Jump to content

Gaeil na Gaillimhe (CLG)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gaeil na Gaillimhe)
Bosca Sonraí EagraíochtaGaeil na Gaillimhe
Sonraí
Cineálclub spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh2016
Gníomhaíocht
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingaeilnagaillimhe.com

Facebook: GaeilNaGaillimhe X: gnag_clg Instagram: gaeilnagaillimhe Youtube: GnaG2016 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumann peile é Gaeil na Gaillimhe do mhná agus d'fhir a bunaíodh i nGaillimh sa bhliain 2016. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide an chumainn. Tá siad páirteach i sraitheanna agus craobhanna peile na Gaillimhe.[1][2]

Gaeil na Gaillimhe CLG
Bunaithe: 2016
Contae: Gaillimh
Roinn: Roinn a 6 i bpeil na mban,
roinn 8 i bpeil na bhfear
Peil: Sea
Iomáint: Ní hea
Dathanna: cróndearg agus ór
Páirc:
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Bunaíodh Gaeil na Gaillimhe ag gcruinniú in Áras na nGael i mí Eanáir 2016. Ina dhiaidh sin bhí dóthain ban cláraithe cheana le foireann a chur san iomaíocht i gcomórtais oifigiúla an chontae agus beagnach go leor fear. Tugadh le fios go raibh sé i gceist acu dhul i mbun traenála faoi cheann coicíse.[3][2]

Faoi lár 2017 bhí meascán ilghnéitheach daoine páirteach sa chumann lán-Ghaeilge, idir dhaoine bhí ag staidéar nó ag obair sa chathair agus daoine atá ag cur fúthu ann go fadtéarmach, lena n-áirítear daoine ón nGaeltacht, ón tSeapáin, agus ó Cheanada.[4]

Bhain na mná céad bua an chumainn i gcluiche craoibhe amach i Meán Fómhair 2018 ar Pháirc Theas na Gaillimhe. "Lá stairiúil" don chlub a thug urlabhraí an chumainn air. Bhí foirne ban agus fear araon acu faoin tráth sin, agus pleananna acu cur le líon na foirne arís.[5][6]

Chuir an cumann cois Coiribe ócáid "Foireann le Chéile" in gcomhpháirt le Walk the Talk sa bhliain chéanna.[7] Chuireadar Cúl Camp ar siúl i nGaelscoil Mhic Amhlaigh mar a bhí deis ag 80 gasúir imirt trí Ghaeilge, agus arís an bhliain dár gcionn.[8][9] Bhuaigh imreoir dá gcuid, Eoghan de Búrca, an teideal mar Laoch na bhFear amach agus foireann dá gcuid ag glacadh páirt i gComórtas Peile Ard Fheis Conradh na Gaeilge 2019 i Muineacháin.[10]

Tuairimíodh sa bhliain 2020 gurb iad "ceann dos na h-áiseanna ab fhearr a bhunaíodh sa Ghaillimh le blianta beaga anuas." Bíonn siad san iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta.[10] Is iad Gaeil na Gaillimhe freisin a chuir fáilte roimh chumann CLG Cheiltigh Phittsburgh ar a dtaisteal go hÉireann i gcomhair chluiche i mí Iúil 2024.[11]

Bhronn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha bonn óir ar Ghaeil na Gaillimhe sa bhliain 2023 i léiriú aitheantais ar a gcuid saothair ag cur na Gaeilge chun cinn sa CLG.[12]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]