Nicolás Maduro
Iar-Uachtarán Veiniséala is ea Nicolás Maduro Moros, a rugadh ar an 23 Samhain 1962, i gceannas ar Veiniséala ó 2013 go dtí 2025. Ceannaire tiarnúil de chuid na heite fíorchlé ba ea Maduro.[1] Cuireadh imeaglú agus forlámhas ina leith go minic.








Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]2010idí
Tháinig Maduro i gcomharbacht ar Hugo Chávez in 2013.
Bhí géarchéim eacnamaíochta, pholaitíochta agus go deimhin dhaonna, i Veiniséala sna 2010idí. Ba é rialtas Maduro ba chúis leis cuid mhór. Idir 2015-2018, thréig 2.3 milliún duine (os cionn 7 faoin gcéad den daonra) an tír (sin a léirigh figiúirí ó na Náisiúin Aontaithe ag an am). Sin é an líon céanna teifeach – nó gar go leor dó – a thug aghaidh ar an Eoraip ón Meánoirthear agus ón Afraic sa tréimhse chéanna.
Thug an tAontas Eorpach isteach bearta sriantacha i gcoinne Veiniséala i mí na Samhna 2017. Áirítear leo trádbhac ar airm agus ar threalamh is féidir a úsáid chun daoine a chur faoi chois sa tír sin.[2]
2018
Is beag conspóid a chothaigh an sruth inimirceach seo i Meiriceá Theas go dtí 2018.[3] Ach in 2018 bhí baic thaistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ag go leor de na tíortha in aice láimhe.
Chothaigh athlonnú na scórtha míle teifeach as Veiniséala fud fad na Brasaíle go leor conspóide sa tír sin.[4] I mí Lúnasa 2018 rinneadh ionsaí ar champa teifeach as Veiniséala i mbaile teorann sa Bhrasaíl.[5]
In 2018, bhí pacáiste beartas eacnamaíochta curtha i bhfeidhm ag Maduro chun dul i ngleic leis an ngéarchéim bhoilscithe agus sholáthair bhia sa tír.
Baineadh cúig náid de luach airgeadra na tíre (ar baisteadh ainm nua air lena chois, bolívar soberano), tháinig méadú 3,000 faoin gcéad ar an íosphá, agus cuireadh deireadh leis an bhfóirdheontas don ola (bíodh an peitreal is saoire ar domhan ar fáil i Veiniséala).
Ba bheag an mhuinín a chuir muintir Veiniséala sna beartais. Bhí agóidí móra sna cathracha agus scuainí ollmhóra ag na hollmhargaí agus faitíos ar an bpobal go rachadh géarchéim an tsoláthair bhia i ndonas.[3]
2019: Iarracht cumhacht a ghabháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Eanáir 2019 insealbhaíodh Maduro don dara tréimhse in oifig aige. Cuireadh caimiléireacht toghchánaíochta i leith an rialtais agus rinne an freasúra baghcat ar an toghchán.
Dúirt ceannaire an fhreasúra, Juan Guaidó, a bhí ina uachtarán ar "thionól náisiúnta Veiniséala" ag an am, go mbeadh sé féin sásta áit an uachtaráin Maduro a thógáil. Mhaígh Guaidó go raibh an ceart sin aige de réir an bhunreachta, ós rud é gur mheas an freasúra go raibh uachtaránacht Maduro mídhlisteanach.
D'aithin Parlaimint na hEorpa Guaidó mar uachtarán eatramhach agus dlisteanach Veiniséala.[6]
Dar le rialtas Maduro, rinneadh trí hiarracht ar coup d’état sa tír sa bhliain 2019. Theip orthu. D'fhág Rialtas na S-A cuma an amadáin air féin, agus múisiam ar Trump, é ag iarraidh díoltas a bhaint amach ó shin.
2019: Scéil eile
Bhí Veiniséala i gceartlár cogadh idé-eolaíoch a bhí á fhearadh ag pobalóirí de chuid na heite fíorchlé agus na heite fíordheise ar a chéile. In 2019 thug Maduro, ‘Hitler an lae inniu’ ar Jair Bolsonaro, a chomhghleacaí sa Bhrasaíl. Ag dul thar fóir a bhí Maduro, mar is dual do cheannairí pobalacha.
D’fhág nach mór 8 milliún Veiniséalach a dtír dhúchais idir 2015-2023 ann – nó duine as gach cúigear. I Meiriceá Theas agus Láir, cuireadh ‘Teitheadh na Veiniséalach’ i gcomparáid le géarchéim na dteifeach ón Meánoirthear san Eoraip.
In 2019 d’fhógair Ernesto Araújo, an tAire Gnóthaí Eachtracha i rialtas Bolsonaro, go mbeidh an Bhrasaíl ag tarraingt amach as Conradh Domhanda na hImirce, comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe a shínigh 150 tír in 2018 i gcathair Marrakesh i Maracó.[4]
2020
Chuir an Chomhairle Eorpach aon duine dhéag de phríomhoifigigh Veiniséala le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha.[2]
2023
D’eagraigh Maduro, reifreann inar fiafraíodh ar aontaigh pobal Veiniséala le hionghabháil a dhéanamh ar cheantar Essequibo, ar cuid den Ghuáin é. D’aontaigh 95 faoin gcéad de mhuintir Veiniséala le Maduro gur cuid de Veiniséala é réigiún Essequibo ó cheart; dhiúltaigh an Ghuáin scun scan don dearcadh sin. Ní raibh sa reifreann agus i gcaint throdach Maduro ach cleasaíocht réamhthoghcháin.[7]
2024
I mí Iúil 2024, bhí "bua" ag Nicolás Maduro i dtoghchán uachtaránachta Veiniséala, a thríú téarma sé bliana. Ach bhí easpa trédhearcachta agus calaois curtha ina leith ag an bhfreasúra. I mí na Bealtaine 2024, tarraingíodh siar cuireadh a bhí tugtha do mhonatóirí idirnáisiúnta. De réir na dtorthaí oifigiúla bhí rud beag le cois 51 faoin gcéad de na vótaí ag Maduro agus bhí breis agus 44 faoin gcéad ag iarrthóir an fhreasúra, Edmundo González. Ach cuireadh isteach ar an bhfreasúra nuair a theastaigh uathu súil a choinneáil ar chomhaireamh na vótaí.[8]
Seachas Vladimir Putin agus ceannairí na Síne, na Bolaive agus Chúba, ba bheag duine taobh amuigh de Veiniséala a chreid go raibh bua ionraic ag Maduro. Níor thug na Stáit Meiriceá ná cuid mhaith tíortha eile aon aitheantas do réimeas uachtaránachta Maduro, ag maíomh gur tré chaimiléireacht a bhuaigh sé an toghchán. Bhí amhras caite ag ceannairí roinnt mhaith tíortha i Meiriceá Theas agus Láir ar thoradh an toghcháin agus dá bharr sin bhí an ruaig curtha scun scan ag Maduro ar ambasadóirí na dtíortha sin (an Airgintín, an tSile, Peiriú, Uragua, Cósta Ríce, Panama agus an Phoblacht Dhoiminiceach).[8]



2025
In 2025 bhí luaíocht $50,000,000 á tairiscint ag na Stáit Aontaithe chun Maduro a gabháil agus é a chur ar a thriail ar chúiseanna drugaí agus sceimhlitheoireachta.
Bhí sé geallta ag an Uachtarán Trump in 2025 go gcuirfeadh sé trúpaí Meiriceánacha isteach i Veiniséala in iarracht brú a chur ar an Uasal Maduro éirí as oifig.[9]
Gabháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 1 Eanáir 2026, chualathas pléascáin sa tír. Tháinig an phríomhchathair Caracas faoi ionsaí ón aer i gcaitheamh na hoíche. D'fhógair Maduro éigeandáil náisiúnta.
Ar an 3 Eanáir 2026 gabh fórsaí armtha na Stát Aontaithe Nicolas Maduro (63 bliain d'aois ag an am) agus a bhean chéile. Tógadh an bheirt ar bord héileacaptair chuig long cogaidh agus ansin go Nua Eabhrac.
"Rithfidh na Stáit Aontaithe cúramaí Veiniséala go n-aistreofar an chumhacht go sábháilte chuig Rialtas nua thall ansin", a mhaígh an tUachtarán Trump. Dúirt Trump go mbeadh baint mhór ag na Stáit Aontaithe le tionscail na hola i Veiniséala as seo amach.[9]
Ach i Veiniséala, ceapadh leas-Uachtarán Veiniséala, Delcy Rodriguez, mar cheannaire eatramhach. Bhí an ceapachán dearbhaithe ag Cúirt Uachtarach na tíre agus ag baill eile an rialtais, a bhí i gcumhacht i gcónaí. Duine i bhfad amach ar an eité chlé is ea Rodriguez, agus "Chavista" amach is amach.
Bhí coinneáil Maduro i Meiriceá cáinte ag Delcy Rodriguez. Ach mhaígh Trump áfach go bhfuil sí toilteanach comhoibriú lena bhfuil á bheartú aigesan don tír.[10]
I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac ar an 5 Eanáir, phléadáil Maduro agus a bhean Cilia Flores neamhchiontach i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige. Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe.[11]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Alex Hijmans (18 Deireadh Fómhair 2014). "Sóisialaigh Mheiriceá Theas slán sábháilte – go fóill" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
- 1 2 consilium.europa.eu (29 Meitheamh 2020). "Veiniséala: aon oifigeach déag curtha le liosta na smachtbhannaí" (ga-IE). Consilium. Dáta rochtana: 2026-01-04.
- 1 2 Alex Hijmans (22 Lúnasa 2018). "An réiteoidh athruithe eacnamaíochta i Veiniséala an ghéarchéim imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
- 1 2 Alex Hijmans (16 Eanáir 2019). "Briatharchath i Meiriceá Theas agus Maduro agus Bolsonaro in adharca a chéile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
- ↑ Rinneadh ionsaí ar champa inimirceach ó Veiniséala i mbaile beag Pacaraima i dtuaisceart na Brasaíle, áit a thrasnaigh os cionn 500 Veiniséalach an teorainn idir an dá thír chuile lá. De bharr na dteifeach, bhí brú ollmhór ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta an bhaile. Cuireadh an lasair sa bhairille nuair a rinne roinnt Veiniséalach fear gnó áitiúil a robáil. Ansinchuir buíon de mhuintir na háite campa de chuid na n-inimirceach trí thine agus theith 1,200 teifeach ar ais thar teorainn go Veiniséala.
- ↑ "Reddit - The heart of the internet". www.reddit.com. Dáta rochtana: 2026-01-04.
- ↑ Alex Hijmans (2 Eanáir 2024). "Toghcháin, toghcháin agus tuilleadh toghchán – súil chun cinn ar an domhan in 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
- 1 2 Alex Hijmans (31 Iúil 2024). "An lámh in uachtar ag Maduro i Veiniséala, amhras caite ar thoradh an toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-03.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-01-03). "'Maduro agus a bhean tógtha amach as Veiniséala'-Trump" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-01-04). "Maduro á choinneáil i Nua Eabhrac" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-01-05). "Maduro ag pléadáil neamhchiontach i sceimhlitheoireacht drugaí" (as ga-IE).