Jump to content

Fuinneamh in-athnuaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le fuinneamh in-athnuaite (ar a nglaoitear fosta fuinneamh glas) ná fuinneamh ginte le hacmhainní in-athnuaite a a athshlánaítear le feadh saoil daonna. I measc na bhfoinsí a úsáidtear go forleathan, tá grianfhuinneamh/grianchumhacht, fuinneamh gaoithe/cumhacht ghaoithe agus hidreachumhacht. I roinnt tíortha, faightear go suntasach fosta cumhacht gheoiteirmeach agus bithfhuinneamh/bithbhreosla.

Samplaí d'fhuinneamh in-athnuaite: grianfhuinneamh/grianchumhacht sa Spáinn; fuinneamh gaoithe san Afraic Theas; Hidrileictreachas ar Dhamba na dTrí Mhám ar an Iaing-tsí sa tSín; bithfhuinneamh/bithbhreosla plant san Albain.

Glaoitear fuinneamh in-athnuaite athraitheach ar foinsí nach féidir cumhacht a ghiniúint go leanúnach, amhail is cumhacht ghréine agus cumhacht ghaoithe. I gcodarsnacht, tugtar fuinneamh in-athnuaite insmachtaithe ar fhoinsí eile ina n-áirítear hidrileictreachas dambáilte, bithfhuinneamh agus cumhacht gheoiteirmeach.

Mar phríomh-inspreagadh, forbraítear fuinneamh in-athnuaite chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dá bharr athrú aeráide a chosc. I gcoitinne, ní dhéanann foinsí in-athnuaite an méid sin truaillithe is breoslaí iontaise, truailliú aeir agus truailliú ó thorann san áireamh.[1]

Úsáidtear fuinneamh in-athnuaite go minic chun leictreachas a ghiniúint. Tá roinnt buntáistí ann: is féidir le leictreachas idir teas a bhogadh agus cumhacht a soláthar d'fheithicilí, agus is glan é ag a áit ídithe.[2][3]

Ó bhliain go bliain, éiríonn córais in-athnuaite níos éifeachtúla, níos saoire[4] agus níos iomaíche i gcoinne breoslaí iontaise.[5] Is in-athnuaite é an chuid is mó den toilleadh leictreachais nua ar domhain.[6] I roinnt áiteanna, is iad idir fótavoltach gréine nó gaoth ar tír an leictreachas is saoire a thógtar ar nua.[7]

Idir na blianta 2011 agus 2021, d'fhás fuinneamh in-athnuaite ó 20% go 28% den soláthar leictreachais. I measc seo, d'fhás fuinnimh ghréine agus gaoithe ó 2% go 10%. Ag an am gcéanna, laghdaigh breosla iontaise ó 68% go 62%.[8] Sa bhliain 2025, bhí fuinnimh in-athnuaite níos mó ná 30% de ghiniúint leictreachais agus meastar go mbéidh seo 45% faoin mbliain 2030.[9][10] San lá atá inniu ann, tá roinnt tíortha ann a ghineann 50% nó níos mó dá gcuid leictreachais le foinsí in-athnuaite.[11][12]

Chun astaíochtaí glan-nialais a bhaint amach faoin mbliain 2050, measann an International Energy Agency gur gá 90% de leictreachas an domhain a ghiniúint le fuinneamh in-athnuaite.[13] The current pace of renewable expansion remains far from this required rate globally,[14] go háirithe sna mór-gheilleagair amhail is an G7 agus an tAontas Eorpach (AE).[15]

Cuirtear baic fós i mbealach fuinneamh in-athnuaite, go háirithe fóirdheontas breosla iontaise,[16] stocaireacht ag an status quo,[17] agus daoine i gcoinne tionscadail in-athnuaite ina gceantair féin.[18][19] Maraon le gach sórt mianadóireachta, déantar dochar don timpeallacht ag tógáil mianraí ar an talamh.[20]

De réir roinnt daoine, is in-athnuaite é fosta fuinneamh núicléach, cé gur conspóideach an tuairim seo óir gur gá úráiniam, foinse neamh-inathnuaite, a bhaint.

  1. "Renewable energy: a first course" (2018). Boca Raton, Londain, Nua Eabhrac: Taylor & Francis, CRC Press.
  2. "Towards an electricity-powered world" (2011). Energy and Environmental Science 4 (9): 3193–3222. doi:10.1039/c1ee01249e. Bibcode: 2011EnEnS...4.3193A.
  3. "Solar Electricity and Solar Fuels: Status and Perspectives in the Context of the Energy Transition" (2016). Chemistry – A European Journal 22 (1): 32–57. doi:10.1002/chem.201503580. PMID 26584653. Bibcode: 2016ChEuJ..22...32A.
  4. "Global renewable energy trends". Deloitte Insights. Dáta rochtana: 20 Lúnasa 2026.
  5. "2023 Levelized Cost Of Energy+". lazard.com. Dáta rochtana: 2024-06-10.
  6. "Renewable Energy Now Accounts for a Third of Global Power Capacity". irena.org (2 Aibreán 2019). Dáta rochtana: 2 Nollaig 2020.
  7. IEA (2020). Renewables 2020 Analysis and forecast to 2025 (Tuairisc). p. 12. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 26 April 2021. Aisghafa 27 April 2021.
  8. "Renewables 2022" (14 June 2019). Global Status Report (renewable energies).
  9. "Global Electricity Review 2025". ember-energy.org. Dáta rochtana: 2025-04-11.
  10. "Renewables - Energy System". iea.org.
  11. "Renewable Energy" (January 2024). Our World in Data.
  12. Sensiba, Jennifer (2021-10-28). "Some Good News: 10 Countries Generate Almost 100% Renewable Electricity". CleanTechnica. Dáta rochtana: 2021-11-22.
  13. "Rapid rollout of clean technologies makes energy cheaper, not more costly". ina.org (2024-05-30). Dáta rochtana: 2024-05-31.
  14. "National growth dynamics of wind and solar power compared to the growth required for global climate targets" (19 July 2021). Nature Energy 6 (7): 742–754. doi:10.1038/s41560-021-00863-0. Bibcode: 2021NatEn...6..742C.
  15. "Have climate policies accelerated energy transitions? Historical evolution of electricity mix in the G7 and the EU compared to net-zero targets" (December 2023). Energy Research & Social Science 106. doi:10.1016/j.erss.2023.103281. Bibcode: 2023ERSS..10603281S.
  16. "Why fossil fuel subsidies are so hard to kill" (21 October 2021). Nature 598 (7881): 403–405. doi:10.1038/d41586-021-02847-2. PMID 34671143. Bibcode: 2021Natur.598..403T.
  17. "Incumbent lobbying as a barrier to forward-looking regulation: The case of demand-side response in the GB capacity market for electricity" (May 2020). Energy Policy 140. doi:10.1016/j.enpol.2020.111426. Bibcode: 2020EnPol.14011426L.
  18. "Sources of opposition to renewable energy projects in the United States" (as en) (June 2022). Energy Policy 165. doi:10.1016/j.enpol.2022.112922. Bibcode: 2022EnPol.16512922S.
  19. "Net Zero by 2050 – Analysis". IEA (18 Bealtaine 2021).
  20. Isaacs-Thomas, Bella (2023-12-01). "Mining is necessary for the green transition". PBS NewsHour. Dáta rochtana: 2024-05-31.