Gás nádúrtha in-athnuaite
| Substaint cheimiceach | Renewable fuels (en) |
|---|---|
| Eile | |
| net zero (en) | |

Is éard atá i gceist le bithmheatán nó gás nádúrtha in-athnuaite[1] ná gás a ghintear go nádúrtha a bhfuil próiseáil déanta air agus is féidir a úsáid mar fhoinse fuinnimh inathnuaite. Gintear é trí bhíthin ábhar amhail plandaí agus ainmhithe.[2] Is gás in-athnuaite neodrach ó thaobh carbóin de é bithmheatán.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aithnítear sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (Rialtas na hÉireann) an deis chun tionscal mór dúchasach bithmheatáin a fhorbairt, ar plean é ina ngealltar tacú le suas le 5.7 TWh de bhithmheatán a tháirgtear go dúchasach a sholáthar faoin mbliain 2030.
Na difríochtaí idir gás nádúrtha in-athnuaite agus bithghás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an príomhdhifríocht ná gurb é bithghás an gás amh a tháirgtear ó dhianscaoileadh ábhair orgánaigh, agus gurb é gás nádúrtha in-athnuaite (nó biomeatán) an leagan próiseáilte, glanta den bhithghás sin.
Bithghás
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gás amh ó dhianscaoileadh anaerόbach
- Meascán gás: ~50-70% meatán, ~30-50% dé-ocsaíd charbόin (CO₂), móilíní uisce, hidreasulfáid (H₂S), ammóinia (NH₃) agus eilimintí eile
- Ní féidir é a úsáid go díreach i líonraí gáis nádúrtha
- Úsáidtear go háitiúil é (ar fheirmeacha, busanna, i monarchana fuíolldhíothaithe srl)
Gás nádúrtha in-athnuaite/bithmheatán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bithghás atá próiseáilte agus uasghrádaithe
- ~95-98% meatán (tar éis an phróiseála)
- Tá eilimintí díobhálacha bainte as
- Is féidir é a instealladh isteach i líonraí gáis nádúrtha traidisiúnta
Mar sin, is próiseas é: fuíoll orgánach → bithghás (amh) → uasghrádú/glanadh → bithmheatán /gás nádúrtha in-athnuaite (glan)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ biomeatán uaireanta. I mBéarla, biomethane nó renewable natural gas (RNG)
- ↑ climatejargonbuster.ie. "Biomeatán" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2025-09-19.
- ↑ "Gas Networks Ireland | Moving Ireland's Energy" (ga). www.gasnetworks.ie (2025-09-15). Dáta rochtana: 2025-09-19.