Géarchéim an Choinscríofa (Éire, 1918)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtGéarchéim an Choinscríofa
Cineálconscription crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1918 Cuir in eagar ar Wikidata


síníodh geall i gcoinne an choinscríofa ar fud na tíre

Tharla Géarchéim an Choinscríofa[1] in Éirinn sa bhliain 1918. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, chuaigh an náisiúnachas Éireannach chun géire, agus bagairt an choinscríofa ag dul i bhfeidhm ar an tír. Rinneadh radacú ar mheon na nÉireannach mar sin.

Chuir an Ghearmáin tús le hionsaí ollmhór ar an bhFronta Thiar ar 21 Márta 1918 ("Ionsaí an Earraigh"). Agus tuairiscí scanrúla os a gcomhair ón bhFrainc, mhol comhaireacht cogaidh na Breataine an coinscríobh a shíneadh go hÉirinn (bhí an coinscríobh i bhfeidhm sa Bhreatain ó 1916 ar aghaidh).[2][3] Tharla cliseadh Chomhdháil na hÉireann in Aibreán 1918 ag an am céanna

John Dillon ag caint ag mórchruinniú i gcoinne an choinscríofa i mBealach an Doirín, Co. Ros Comáin
Páirc Síochána d'Oileán na hÉireann, Messines sa Bheilg

Na hImeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ar 18 Aibreán, i dTeach an Ardmhéara, BÁC, ag comhdháil uile-pháirtí, glacadh leis an ngealltanas chun ‘Diúltú do cheart Rialtas na Breataine seirbhís éigeantach a fhorfheidhmiú sa tír seo’ agus ag gealladh chun ‘cur i gcoinne na coinscríofa leis na meáin is éifeachtaí atá ar fáil againn’.
  • Ar 21 Aibreán, síníodh geall i gcoinne an choinscríofa ar fud na tíre mar fhreagra ar an mBille. Ba é an "Irish Anti-Conscription Committee" a thug an geall isteach ar dtús, coiste ar a raibh ceannairí móra náisiúnaithe, ina measc Éamon de Valera, John Dillon agus Art Ó Gríofa.
  • Ar 23 Aibreán, rinne Páirtí an Lucht Oibre agus Gluaiseacht na gCeardchumann stailc ghinearálta a ghairm.

Go háirithe, thacaigh an Eaglais Chaitliceach go díograiseach leis an ngluaiseacht frithbheartaíochta. Dé Domhnaigh an 21 Aibreán shínigh beagnach dhá mhilliún duine an gealltanais frithchoinscríofa taobh amuigh de gheataí eaglaisí. Léirigh sé seo go raibh pobal na hÉireann ag dul i gcoinne an chogaidh ag an am sin.

Cé gurb é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann is mó a chur i gcoinne an Bhille i Westminster, ba é Sinn Féin a rinne an cáineadh ba ghlóraí faoin bhfeachtas i gcoinne an choinscríofa agus chuaigh siad i bhfeidhm ar go leor de mhuintir na tíre.

Cos ar bolg an stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh lucht na gluaiseachta náisiúnta le chéile chun cur in aghaidh an choinscríofa. Ach nuair a thosaigh siad ag déanamh agóide, ní raibh cúl ar an Rialtas ach iad a chaitheamh i bpríosún. Mar shamplaː

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chor cinniúnach í Géarchéim na Coinscríofa i Stair na hÉireann agus dóibh uile a bhí bainteach léi an am sin.

  • Bhí borradh ar earcaigh nua chuig Óglaigh na hÉireann, Sinn Féin agus Cumann na mBan le linn ghéarchéim an coinscríofa. Dhianaigh aonaid na nÓglach druileáil oíche rúnda.
  • Bhí méadú géar ar líon na n-ionsaithe chun airm agus armlón a fháil.
  • Rinneadh Géarchéim an Choinscríofa ardú Shinn Féin a dhaingniú.
  • Cáineadh Páirtí na hÉireann faoi John Dillon nár éirigh leo an bille a threascairt i bParlaimint ar an gcéad dul síos.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""conscription "". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.
  2. UCC / Atlas of the Irish Revolution. "AONAD 6: Cuid a Dó - Réabhlóid Pholaitiúil: Borradh Shinn Féin / GÉARCHÉIM AN CHOINSCRÍOFA". Dáta rochtana: 2021.
  3. UCC / Atlas of the Irish Revolution. "Unit 6: Part 2 - The Rise of Sinn Féin and the First Dáil". Dáta rochtana: 2021.
  4. centenaries.ucd.ie. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.