Jump to content

Gadailiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachGadailiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Gadailiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachGd
Uimhir adamhach64
Mais adamhach157.249 agus 157.25
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.2
Ga ianach0.94 agus 1.05
Stair
AimsitheoirJean Charles Galissard de Marignac
Fionnachtain1880
EapainmJohan Gadolin

Is é an gadailiniam[1] dúil uimhir a 64, agus Gd an giorrúchán a fheictear sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na lantanóidigh é. Fuair sé a ainm ón gceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin, a raibh an-ról aige i dtaighde ceannródaíoch na miotal tearc-chré. Ba é an ceimiceoir Francach Paul Émile François Lecoq de Boisbaudran ba thúisce a d'aonraigh ocsaíd an ghadailiniam ó ocsaídí na lantanóideach eile, thiar sa bhliain 1886, ach ní rabhthas ábalta an miotal féin a aonrú ach le déanaí. Tá an gadailiniam in ann radaíocht neodrón a stopadh go héifeachtach, agus mar sin, úsáidtear mar sainsciath chosanta in aghaidh neodrón é. Úsáidtear gadailiniam san íomháú athshondais mhaighnéadaigh, teicníocht déanta íomhánna a cheadaíonn do na dochtúirí taighde a dhéanamh ar struchtúr inmheánach an choirp gan dul i dtuilleamaí radaíochta.

Is é +III an staid ocsaídiúcháin is dual don ghadailiniam ina chuid comhdhúl. Mar sin, is lantanóideach tipiciúil é.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. “gadailiniam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.