Jump to content

Fuarán Trevi

Fuarán Trevi
Radharc oíche
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(it) Fontana di Trevi Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálDealbh, díol spéise do thurasóirí agus scairdeán Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireNicola Salvi
Giuseppe Pannini Cuir in eagar ar Wikidata
EalaíontóirNicola Salvi
Foirgníocht1732 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaItalian Baroque architecture (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta astrabhairtín Rómhánach agus marmar Carrara Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas26.3 (airde) × 49.15 (leithead) m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinMunicipio I, An Iodáil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPiazza di Trevi, Roma
Map
 41° 54′ 03″ N, 12° 28′ 59″ E / 41.9008°N,12.4831°E / 41.9008; 12.4831
ID GeoNames6619448
Suíomh gréasáin oifigiúiltrevifountain.net

Is éard atá sa bhFuarán Trevi, nó Scairdeán Trevi,[1] ná an scairdeán Barócach is mó agus is cáiliúla i gceartlár na Róimhe — agus ar cheann de na scairdeáin is cáiliúla ar domhan. Tá sé suite i gceartlár na Róimhe, ag bun Palazzo Poli.

Róthurasóireacht ?
Físeán
Is é Neiptiún , dia na farraige, an phríomhphearsantacht

Tá sé tuairim is 26 méadar ar airde agus 49 méadar ar leithead. Is é Neiptiún, dia na farraige, an phríomhphearsantacht atá suite i lár an tsaothair.

Dhear an t-ailtire Iodálach Nicola Salvi é sa bhliain 1732 agus cuireadh bailchríoch air sa bhliain 1762.

Roimh 2026 bhí an fuarán plódaithe go hiomlán, le formhór na ndaoine ina seasamh agus a ndroim iompaithe leis an bhfuarán chun "féinín" a ghlacadh, in ionad breathnú i gceart ar an saothar ealaíne. , samplaí eile den ollturasóireacht ar fud an domhain.

Cuirtear srian anois ar an líon daoine a ligtear isteach le breathnú ar Fhuarán Trevi. In 2026 tugadh isteach córas nua "Íoc ar do bhealach" chun smacht a choinneáil ar na sluaite. Ón 2 Feabhra 2026 tá ticéad (dhá euro) ag teastáil chun dul gar do bháisín an fhuaráin. Tá roinnt bealaí isteach ag an bhFuarán, atá suite ar chineál plásóg oscailte phoiblí. Ta cuid de na sráideanna dúnta anois agus ní féidir siúl isteach gan an ‘ticéad’ a bheith ar taispeáint ar an bhfón agus do dhá euro íoctha agat.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Trevi fountain
  2. Mairéad Ní Nuadháin (13 Feabhra 2026). "Fadhbanna móra á gcruthú ag an ‘ollturasóireacht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-13.