Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | grúpa sóisialta eagraíocht eagras LADTA+ |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 5 Bealtaine 1993 |
Bhí Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe (an GAA)[nóta 1] ina ghrúpa de dhaoine aeracha a bhuaileadh le chéile i gcomhthéacs sóisialta i mBaile Átha Cliath agus an Ghaeilge á labhairt acu.[1][2] Chuir Roy Ó Gealbháin ar bun é sa bhliain 1993. Bhíodar den mheon "nach gá an cultúr Gaelach a cheilt d'fhonn a bheith aerach."[3][4]
Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Roy Ó Gealbháin le fios gurb é a spreag bunú an GAA ná fáil amach go raibh aisteoir áirithe dá aithne, a chloiseadh sé ag labhairt as Gaeilge go minic, aerach é féin.[5] Cuireadh nóta i rannóg fógraí GCN chun fir aeracha a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt a chur ar an eolas go raibh grúpa sóisialta/cultúrtha ar na bacáin,[6] nóta a spreag freagraí go leor ó dhaoine den iliomad slite beatha ó fud fad an stáit.[5] Tháinig siad le chéile den chéad uair ar an 5ú Bealtaine 1993,[7] dhá mhí roimh an díchoiriúlú.[8]
Ainm scigaithriseach a roghnaíodh don ghrúpa, cur chuige atá coitianta "i measc na gluaiseachta homaighnéasaí, a cheistíonn dearcanna “coinbhinsiúnta” ar ghnéithe den chultúr", go háirithe i ndomhan fearúil heitreanormatach an spóirt.[9]
Cé gur ar fhir aeracha a bhí an comhluadar dírithe an chéad lá, thug mná leispiacha le Gaeilge tacaíocht dóibh. Níor fada go raibh an GAA ag cur fáilte roimh fhir aeracha agus roimh mhná leispiacha araon.[3]
Chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh bhunú an GAA freisin. Tar éis dó agallaimh bhríomhair a dhéanamh faoin GAA agus faoi chúrsaí aeracha eile ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí Cois Life, bhí ruainne beag díomá ar Ó Gealbháin mar dhea, nuair a fuair sé amach nach bhfuair RnaG oiread is gearán amháin ina thaobh. B'é tátal ar bhain Ó Gealbháin as ná nach ndeachaigh an meon Victeoiriach ó thaobh na moráltachta de i bhfeidhm ar chultúr na teanga riamh i bhfírinne.[5][10]
Cur chuige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh an GAA ag casadh le chéile gach re Sathairn le haghaidh deochanna, le dráma a fheiceáil, nó le haghaidh imeachtaí nach iad.[5] Ní "cruinnithe" a thugaidís air sin, nó bheadh sé sin ró-fhoirmeálta, ach "teacht le chéile". Ní bhíodh aon struchtúr docht nó clár oibre sainiúil leagtha amach ag an ngrúpa[1] ach bhí sé d'aidhm acu tacaíocht a thabhairt d'fhir aeracha gur mian leo iad féin a chur in iúl trí mheán na Gaeilge.[3] "Ach tá sé níos leithne ná sin. Bíonn muid ag plé cúrsaí an tsaoil agus cúrsaí reatha agus rudaí eile atá ag tarlú."[1]
Bhí comhluadar compordach ann i measc baill an GAA a chabhraigh le daoine "a gcultúr agus a dtreoshuíomh gnéasach a chur in iúl i dteannta a chéile."[3] Cé nach "ag lorg maitheas a dhéanamh don Ghaeilge" a bhíodar "ach maitheas a dhéanamh i measc saol fir homaighnéasacha agus mná leispiacha",[10] bhí an Ghaeilge ina nasc sóisialta idir na daoine dar le hÓ Gealbháin. Go deimhin, roghnaigh daoine áirithe an comhluadar sin le teacht amach ann den chéad uair.[5]
Leomh Ó Gealbháin a rá go bhfuil bheith aerach agus bheith i do chainteoir Gaeilge cosúil lena chéile ar bhealach – cuirtear suas leat a fhad agus nach ndéanann tú go poiblí é, nó lasmuigh d'áiteanna ceadaithe faoi leith, seachas sin tá brú mór ann bheith cosúil le daoine eile.[5][11] De dheasca na réamhchlaontaí a bhí coitianta i measc Béarlóirí i dtaobh na Gaeilge,[11] bhíodh daoine in aice leo ag stánadh scaití ar bhaicle fhir aerach i mbun comhrá sa Ghaeilge.[5] In áit géilleadh don mheon seo, ní i láithreacha a bhíodh cáil na Gaeilge ná an aerachais air a bhuailidís le chéile ach i bpub eile i mBarra an Teampaill don chuid is mó, in "áit neodrach ach é taobh istigh den triantán bándearg".[11]
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Ó Gealbháin le saol aiteach na hÉireann sa bhliain 1993 ach an GAA a bhunú, rud nach bhfaigheann sé an t-aitheantas cuí as i gcónaí agus scéal dhaoine aiteacha in Éirinn á ríomh.[12]
Tá lorg an GAA á leanúint ag grúpaí eile ó shin. Chuaigh bunaitheoir an Queercal Comhrá i gcomhairle le hÓ Gealbháin agus é ag iarraidh grúpa sóisialta nua ar mhúnla an GAA a chur ar bun san ardchathair. Tá tionchar an GAA orthu féin luaite ag lucht AAG freisin, cé gur cur chuige beagán éagsúil atá ag an gcomharghrúpa sin.[2][13]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clár de chuid TG4 ar Roy Ó Gealbháin (c. 37:50–40:10): Finné S4E6
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Woods, Jeannine. (1998). "Aithníonn queeróg queeróg eile: Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe agus gluaiseacht chomhaimseartha na Gaeilge Curtha i gcartlann 2025-06-29 ar an Wayback Machine" (as Béarla). Irish Journal Of Anthropology 3: lgh 41–59. https://doi.org/http://hdl.handle.net/10379/7081
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Woods (1998), lch 45.
- ↑ 2.0 2.1 Méabh Ní Thuathaláin (2018-04-19). "An chéad ‘Queercal Comhrá’ ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-23.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Ray Ó Gealbháin (Lúnasa 1993). "GAA Welcomes Women" (as Béarla ⁊ Gaeilge). Gay Community News (54): lch 8.
- ↑ Woods (1998), lch 49.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 Victoria White (23 Feabhra 1994). "Gay linn" (as Béarla). The Irish Times: lch 13.
- ↑ "Classifieds" (as Béarla) (Márta 1993). Gay Community News (49): lch 16.
- ↑ Roy Ó Gealbháin (Meitheamh 1993). "An Craic Aerach". Gay Community News (52): lch 9.
- ↑ Suzy Byrne (Lúnasa 1993). "Law Reform - Official" (as Béarla). Gay Community News (54): lch 3.
- ↑ Woods (1998), lgh 46–48.
- ↑ 10.0 10.1 Woods (1998), lch 50–52.
- ↑ 11.0 11.1 11.2 Woods (1998), lch 52–53.
- ↑ Seán Mac Risteaird (2025). "[Léirmheas] Reeling in the Queers: Tales of Ireland’s LGBTQ Past" (as Béarla). Estudios Irlandeses (20): lgh 213–216.
- ↑ Eoin Mc Evoy ⁊ Stiofán Ó Briain (Meitheamh 2023). "Fianaise an chlaochlaithe". Comhar: lgh 11–13.