Jump to content

Gacha (cluichí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gacha le feiscint i ndáileoirí bréagán sa tSeapáin

Is seánra físchluiche iad cluichí gacha (Seapainis: ガチャ ゲーム, Rómhánú Hepburn: gacha gēmu), a bhaineann úsáid as stíl na meaisíní gacha (dáileoir bréagán) mar chuid den eispéaras imeartha. Cosúil le boscaí éadála i bhfíschluichí eile, caitheann imreoirí airgeadra cluiche chun mír nó chun carachtar fíorúil randamach a fháil. Is cluichí móibíleacha saorimeartha iad an chuid is mó de na cluichí seo, ina bhfeidhmíonn an gacha mar spreagadh chun airgead an fhíorshaoil a chaitheamh.[1]

Tháinig samhail na gcluichí gacha ar an bhfód go forleathan ag tús na mblianta 2010, sa tSeapáin ach go háirithe.[1] Baineann beagnach gach aon cheann de na cluichí móibíleacha is éadálaí sa tSeapáin (m.sh Dragon Ball Legends, Fire Emblem Heroes) feidhm as an ngacha, agus is cuid lárnach de chultúr na gcluichí móibíleacha é sa tSeapáin.[2] Baintear úsáid as an stíl gacha i gcluichí móra ón tSín (m.sh Genshin Impact, Wuthering Waves) agus ón Chóiré (m.sh Goddess of Victory: Nikke) chomh maith.[2][3][4]

Is iondúil go mbíonn go leor carachtair, cártaí agus míreanna eile le fáil sna cluichí seo, ach gan fáil ar an gcuid is mó acu ach amháin tríd an ngacha.[2] Is féidir le himreoirí an gacha a “tharraingt” nó a “chasadh” (amhail meaisín sliotáin nó roth rúiléide) ag baint úsáide as airgeadra cluiche, a thabharfaidh carachtar, cárta nó mír eile don imreoir[2]. Ar uairibh, cuirtear teorainn ama le gacha, ina gcuirtear duaiseanna áirithe nách féidir iad a fháil ach amháin trí imeacht ar leith.[2] Toisc go mbíonn seans níos lú ann go dtiocfaidh duaiseanna áirithe as, is gnách go mbíonn ar imreoirí an gacha a tharraingt arís agus arís eile sula bhfaigheann siad a bhfuil uathu.[2]

Baintear úsáid as córas "trua" i roinnt cluichí gacha. Is é athá i gceist le trua ná, mura bhfaigheann an t-imreoir an mhír tar éis roinnt méid tarraingtí áirithe, is cinnte go dtiocfaidh an mhír sin amach ar an gcéad tarraingt eile. Thá dhá chineál trua ann, mar athá "trua bhog" agus "trua chrua". Méadaíonn trua bhog an dóchúlacht go bhfaighidh an t-imreoir mír neamhchoitianta in aghaidh gach tarraingthe. Ach i gcás na trua crua, comhairtear líon iomlán na dtarraingtí agus tagann an mhír neamhchoitianta amach tar éis don imreoir uimhir réamhshocraithe tarraingtí a shroicheadh.

Bíonn duaiseanna gacha riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh i roinnt mhaith cluichí.[4] Is féidir le himreoirí tarraingtí a fháil in aisce nó ar lascaine i gcluichí gacha, ach caithfidh siad íoc as tarraingtí eile. Faightear leibhéil éagsúla tarraingthe gacha sna cluichí leis, a thugann a bhfoireann duaiseanna uathúil féin.[1]

Tarraingteacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc forbróirí cluichí, moltar an gacha mar acmhainn a chuireann ar a gcumas brabús a dhéanamh ar chluichí saorimeartha.

Mar gheall ar a ndéanann an córas gacha chomh mealltach san d'imreoirí, is féidir go bhfuil baint aige le nádur daoine rudaí a bhailiú agus cnuasach a dhéanamh, chomh maith le cosúlachtaí le cluichí cearrbhachais agus le cluichí cártaí babhtála. [5]

I saol na gcluichí gacha is gnách go bhfaigheann na comhlachtaí mórchuid den airgead a dhéanann siad ar an gcluiche ó mhionlach beag d'imreoirí, a chaitheann méid suntasach airgid ar an ngacha. Tugtar "míol mór" ar a leithéid de dhuine, agus "deilf" ar an duine a chaitheann suim mheasartha sa chluiche.

  1. 1 2 3 Famularo, Jessica. What Being a "Gacha" Video Game Means (en). Dáta rochtana: 2021-05-29.
  2. 1 2 3 4 5 6 Japanese gachas are sweeping F2P games in the West (en-US) (2016-11-02). Dáta rochtana: 2021-05-29.
  3. Nakamura, Yuji (2017-02-03). Nintendo treading on shaky ground as new mobile game takes 'gacha' global (en-US). Dáta rochtana: 2021-05-29.
  4. 1 2 How gacha can benefit Western game developers (en). Dáta rochtana: 2021-05-29.
  5. Will Luton (2013-05-27). "Free-to-Play: Making Money From Games You Give Away" (as en): 88. New Riders.