Jump to content

GAA Beo (clár spóirt)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is clár spóirt é GAA Beo a dhéanann clúdach cuimsitheach ar Chraobhchomórtais na gClubanna gach Domhnach ar TG4. Leanann an clúdach go dtí Cluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Mícheál Ó Domhnaill atá ina láithreoir, agus feictear anailís ann ó shaineolaithe agus tráchtaireacht ó imreoirí agus iar-imreoirí aitheanta.

Eolas faoin gclár

[cuir in eagar | athraigh foinse]
   Láithreoir: Mícheál Ó Domhnaill
   Tráchtaireacht: Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha, Gary Mac Donncha, Mícheál Ó Drisleáin, Conal Ó Máirtín
   Anailís: Tomás Ó Flatharta, Coman Goggins, Eimear Ní Ghallachóir, Declan Quill, Michelle Ryan
   Teanga: Gaeilge
 Bealach: TG4
   Dáta tosaigh: Meán Fómhair 2025