Jump to content

Futa Fata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFuta Fata
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Bunaitheoir(í)Tadhg Mac Dhonnagáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deFoilsiú Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfutafata.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Mise Raiftearaí: an Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin – Gradam Uí Shúilleabháin 2015, foilsithe ag Futa Fata

Bhunaigh Tadhg Mac Dhonnagáin an teach foilsitheoireachta Futa Fata sa bhliain 2005, a dhírigh ar leabhair Ghaeilge do pháistí. Bhí sé mar fhís aige go mbeadh leabhair Ghaeilge ar an ardchaighdeán céanna ó thaobh scríbhneoireachta, deartha agus táirgthe de le leabhair i dteangacha eile ar fud an domhain.[1]

Foilsíonn Futa Fata bunsaothair Ghaeilge agus cuireann an comhlacht leaganacha Gaeilge a ar fáil de leabhair aitheanta eile a foilsíodh i dteangacha eile ó údair iomráiteacha, leithéidí Tony Ross, Jeff Kinney, Oliver Jeffers agus Julia Donaldson ina measc.

Tugann Futa Fata tacaíocht d’údair agus maisitheoirí trí cheardlanna agus cúrsaí, ag tabhairt aitheantais d’ealaíontóirí ar nós Tarsila Krüse, Laureate na nÓg Patricia Forde, Paddy Donnelly agus Muireann Ní Chíobháin.

Ón gceannáras sa Spidéal, tá litríocht na Gaeilge do pháistí scaipthe go hidirnáisiúnta ag Futa Fata. Tugann an comhlacht ardán do scríbhneoirí a d’fhéadfadh a bheith ag plé le lucht léitheoireachta ní ba theoranta murach é.

Ainmníodh Dialann Dúradáin, a d'aistrigh Máirín Ní Mhárta d'Fhuta Fata, trí bhíthin chomórtais oscailte. Dúirt na foilsitheoirí go bhfuaradar iarratais "ó cheann ceann na tíre" agus ba í cailín bunscoile i dTír an Fhia a bhuaigh an comórtas.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]