Jump to content

Frontex

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFrontex

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Téann in áitGhníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh7 Deireadh Fómhair 2016
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtIlkka Laitinen (2005–2014)
Fabrice Leggeri (2015–2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe700 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Buiséad254 M€ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+48-22-205-95-00 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfrontex.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: frontex X: frontex LinkedIn: frontex Youtube: UCnznZDkkW98n_S8UOUQ1xiQ Vimeo: user16109952 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh (AE) laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais í an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta[1] (Béarla: European Border and Coast Guard Agency), aitheanta de ghnáth mar Frontex (ón bhFraincis frontières extérieures).[2][3] Tá ceanncheathrú aici i Vársá, an Pholainn.

Cuireann Frontex rialú teorann i bhfeidhm i Limistéar Schengeni dteannta le gardaí teorann agus cósta na mballstát.[2]:1 Is é sainchúram na gníomhaireachta go hoifigiúil ná "tacú go héifeachtach leis na Ballstáit ar an láthair ina gcuid iarrachtaí chun na teorainneacha seachtracha a chosaint".[2]:(5) Tá cead aici idirghabháil a dhéanamh ach amháin sa chas "ina bhfágtar go bhfuil rialú ag teorainneacha seachtracha chomh neamhéifeachtach sin go bhféadfaí feidhmiú limistéar Schengen a chur i mbaol".[2]:57

Bunaíodh Frontex ar dtús sa bhliain 2004 faoin ainm an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.[4][2] Mar fhreagairt ar an ngéarchéim imirce san Eoraip of 2015–2016, mhol an Coimisiún Eorpach ar an 15ú Nollaig 2015 sainchúram Frontex a leathnú agus í a athrú ó bhonn faoin ainm a Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.[5] Thug an Chomhairle Eorpach tacú leis an moladh,[6] agus i ndiaidh vóta i bParlaimint na hEorpa, seoladh í ar an 6ú Deireadh Fómhair 2016 ag an teorainn idir an Bhulgáir agus an Tuirc.[7] I mí na Samhna 2019, leathnaíodh sainchúram agus acmhainní na gníomhaireachta arís.[2]

Mhéadaigh buiséad Frontex ó €143 milliún don bhliain 2015[8] go dtí €1.12 billiún don bhliain 2025.[9] Bhí 2523 duine ar fhoireann na gníomhaireachta sa bhliain 2024[10] ach tá plean ann chun an mhéid sin a mhéadú go 10,000 duine faoin mbliain 2027.[11][12][13]

  1. "Téarma: Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta". IATE. Dáta rochtana: 29-01-2026.
  2. 1 2 3 4 5 6 "Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624". EUR-Lex. Dáta rochtana: 29-01-2026.
  3. "Frontex - International cooperation". english.defensie.nl (2014-02-13). Dáta rochtana: 2025-03-08.
  4. "Téarma: an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh". IATE. Dáta rochtana: 30-01-2926.
  5. "European Agenda on Migration: Securing Europe's External Borders". europa.eu. Coimisiún Eorpach. Dáta rochtana: 15ú Nollaig 2015.
  6. Robinson, Duncan (18ú Nollaig 2015). "EU border guard proposal wins wide support". Financial Times.
  7. "News". European Commission (5ú Iúil 2023).
  8. "Budget 2015". Frontex.
  9. "Ráiteas ioncaim agus caiteachais don bhliain airgeadais 2025 — an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)". EUR-Lex. Dáta rochtana: 29-01-2026.
  10. "Frontex Careers". Frontex.
  11. "European Border and Coast Guard: Stronger EU borders with a new standing corps of 10,000 border guards". European Commission (17ú Aibreán 2019). Dáta rochtana: 25ú Iúil 2021.
  12. "EU budget 2020". European Commission. Dáta rochtana: 18ú Lúnasa 2019.
  13. "Opening Statement in the European Parliament Plenary Session by Ursula von der Leyen, Candidate for President of the European Commission". European Commission. Dáta rochtana: 19ú Lúnasa 2019.