Gaeilge Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bhain Ghaeilge Bhaile Átha Cliath agus na gceantar máguaird le canúint mhór lárnach na hÉireann, cé go raibh éagsúlacht ag baint léi de réir na háite i gContae Bhaile Átha Cliath féin. Bhí Gaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga sa chathair leis na céadta bliain. Níor mhair sí mar theanga phobail thar lár na 19ú haois, ach faoi 1900 bhí Athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil agus gréasán nua Gaeilgeoirí ag teacht ar an bhfód. Tá baint mhór ag an gcathair le fás na Gaeilge uirbí atá anois ann, canúint atá ag scaradh ó Ghaeilge na Gaeltachta.

Canúintí Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Pháil, de réir Dhlí 1488

Bhí an Pháil agus Baile Átha Cliath suite ag an gceann oirthearach de chanúint mhór lárnach a bhí á labhairt ina leaganacha difriúla idir iarthar Chonnacht agus inbhear Abhainn na Life agus ó dheas chomh fada le Contae Loch Garman. D’fhág sé sin gur chosúil príomhchanúint Chúige Laighean le Gaeilge Chonamara. Cuireadh an bhéim ar an gcéad siolla d’fhocal, agus taispeánann na logainmneacha gur fuaimníodh “cn-“ mar “cr-“. Sampla de sin is ea Cnoc Slinne (“Crooksling” an Bhéarla) i gContae Bhaile Cliath. Cuireadh fad leis an nguta ina leithéidí seo d’fhocail: poll, cill, coill, ceann, cam agus dream. Ba chuid suntais fuaimniú an ghuta ao, fuaim a ndéantaí ae di in oirthear Laighean agus í níos faide siar.[1]

Tá sé áitithe go mbíodh an bhéim ar an dara siolla den fhocal i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus go mbíodh béim ar an tríú siolla sa chás go mbíodh sé fada. San áit a mbíodh béim ar an dara siolla agus nach mbíodh 'í' ann dhéantaí lagú ar an gcéad shiolla agus ba mhinic go bhfágtaí gutaí tosaigh ar lár nuair a bhíodh béim ar an dara siolla: coláiste > cláiste, soláthar > sláhar.[2]

Maíonn Tomás Ó Raithile gur féidir go raibh gutaí fadaithe nó gutaí défhoghraithe ann chomh fada ó thuaidh le Baile Átha Cliath. Dhéantaí -e-i de -igh, i dtreo go bhfuaimneofaí mínigh mar míne agus gealaigh mar geala. Duílinn a bhíodh ag Gaeilgeoirí ar imeall na cathrach ar Duibhlinn, is dócha, más fíor don Leabhar Breac. I ndeisceart an chontae d'fhuaimnítí 'sléibhe' mar 'slé': féach “Ballinclea” mar leagan de “Baile an tSlé”.

Dealraíonn sé gur bháigh tuisil an tabharthaigh na tuisil eile i nGaeilge na cathrach le himeacht aimsire. I litir a scríobhadh i mBaile Átha Cliath i 1691 faighimid gnóthuimh (áinsíoch), tíorthuibh (áinsíoch) and leithscéalaibh (ginideach).[3] Bhí Gaeilge Bhaile Átha Cliath suite idir an chanúint lárnach úd agus Gaeilge oirthear Uladh mar a bhí sí i gContae na Mí agus i gContae Lú ó thuaidh. Thabharfadh sé sin le tuiscint go raibh rian an dá shaghas Gaeilge úd ar Ghaeilge na cathrach.

Bhí údaráis Shasanacha Bhaile Átha Cliath sásta feidhm a bhaint as an nGaeilge agus a fhios acu go raibh sí á labhairt mar theanga choiteann. I 1655 ordaíodh do chuid de mhaithe na háite féachaint chuige go dtabharfaí léacht i nGaeilge. I Mí Mhárta 1656 ceapadh Séamas Corcy, sagart a d’iompaigh ina Phrotastúnach, chun seanmóir a thabhairt i nGaeilge ag paróiste Bhríde ar an Domhnach.[4] I 1657 dúirt coilínigh Shasanacha in achainí do Chomhairle Bhaile Átha Cliath go raibh Gaeilge “commonly and usually spoken" sa chathair.[5]

Ón 17ú haois amach a tháinig meath tubaisteach ar an nGaeilge i gCúige Laighean.[6] Mar sin féin, chaithfí go raibh an Ghaeilge mar theanga an phobail i roinnt ceantar i 1753,[7] agus tá fianaise ann go raibh an teagasc Críostaí á mhúineadh i nGaeilge i gcorrtheach pobail go dtí tuairim 1880.[8] Idir 1600 agus 1700 a thosaigh an mheánaicme áitiúil ag labhairt Béarla, agus scaip an Béarla idir 1700 agus 1800. I 1801 deir an Statistical Survey of the Royal Dublin Society faoi labhairt na teanga i mBaile Átha Cliath: “Very few speak Irish”.[9] Ar éigean a bhí aon phobal traidisiúnta á labhairt ann ó lár an 19ú haois amach.[10]

1500-1700[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile Átha Cliath i 1610

Sa 16ú haois a rinneadh na chéad tagairtí do labhairt na teanga i mBaile Átha Cliath agus sa Pháil. Thug feidhmeannach Sasanach faoi deara sa Pháil i 1515 gur raibh an Ghaeilge láidir ann -

"all the common people of the said half counties that obeyeth the King's laws, for the most part be of Irish birth, of Irish habit and of Irish language".[11]

D'aontaigh an Sasanach William Gerard (Ard-Seansailéir na hÉireann sa dara chuid den 16ú haois) leis sin - “all English, and the most part with delight, speak Irish, and greatly are spotted in manners, habit and condition with Irish stains” (1578).[12]; agus mhaígh Richard Stanyhurst (staraí de chuid na Sean-Ghall ó Bhaile Átha Cliath) go raibh a leithéidí féin sa Pháil iompaithe ar an nGaeilge -

“when their posteritie became not altogither so warie in keeping, as their ancestors were valiant in conquering, the Irish language was free dennized in the English Pale: this canker tooke such deep root, as the bodie that before was whole and sound, was by little and little festered, and in manner wholly putrified…” (1587).[13]

Is féidir léargas a fháil ar an nGaeilge timpeall Baile Átha Cliath mar a bhí sí i lár an 16ú haois ó The Fyrst Boke of the Introduction of Knowledge (1547), leabhar leis an lia agus taistealaí Andrew Borde, Sasanach.[14] Tá cuid de na habairtí mar a leanas (agus litriú ceartaithe idir lúibíní):

How are you? Kanys stato? [Canas 'tá tú?]
I am well, thank you Tam agoomawh gramahogood. [Tá mé go maith, go raibh maith agat.]
Syr, can you speak Iryshe? Sor, woll galow oket? [Sir, 'bhfuil Gaeilig [Gaela'] agat?]
Wyfe, gyve me bread! Benytee, toor haran! [A bhean an tí, tabhair arán!]
How far is it to Waterford? Gath haad o showh go port laarg. [Gá fhad as [a] seo go Port Láirge?]
It is one an twenty myle. Myle hewryht. [Míle a haon ar fhichid.]
Whan shal I go to slepe, wyfe? Gah hon rah moyd holow? [Gathain a racha’ muid a chodladh?]

1700-1900[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cainteoirí Gaeilge le fáil go tiubh i mBaile Átha Cliath agus sna ceantair máguaird san 18ú haois. Bhí Seán agus Tadhg Ó Neachtain ar na daoine ba shuntasaí de ghrúpa d’fhilí agus de scríobhaithe sa chathair.[15]

Bhí éileamh ar lámhscríbhinní fós ann sa dara cuid den 18ú haois. Bhí Muiris Ó Gormáin ag obair i mBaile Atha Cliath mar scríobhaí ag an am agus fógraí aige (i mBéarla) in Faulkner’s Dublin Journal.[16]

Mar a tharla in áiteanna eile, tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa dara cuid den 19ú haois. Mar sin féin, thaispeáin daonáireamh 1851 go raibh a lán cainteoirí fós i gContae Bhaile Átha Cliath. Bhí Gaeilge á labhairt go coitianta sa chathair féin sa cheantar idir Sráid na mBráithre Bána agus Sráid Thomáis agus fógraí le feiceáil sa teanga. Bhí a lán seandaoine in Pimlico (sna Saoirsí) i ndeireadh na haoise nach raibh acu ach Gaeilge, agus bhí daoine ann a raibh Gaeilge mar theanga bhreise acu.[17]

Faoi dheireadh na haoise, áfach, bhí Athbheochan na Gaeilge faoi lán seoil, rud a chuidigh le gréasán Gaeilgeoirí a chothú agus iad aontaithe ag Conradh na Gaeilge.[18]

Gleann an Smóil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gleann an Smóil le fáil laisteas de Thamhlacht, 21km ó dheas ó Shráid Uí Chonailll, áit a dtugtar Bóthar na Bruíne air chomh maith. I sléibhte Chontae Bhaile Átha Cliath atá sé, gar go leor do Chnoc Montpelier.

Thug an scoláire Eoghan Ó Comhraí cuairt ar an ngleann sa bhliain 1837 le heolas faoi na logainmneacha a fháil. Tá an t-eolas sin le fáil i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (2 Lúnasa 1837):[19]

I met an interesting old man at the bottom of the glen from whom I collected the subjoined list of local names. His name is William Rafter — Uilliam Ó Rachtabhra, he is now 84 years old, with all his faculties in full vigour, and with more activity and buoyancy of spirit than his son, a man of about 50 years of age.... I speaks [sic] as good Irish as ever I heard spoken, as does his sister Una. He says that 40 years ago very few spoke English in the Glen except the Dublin Carmen — very few men of 40 years of age even now in the Glen that don’t understand tho’ they don’t speak the Irish.

Tá sé áitithe go bhféadfadh na logainmeacha Béarla a tháinig ar pháirceanna sa chuid deiridh den 18ú haois léiriú a dhéanamh ar thréimhse an mhalartú teanga.[20] Dúirt Malachi Horan, a rugadh sa bhliain 1847 agus a tógadh trasna an ghleanna ó Bhóthar na Bruíne, nach raibh aon chainteoirí dúchais Ghaeilge ann agus é óg.[21]

Rinne Seán Ó Donnabháin tagairt I 1852 do staid “in the glens of the County of Dublin, where the people still speak Irish”.[22]

Is beag Gaeilge atá le fáil i scéalta ón gceantar seo i mBailiúchán na Scol a bailíodh i dtríochaidí an 20ú haois.[23]

Gaeilge “nua” an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

Faoi na 1930í bhí saol bríomhar liteartha le fáil trí Ghaeilge sa chathair.[24] Lean ar chainteoirí dúchais ón nGaeltacht ag tabhairt a n-aghaidhe ar an bpríomhchathair i gcaogaidí, i seascaidí agus i seachtóidí an fichiú haois agus cuid acu sáite i saothrú agus i gcaomhnú na teanga. Orthu sin bhí na filí Caitlín Maude agus Máirtín Ó Direáin. Ach Gaeilgeoirí ba ea formhór na gcainteoirí líofa, cé go raibh sé de nós ag cuid acu cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht.

Faoi láthair tá Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag brath go mór ar na gaelscoileanna agus ar na gaelcholáistí, ós ann atá an méid is mó acu in Éirinn (os cionn tríocha scoil lán-Ghaeilge ar fad).[25] Tá tuairimí éagsúla ann faoi nádúr measctha na “Gaelscoilise” agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar an teanga, ní hamháin i mBaile Átha Cliath ach ar fud na tíre.[26]

Taispeánann na staidéir is déanaí go bhfuil meath ag teacht go tiubh ar Ghaeilge na Gaeltachta, rud a fhágann go mbeidh tábhacht ar leith feasta le gréasáin Ghaeilge Bhaile Átha Cliath mar fhoinse theanga.[27]

Níl aon fhianaise ann go bhfuil nasc tréan teangeolaíoch idir Gaeilge thraidisiúnta Bhaile Átha Cliath agus an Ghaeilge atá á labhairt anois ann. Tá baint éigin ag cuid de na Gaeilgeoirí leis an nGaeltacht agus a rian sin ar a gcuid Gaeilge, ach d’fhoghlaim a bhformhór a gcuid Gaeilge ar scoil. Ni raibh aon Ghaeilge ag a muintir le roinnt glún anuas. Is dóigh le cuid acu go bhfuil a gcuid Gaeilge neamhlogánta agus gan bhlas, agus í difriúil mar sin le Gaeilge na Gaeltachta.[28]

Tá sé curtha in iúl ag an teangeolaí Brian Ó Broin go bhfuil mais chriticiúil de chainteoirí Gaeilge sna cathracha anois agus méadú ar an líon cainteoirí a tógadh le Gaeilge agus a fuair oideachas tríthi. Tá an Ghaeilge chathrach ag athrú go tapa, áfach, agus maíonn sé go bhfuil maolú ag teacht ar an séimhiú agus ar an urú, gan trácht ar dhéadaigh chaola, ar chuimiltigh choguasacha agus ar chuimiltigh charballacha. Ní fios an ndéanfar canúint ar leith den Ghaeilge chathrach nó an ndéanfar criól di, ach is léir, dar leis, go bhfuil deighilt shuntasach teanga anois idir Gaeilge uirbeach agus canúintí na Gaeltachta.[29]

Cúrsaí sochtheangeolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thaobh na teangeolaíochta de tá éagsúlacht ag baint le Gaeilgeoirí uirbeacha i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile. Is léir, áfach, go mbaineann cuid mhaith acu leis an meánaicme oilte.[30][31] Tá sé áitithe gur minic atá Gaeilgeoirí níos oilte ná Béarlóirí agus go bhfuil gréasán láidir teanga acu, rud a thugann breis deiseanna fostaíochta dóibh agus ardú céime.[32]

Neartaíonn torthaí dhaonáireamh 2011 leis an tuairim sin. Tá Baile Átha Cliath chun tosaigh sa mhéid go bhfuil 18% de na cainteoirí laethúla Gaeilge (14,229 duine) le fáil i mBaile Átha Cliath agus ina chuid bruachbhailte.[33][34]

Maíonn John Walsh agus Bernadette O’Rourke go bhfuil buntáistí ag baint leis an limistéar uirbeach: “Osclaíodh spásanna nua úsáide don Ghaeilge (mar shampla in earnáil na Gaelscolaíochta agus i ngrúpaí nua óige agus siamsaíochta sna cathracha) agus ina theannta sin cruthaíodh ordlathas agus caidreamh nua idir saghsanna éagsúla cainteoirí”.[35]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Williams 1994, pp. 467-478.
  2. O’Rahilly, Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
  3. Féach Ó hÓgáin 2011.
  4. Berresford Ellis 1975, lch 156.
  5. Luaite in Berresford Ellis, lch 193.
  6. Labhrann Laighnigh, lch xiv agus xv, cé gurb í an 18ú haois a luann Williams i Stair na Gaeilge.
  7. Ua Broin, 1943, lch 25.
  8. Piatt, Donn S., 'An Dara Cuid - Seanghaeltacht Átha Cliath, An Naoú Céad Déag agus Go Deireadh' in Feasta, Márta 1952, lgh 2-4.
  9. Luaite in Ó Cuív, Irish Dialects and Irish-Speaking Districts, 1951, lch 77.
  10. Labhrann Laighngh, lgh xiv agus xv.
  11. "State of Ireland & Plan for its Reformation" in State Papers Ireland, Henry VIII, ii, 8.
  12. 2.15 Cal.S.P. Ire., 1574-85, 1578, luaite in Crowley, Tony (2002), lch 37, The Politics of Language in Ireland 1366-1922: A Sourcebook, Routledge.
  13. Luaite in Crowley, lch 24.
  14. Borde, Andrew, The Fyrst Boke of the Introduction of Knowledge, F.J. Furnivall (eag.), N. Trubner & Co., 1870, lgh 131–135: https://archive.org/stream/fyrstbokeintrod01boorgoog#page/n140/mode/2up }}
  15. Caerwyn Williams & Uí Mhuiríosa 1979, lgh 279 agus 284.
  16. Ní Mhunghaile 2010, lgh 239-276.
  17. Féach Máirín Mooney, ‘Irish in the Liberties (1850-1911)’ agus Liam Mac Mathúna, ‘Pobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath: Oidhrí agus Ceannródaithe’ in Ó Coigligh, Ciarán (eag.) (1985). An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Saotharlann Staire Bhaile Átha Cliath.
  18. Ó Conluain & Ó Céileachair 1976, lgh 148-153, 163-169, 210-215.
  19. Mac Giolla Chomhghaill, Aindí, Brainse na Logainmneacha, comhfhreagras le duine den phobal, mar a thuairiscítear ar an mblag http://aonghus.blogspot.ie/. Léite ar 20 Bealtaine 2016.
  20. Nolan, William, 'Society and Settlement in the Valley of Glenasmole' in Dublin City and County: from Prehistory to Present, BÁC: Geography Publications, lch 201, 1992: "The appearance of English fieldnames in the late eighteenth century may pinpoint the period of language transition".
  21. Little, Dr. George A., Malachi Horan Remembers, M.H. Gill and Son, LTD., BÁC, 1944.
  22. ’The Fenian Traditions of Sliabh-na-m-Ban,’ Transactions of the Kilkenny Archaeological Society, iml. 1, cuid 3, lch. 358 (1852).
  23. Bailiúchán na Scol, uimhir rolla 8927, Gleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath, 1/10/37 - 20/12/38, lch 13, Múinteoir: Sr. Ó Móráin: https://www.duchas.ie/ga
  24. Uí Mhuiríosa 1981, lgh 168-181.
  25. Léarscáil: http://www.gaelscoileanna.ie/schools/learscailmap/.
  26. Féach TEDxFulbrightDublin: Gaelscoilis – Error-laden pidgin or creative creole with Breandan mac Ardghail: http://www.fulbright.ie/tedxfulbrightdublin-gaelscoilis-breandan-mac-ardghail
  27. Féach an díospóireacht in Conchúr Ó Giollagáin & Martin Charlton 2015, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011: http://www.udaras.ie/media/pdf/002910_Udaras_Nuashonr%C3%BA_FULL_report_A4_FA.pdf.
  28. Walsh et al., 9.1
  29. Brian Ó Broin, ’Schism fears for Gaeilgeoirí,’ Irish Times, 16 Eanáir 2010: http://www.irishtimes.com/life-and-style/people/schism-fears-for-gaeilgeoir%C3%AD-1.1269494 : ‘When presenters with so-called “school Irish” came on the radio, my Gaeltacht friends say they tend to tune out, finding the Irish unpleasant, or difficult to understand. They tolerate much of TG4’s output, but grimace or change channels when city speakers come on. As for the hordes of Irish-speaking teenagers and parents who descend on the Gaeltacht during the summer months, they absolutely prefer to speak English with them. They say that the city folks’ Irish is simply too strange’.
  30. Walsh et al., 5.1
  31. McCloskey, James, 2006: “Irish as a World Language,” Seminar “Why Irish?,” PDF The University of Notre Dame, September 2005: http://ohlone.ucsc.edu/~jim/PDF/notre-dame.pdf}}
  32. Borooah, Vani K.; Dineen, Donal A.; Lynch, Nicola, ‘Language and Occupational Status: Linguistic Elitism in the Irish Labour Market, The Economic and Social Review, Volume 40, 2009, lgh 435–460: http://www.esr.ie/ESR_papers/vol40_4/Borooah.pdf
  33. Profile 9 What We Know – Education, skills and the Irish language : http://www.cso.ie/en/newsandevents/pressreleases/2012pressreleases/pressreleasecensus2011profile9whatweknow/
  34. Bhí 77,185 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais i mí Aibreáin 2011. Bhí 110,642 duine a dúirt gur labhair siad Gaeilge ar bhonn seachtainiúil lasmuigh den oideachas. B’ionann líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i réigiúin Ghaeltachta agus 23,175 duine. Bhí 6,813 breise a labhair Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Féach Bliain na Gaeilge 2013: http://gaeilge2013.ie/faoi/an-gaeilge/firici-figiuiri/
  35. John Walsh agus Bernadette O’Rourke, 'Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge,' ComharTaighde, Eagrán 1: http://www.comhartaighde.com/eagrain/1/

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caerwyn Williams, J.E. & Ní Mhuiríosa, Máirín (ed.). Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta 1979.
  • McCabe, Richard A.. Spenser's Monstrous Regiment: Elizabethan Ireland and the Poetics of Difference. Oxford University Press 2002. ISBN 0-19-818734-3.
  • Fitzgerald, Garrett, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy 1984.
  • Kelly, James & Mac Murchaidh, Ciarán (eag.). Irish and English: Essays on the Linguistic and Cultural Frontier 1600-1900. Four Courts Press 2012. ISBN 978-1846823404
  • Ní Mhunghaile, Lesa. 'An Eighteenth Century Irish scribe's private library: Muiris Ó Gormáin's books' in Proceedings of the Royal Irish Academy, Volume 110C, 2010, pp. 239–276.
  • Ní Mhuiríosa, Máirín. ‘Cumann na Scríbhneoirí: Memoir’ in Scríobh 5, eag. Seán Ó Mórdha. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta 1981.
  • Ó hÓgáin, Dáithí. Labhrann Laighnigh: Téacsanna agus Cainteanna ó Shean-Chúige Laighean. Coiscéim 2011.
  • Williams, Nicholas. ‘Na Canúintí a Theacht chun Solais’ in Stair na Gaeilge, eag. Kim McCone agus eile. Maigh Nuad 1994. ISBN 0-901519-90-1
  • Walsh, John; O’Rourke, Bernadette; Rowland, Hugh, New Speakers of Irish, Research Report prepared for Foras na Gaeilge: http://www.gaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/10/New-speakers-of-Irish-report.pdf
  • Archer, Peter, 'Fair Fingall', scríobhadh roimh 1949.
  • Bailiúchán na Scol, imleabhair Gort Inse Guaire, Loch Garman.
  • Bailiúchán na Scol, uimhir rolla 8927, Gleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath, 1/10/37 - 20/12/38, lch 13, Múinteoir: Sr. Ó Móráin
  • Damien Ó Muirí, Léirmheas, Comhar, Iml. 44, Uimh 7, Iúil., 1985, lch. 34 Comhar Teoranta.
  • Jenkinson, Biddy, 'Duinnín agus Na Beacha', An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire, Coiscéim, BÁC., 2008.
  • Little, Dr. George A. Malachi Horan Remembers, M.H. Gill and Son, LTD., BÁC, 1944.
  • Mac Giolla Chomhghaill, Aindí, Brainse an Logainmneacha
  • Mooney, Máirín, Irish in the Liberties: An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, 1985.
  • O’Rahilly , Thomas, Irish Dialects Past and Present, IALBÁC, BÁC, 1972.
  • Ó Broin, Colm, 300 words of Dublin Irish, Lá Nua 10 Samhain, 2008.
  • Piatt, Donn S., 'An Dara Cuid-Seanghaeltacht Átha Cliath, An Naoú Céad Déag Agus Go Deireadh' in Feasta, Márta 1952, lgh. 2-4
  • Piatt, Donn S., Béaloideas, 1945 agus 1947.
  • Piatt, Donn S., Caint Phiatt faoi Ballymorefin " 'Letters from Harold's Cross', Joly Pamphlet, Leabharlann Náisiúnta.
  • Piatt, Donn S., Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster, 1933, féinfhoilsithe.
  • Piatt, Donn S., Mhaireadar san Ardchathair, 1957.
  • Piatt, Donn S., 'Seanghaeltacht Chontae Átha Cliath (1536-1933)' in Feasta, Feabhra 1952, lgh. 9-12.
  • Rev. T. Lee, Eugene O'Curry Vol. 1 No. 3, 1899 Journal of the Limerick Field Club, 1897-1908. http://www.limerickcity.ie/media/054%20vol%202.6%20Eugene%20O'Curry%20cont.pdf de nós aige Gaeilge a labhairt leis na boicht
  • Titley, Alan, Opinion: Cancelled TG4 leaders debate speaks volumes about attitudes to Irish, Irish Times, (ag tagairt d'eachtra an Aire)
  • Wagner, Heinrich, Irish Dialects Past and Present, Thomas F. O’Rahilly, IALBÁC, BÁC, 1972.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]