Jump to content

Géarchéim i Veiniséala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim i Veiniséala
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
  N, 67° O / 8°N,67°W / 8; -67
Cineáltarlú
socioeconomic crisis (en) Aistrigh
géarchéim pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2010 - 2 Feabhra 2025
Tréimhse2010 - 2025
Dáta na bliana2010 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVeiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
TírVeiniséala Cuir in eagar ar Wikidata
Cúis2013–present economic crisis in Venezuela (en) Aistrigh
caimiléireacht i Veiniséala
shortages in Venezuela (en) Aistrigh
coiriúlacht i Veiniséala
príosúnach coinsiasa Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis ledífhostaíocht
gorta
Venezuelan migration during the Bolivarian Revolution (en) Aistrigh
protests against Nicolás Maduro (en) Aistrigh
2017 Venezuelan protests (en) Aistrigh
Venezuelan refugee crisis (en) Aistrigh
Energy crisis in Venezuela (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna


Bhí géarchéim eacnamaíochta, pholaitíochta agus go deimhin dhaonna, i Veiniséala sna 2010idí. Tháinig Nioclás Maduro i gcomharbacht ar Hugo Chávez mar uachtarán ar Veiniséala in 2013 agus ba é rialtas Maduro ba chúis leis cuid mhór. Cuireadh imeaglú agus forlámhas ina leith go minic.

Bhí an tír buailte go holc ag an imirce sna 2010idí. Ba é an bád bán an t-aon dóchas a bhí ann.

Olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine
Agóid ollmhór, 17 Nollaig 2016
Caiteachas sláinte an stáit
Agóid ollmhór, 22 Bealtaine 2017
Diaspóra Veiniséala, 2019
Teifeach, 2020, sa Bhrasaíl
D'imigh an mhaláire ó smacht sa tír
Glúin an bháid bháin, Frontera San Antonio - Cúcuta, 2018
Dífhostaíocht (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta)
19 Aibreán 2017, dúnmharú Paol Ramírez;[1] chuaigh an ráta dúnmharaithe in olcas sna 2010idi

Idir 2015-2018, thréig 2.3 milliún duine (os cionn 7 faoin gcéad den daonra) an tír (sin a léirigh figiúirí ó na Náisiúin Aontaithe ag an am). Sin é an líon céanna teifeach – nó gar go leor dó – a thug aghaidh ar an Eoraip ón Meánoirthear agus ón Afraic sa tréimhse chéanna.

2018

Is beag conspóid a chothaigh an sruth inimirceach seo i Meiriceá Theas go dtí 2018.[2] Ach in 2018 bhí baic thaistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ag go leor de na tíortha in aice láimhe; mar shampla, bhí bac taistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ó thús 2018 ag an gColóim agus an tSile.

Chothaigh athlonnú na scórtha míle teifeach as Veiniséala fud fad na Brasaíle go leor conspóide sa tír sin.[3] I mí Lúnasa 2018 rinneadh ionsaí ar champa teifeach as Veiniséala i mbaile teorann sa Bhrasaíl. Rinneadh ionsaí ar champa inimirceach i mbaile beag Pacaraima i dtuaisceart na Brasaíle, áit a thrasnaigh os cionn 500 Veiniséalach an teorainn idir an dá thír chuile lá. De bharr na dteifeach, bhí brú ollmhór ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta an bhaile. Cuireadh an lasair sa bhairille nuair a rinne roinnt Veiniséalach fear gnó áitiúil a robáil. Ansin chuir buíon de mhuintir na háite campa de chuid na n-inimirceach trí thine agus theith 1,200 teifeach ar ais thar teorainn go Veiniséala.

Ní bhíodh pas ag teastáil ó shaoránaigh Veiniséala chun taisteal chuig mórchuid na dtíortha eile i Meiriceá Theas. Ach in 2018 bhí pas á éileamh ar mhuintir Veiniséala ag Peiriú agus Eacuadór, rud a d’fhág na sluaite Veiniséalach a bhí gan phasanna sáinnithe ar theorainneacha na dtíortha sin.

Bhí géarchéim na n-inimirceach as Veiniséala ina hábhar imní ar oileáin Aruba, Curação agus Bonaire (nach bhfuil ach dhá scór ciliméadar amach ó chósta Veiniséala). Is cuid den Ísiltír iad (agus, dá réir sin, den Aontas Eorpach). Tháinig 5,000 teifeach go dtí Aruba in 2018, nó ionann is 5 faoin gcéad de dhaonra iomlán an oileáin, agus 6,000 ar oileán Curação, nó ionann is 4 faoin gcéad de dhaonra iomlán an oileáin sin.

Beartas eacnamaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus cúrsaí ag dul in olcas in 2018, chuir Maduro pacáiste beartas eacnamaíochta i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an ngéarchéim bhoilscithe agus sholáthair bhia sa tír.

Baineadh cúig náid de luach airgeadra na tíre (ar baisteadh ainm nua air lena chois, bolívar soberano), tháinig méadú 3,000 faoin gcéad ar an íosphá, agus cuireadh deireadh leis an bhfóirdheontas don ola (bíodh an peitreal is saoire ar domhan ar fáil i Veiniséala).

Ba bheag an mhuinín a chuir muintir Veiniséala sna beartais. Bhí agóidí móra sna cathracha agus scuainí ollmhóra ag na hollmhargaí agus faitíos ar an bpobal go rachadh géarchéim an tsoláthair bhia i ndonas.[2]

2019

I mí Eanáir 2019 insealbhaíodh Maduro don dara tréimhse in oifig aige. Cuireadh caimiléireacht toghchánaíochta i leith an rialtais agus rinne an freasúra baghcat ar an toghchán.

Dúirt ceannaire an fhreasúra, Juan Guaidó, a bhí ina uachtarán ar "thionól náisiúnta Veiniséala" ag an am, go mbeadh sé féin sásta áit an uachtaráin Maduro a thógáil. Mhaígh Guaidó go raibh an ceart sin aige de réir an bhunreachta, ós rud é gur mheas an freasúra go raibh uachtaránacht Maduro mídhlisteanach.

Bhí Veiniséala i gceartlár cogadh idé-eolaíoch a bhí á fhearadh ag pobalóirí de chuid na heite fíorchlé agus na heite fíordheise ar a chéile. In 2019 thug Maduro, ‘Hitler an lae inniu’ ar Jair Bolsonaro, a chomhghleacaí sa Bhrasaíl. Ag dul thar fóir a bhí Maduro, mar is dual do cheannairí pobalacha.

D’fhág nach mór 8 milliún Veiniséalach a dtír dhúchais idir 2015-2023 ann – nó duine as gach cúigear. I Meiriceá Theas agus Láir, cuireadh ‘Teitheadh na Veiniséalach’ i gcomparáid le géarchéim na dteifeach ón Meánoirthear san Eoraip.

In 2019 d’fhógair Ernesto Araújo, an tAire Gnóthaí Eachtracha i rialtas Bolsonaro, go mbeidh an Bhrasaíl ag tarraingt amach as Conradh Domhanda na hImirce, comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe a shínigh 150 tír in 2018 i gcathair Marrakesh i Maracó.[3]

2023

D’eagraigh Maduro, reifreann inar fiafraíodh ar aontaigh pobal Veiniséala le hionghabháil a dhéanamh ar cheantar Essequibo, ar cuid den Ghuáin é. D’aontaigh 95 faoin gcéad de mhuintir Veiniséala le Maduro gur cuid de Veiniséala é réigiún Essequibo ó cheart; dhiúltaigh an Ghuáin scun scan don dearcadh sin. Ní raibh sa reifreann agus i gcaint throdach Maduro ach cleasaíocht réamhthoghcháin.[4]

2024

I mí Iúil 2024, bhí "bua" ag Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta Veiniséala, a thríú téarma sé bliana. Ach bhí easpa trédhearcachta agus calaois curtha ina leith ag an bhfreasúra. I mí na Bealtaine 2024, tarraingíodh siar cuireadh a bhí tugtha do mhonatóirí idirnáisiúnta. De réir na dtorthaí oifigiúla bhí rud beag le cois 51 faoin gcéad de na vótaí ag Maduro agus bhí breis agus 44 faoin gcéad ag iarrthóir an fhreasúra, Edmundo González. Ach cuireadh isteach ar an bhfreasúra nuair a theastaigh uathu súil a choinneáil ar chomhaireamh na vótaí.[5]

Seachas Vladimir Putin agus ceannairí na Síne, na Bolaive agus Chúba, ba bheag duine taobh amuigh de Veiniséala a chreid go raibh bua ionraic ag Maduro. Níor thug na Stáit Meiriceá ná cuid mhaith tíortha eile aon aitheantas do réimeas uachtaránachta Maduro, ag maíomh gur tré chaimiléireacht a bhuaigh sé an toghchán. Bhí amhras caite ag ceannairí roinnt mhaith tíortha i Meiriceá Theas agus Láir ar thoradh an toghcháin agus dá bharr sin bhí an ruaig curtha scun scan ag Maduro ar ambasadóirí na dtíortha sin (an Airgintín, an tSile, Peiriú, Uragua, Cósta Ríce, Panama agus an Phoblacht Dhoiminiceach).[5]

Gabhadh Maduro ach fágadh an regime i gceannas (foinse: Rialtas na S-A, 2020)

2025-2026

In 2025 bhí luaíocht $50,000,000 á tairiscint ag na Stáit Aontaithe chun Maduro a gabháil agus é a chur ar a thriail ar chúiseanna drugaí agus sceimhlitheoireachta.

Bhí sé geallta ag Donald Trump in 2025 go gcuirfeadh sé trúpaí Meiriceánacha isteach i Veiniséala in iarracht brú a chur ar an Nioclás Maduro éirí as oifig. I dtús 2026, gabhadh Maduro ach d'fhan a rialtas i gceannas.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Killing of Paola Ramírez" (as en) (2024-02-10). Wikipedia.
  2. 1 2 Alex Hijmans (22 Lúnasa 2018). "An réiteoidh athruithe eacnamaíochta i Veiniséala an ghéarchéim imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
  3. 1 2 Alex Hijmans (16 Eanáir 2019). "Briatharchath i Meiriceá Theas agus Maduro agus Bolsonaro in adharca a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
  4. Alex Hijmans (2 Eanáir 2024). "Toghcháin, toghcháin agus tuilleadh toghchán – súil chun cinn ar an domhan in 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
  5. 1 2 Alex Hijmans (31 Iúil 2024). "An lámh in uachtar ag Maduro i Veiniséala, amhras caite ar thoradh an toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.