Jump to content

Géarchéim na Caismíre 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim na Caismíre 2025
Map
 30° N, 71° E / 30°N,71°E / 30; 71
Cineálbuille diúracáin
ionsaí dróin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2025 India–Pakistan War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 - 10 Bealtaine 2025
Dáta na blianaBealtaine 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Phacastáin, An Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Phacastáin agus an India Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocLashkar-e-Taiba (en) Aistrigh agus Hizb-ul-Mujahideen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna26 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe45 Cuir in eagar ar Wikidata
Armdiúracán treoraithe Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Le linn mhí na Bealtaine 2025, rinne India ionsaithe diúracáin ar an bPacastáin agus ar an gcuid den Chaismír atá á riaradh ag an bPacastáin, an choimhlint is measa idir an India agus an Phacastáin, dhá thír a bhfuil airm núicléacha acu, ó na 1990idí.[1]

Dúirt rialtas na hIndia go raibh ‘an Oibríocht Sindoor’ seolta acu, Chuir an India tús leis na hionsaithe sin mar dhíoltas ar ionsaí sceimhlitheoireachta ar an 22 Aibreán 2025, inar maraíodh 26 duine, turasóirí a bhformhór, i gceantar Pahalgam (baile saoire sa chuid na Caismíre atá á riaradh ag an India). Mhaígh rialtas na hIndia go raibh fianaise acu go raibh baint ag grúpaí sceimhlitheoireachta ón bPacastáin leis an ionsaí. Dúirt príomh-aire na hIndia Narendra Modi go rachfaí ‘trí thinte ifrinn’ chun teacht ar lucht an ionsaithe sin.

Gleann Betaab, Pahalgam,

Maíonn an India agus an Phacastáin araon gur leo an Chaismír go léir. Bhí aighneas ann faoi úinéireacht na Caismíre, atá ag bun na Himiléithe, ó d’éirigh leis an India agus an Phacastáin neamhspleáchas a bhaint amach ó impireacht na Breataine i 1947. I 1999 a bhí an cogadh deireanach idir an dá thír seo san aighneas faoin gCaismír.

Bhí éirí amach ar siúl le blianta fada sa chuid sin den Chaismír atá á riaradh ag an India. Bhí na mílte maraithe sa choimhlint sin.

Ach ó 2019 ar leith, bhí borradh faoin turasóireachta i nGleann na Caismíre, Jammu agus Ladakh. Tháinig laghdú ar an gcorraíl fhrith-Indiach. Bhí dianslándáil i bhfeidhm i gcónaí, ach bhí 3.5 milliún turasóir as India sa Chaismír le linn 2024.

Ar an 22 Aibreán 2025, tharla ionsaí sceimhlitheoireachta i Pahalgam sa Chaismír (India). Thug an t-ionsaí chun deiridh tréimhse réasúnta síochánta sa Chaisimir roimh 2025. I gceantar turasóireachta sa Chaismír sna Himiléithe a tharla an t-ionsaí, an ceann ba mheasa ar shibhialtaigh le scór bliain.[2] Chuaigh grúpa dar teideal "Kashmir Resistance," chun na meán sóisialta ag maíomh gurb iad a bhí freagrach as ionsaí Pahalgam, á rá go raibh na scórtha míle as ' an gcoigríoch' á lonnú sa réigiún in iarracht comhdhéanamh déimeagrafach na háite a athrú.[2]

Bhí an náisiúnaí Hiondúch agus pobalóir, Narendra Modi, mar Phríomh-aire na hIndia ag an am. Chuir sé an milleán ar an bPacastáin as an ionsaí lámhaigh i Pahalgam. Rinne sí líomhaintí go raibh an Phácastáin taobh thiar den ionsaí agus go dtacaíonn sí le foiréigean míleata sa Chaisimír. Bhí na líomhaintí seo séanta ag an bPácastáin.

Chuir an India bearta i bhfeidhm in aghaidh na Pacastáine; go hairithe, chuir India stop le conradh maidir le roinnt uisce as abhainn na hIondúise - cuireadh an Indus Waters Treaty (1960)[3] ar fionraí. B'ionann é agus cogadh a fhógairt, a dúirt Rialtas na Pacastáine.[4][2][5][6] D'fhógair an dá thír gníomhartha díoltais éagsúla eile in aghaidh a chéile; mar shampla, bhí na teorainneacha dúnta acu. Bhí eachtraí ann chomh maith inar ionsaigh trúpaí an dá thaobh a chéile le mionairm.

Cogaíocht India - Pacastáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Bealtaine 2025, rinne India ionsaithe ar “infreastruchtúr sceimhlitheoireachta” na Pacastáine. Mhaígh rialtas na hIndia gur dhírigh na hionsaithe ar naoi láthair agus gur láithreacha iad inar pleanáladh ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an India. Mhaígh an India gur maraíodh ar a laghad deichniúr sibhialtach in ionsaithe sliogáin na Pacastáine.[1]

Mhaígh rialtas na Pacastáin gur thug siad cúig eitleán de chuid na hIndia go talamh. Dúradh chomh maith go raibh cead tugtha d’fhórsaí na tíre macasamhail gnímh a dhéanamh in aghaidh na hIndia is a bhí déanta ag an India in aghaidh na Pacastáine. Mhaígh an Phacastáin gur maraíodh 26 duine agus gur gortaíodh 46 duine eile in ionsaithe na hIndia.[1]

Bhí an India ag cur i leith na Pacastáine go raibh bonneagair shíbhialta mar sprioc ag dróin armtha a bhí á scaoileadh aici in iarthar an réigiúin. Dúirt an Phacastáin gur bhuail an India 3 bhunáit aeir atá aicise, agus gur sin is cúis lena cuid ionsaithe siúd ar bhunáiteanna aeir leis an India.

Ar an 10 Bealtaine, tháinig sos comhraic idir an India agus an Phacastáin i bhfeidhm, ach é sách leochaileach. Bhí diúracáin á gcaitheamh idir an dá thaobh fós i réigiún na Caismíre.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "An teannas ag géarú idir an India agus an Phacastáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-07). Dáta rochtana: 2025-05-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-04-24). "É ordaithe do Phacastánaigh an India a fhágáil roimh 29 Aibreán" (as ga-IE). 
  3. "Indus Waters Treaty" (as en) (2025-04-25). Wikipedia. 
  4. "Pahalgam attack: Will India suspending Indus Waters Treaty affect Pakistan?" (en-GB). www.bbc.com (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-04-25.
  5. "India and Pakistan ramp up tit-for-tat spat as tensions mount over Kashmir attack" (en). AP News (2025-04-24). Dáta rochtana: 2025-04-25.
  6. Taidhleoirí as an bPacastáin an t-aon eisceacht leis an ordú seo, ach bhí a líon siúd laghdaithe
  7. Nuacht RTÉ (2025-05-10). "'Sos comhraic idir an India agus an Phacastáin'-Trump" (as ga-IE).