn céanna le cinn a rinne gníomhaireachtaí de chuid na Rúise: "Sna scéalta luaite thuas, cé atá le creidiúint? I ndáiríre baineann sé sin go mór le claonadh an duine!".[24] De réir anailíse ó fhoireann de chuid an BBC, tá cuid de na líomhaintí a rinne Kirillov bréagach agus an chuid eile gan fhianaise.[25]
B'í tuairim Uí Almhain go raibh colúnaí(the) de chuid an pháipéir chomh tógtha sin le hiompair na Stát Aontaithe a cháineadh gur fhág sé báúil le cogadh na Rúise iad.[21] Go deimhin, is í "liarlóg" a thug sé ar an nuachtán ní ba dhéanaí ar an ábhar céanna.[22]
Ar an 6 Samhain 2025, labhair Caoimhín Ó Cadhla le Tús Áite (RnaG) faoin aiseolas a bhí á bhailiú ag RnaG óna suirbhé faoi na meáin Gaeilge. Thug sé le fios go mbíonn siad ag iarraidh tuairimí éagsúla a chur ar fáil. Cuireadh an cheist air an raibh bréagnuacht sa Pháipéar.[nóta 3] Mhaígh Caoimhín Ó Cadhla go mbíonn foinsí ann do gach alt a fhoilsítear sa Pháipéar agus go raibh corr-alt a bhí orthu stopadh ceal fianaise.[4]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: anpáipéar.ie
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gaelmheáin Teoranta (2024). "anpáipéar.ie". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Dé hAoine || An tOireachtas". www.antoireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-11-01.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Ciarán Dunbar (16 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán nua le seoladh ag an Oireachtas". NÓS. Dáta rochtana: 03 Samhain 2024.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Tús Áite (6 Samhain 2025). "Tús Áite: An Páipéar" (as ga-IE). Raidió na Gaeltachta.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Caoimhín Ó Cadhla (31 Deireadh Fómhair 2025). "Eagarfhocal #53". An Páipéar (Eagrán 53).
- ↑ Gaelmheáin (1ú Samhain). "Nuachtán nua Gaelach le seoladh ag an Oireachtas". An Páipéar (Uimhir 1): lch 1.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua seolta ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-02.
- ↑ Pat Kennedy (2023-06-19). "Member Publications | Press Council" (en-GB). pressombudsman.ie. Dáta rochtana: 2025-11-23.
- ↑ 9.0 9.1 Gráinne Uí Chaomhánaigh (2025-04-16). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 5.
- ↑ 11.0 11.1 Maitiú Ó Coimín (09 Deireadh Fómhair 2024). "Nuachtán clóite Gaeilge nua le seoladh ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ 12.0 12.1 Selma Catibusic (16 Nollaig 2024). "An Páipéar agus an Tábhacht a Bhaineann Leis". The University Times. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Gearrliosta 2025 | Gradaim Chumarsáide". An tOireachtas. Dáta rochtana: 13 Samhain 2025.
- ↑ "Gearrliosta ghradaim chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha" (19 Meán Fómhair 2025). An Páipéar (Eagrán 47).
- ↑ "Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha". Tuairisc.ie (2025-09-19). Dáta rochtana: 2025-11-13.
- ↑ 16.0 16.1 Síle Ní Choncheanainn (2024-11-06). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "D15 Today Tuesday". 92.5 Phoenix FM. Dáta rochtana: 2025-07-02.
- ↑ Gráinne Uí Chaomhánaigh (27 Samhain 2024). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-02.
- ↑ "S.NiChoincheannain@mic.ul.ie | Mary Immaculate College". Coláiste Mhuire gan Smál. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Smaointe Fánacha Aonghusa (6 Samhain 2024). "An Páipéar". aonghus.blogspot.com. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ 21.0 21.1 Aonghus Ó hAlmhain (12 Nollaig 2024). "Auferre trucidare rapere falsis nominibus imperium". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2025-07-01.
- ↑ 22.0 22.1 22.2 Rónán Ó Muirthile (12 Feabhra 2025). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ "Rónán Ó Muirthile - IADT" (en-GB). IEDL. Dáta rochtana: 2025-07-15.
- ↑ Cathal Ó Murchú (21 Nollaig 2024). "Feallmharú an Ghinearáil Kirillov". An Páipéar (Eagrán 8). Dáta rochtana: 2024-12-22.
- ↑ "Ukraine war: Fact-checking Russia's biological weapons claims" (en-GB). BBC (2022-03-11). Dáta rochtana: 2024-12-22.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge is é Ó Cadhla ach ghlac sé sos gairme chun dul i mbun an nuachtán a bhunú.
- ↑ Dream nach ionann iad agus Páirtí_Cumannach_na_hÉireann
- ↑ m.sh. faoin Úcráin, féach thuas