Jump to content

Fronta Saortha Náisiúnta Sandinista

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFronta Saortha Náisiúnta Sandinista
(es) Frente Sandinista de Liberación Nacional Cuir in eagar ar Wikidata
Flag of Sandinista National Liberation Front (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

ManaPatria Libre o Morir Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAugusto César Sandino Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánFSLN Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSandinism (en) Aistrigh
Bolivarachas
frithimpiriúlachas
Christian socialism (en) Aistrigh
Marxachas
náisiúnachas ar an eite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite chlé Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1961
Bunaitheoir(í)Carlos Fonseca Amador, Tomás Borge, Silvio Mayorga (en) Aistrigh, Germán Pomares, Rigoberto Cruz Argüello, Jorge Alberto Navarro agus Francisco Buitrago Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball dePermanent Conference of Political Parties of Latin America and the Caribbean (en) Aistrigh
São Paulo Forum (en) Aistrigh
Idirnáisiúntas Sóisialach (1992–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ArdrúnaíDaniel Ortega (1991–) Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 261663

Tháinig Fronta Saortha Náisiúnta Sandinista (FSNS; Frente Sandinista de Liberación Nacional sa Spáinnis) chun cinn i Nicearagua sna 1960idí. Ba ghrúpa treallchogaíochta Marxach iad na Sandinistas a tháinig faoi anáil gluaiseachtaí frith-impiriúlacha, náisiúnaíocha agus réabhlóideacha sóisialta. Throid siad cogadh treallchogaíochta ar bheagán acmhainní ar feadh na mblianta.[1]

Augusto César Sandino, 1929. Ainmníodh an fronta as.

Ba iad Carlos Fonseca, Silvio Mayorga agus Tomás Borge a bhunaigh an eagraíocht in 1961, agus ainmníodh í as Augusto César Sandino (1895–1934), a throid in aghaidh forghabhála na Stát Aontaithe ar Nicearagua idir 1927 agus 1933.[2]

Anastasio Somoza Debayle, 1975

Faoi 1978, bhí an t-atmaisféar sa tír tar éis athrú. Faoin tráth sin bhreathnaigh ógánaigh na cathracha, oibrithe, agus codanna den mheánaicme ar an FSNS mar an t-aon fhórsa a d’fhéadfadh deireadh a chur le riail Somoza — Anastasio Somoza Debayle, deachtóir na tíre a raibh tacaíocht na Stát Aontaithe aige.[3] Bhí greim ag an gclann Somoza ar fhormhór na talún agus an tsaibhris, agus bhain siad leas as an stát mar ghnó clainne. Bhí smacht géar ann ar an bhfreasúra polaitiúil, bhí an chaimiléireacht faoi bhláth agus an éagothroime as cuimse.

An Pálás Náisiúnta i Managua, mar atá sé inniu

Ba sa chomhthéacs seo a rinne an FSNS an gníomh ba mhó go dtí sin: an ruathar ar an bPálás Náisiúnta i Managua, a tharla ar an 22 Lúnasa 1978. Agus iad faoi cheilt mar bhaill den Gharda Náisiúnta, chuaigh fiche-ceathair cománlach faoi cheannaireacht Edén Pastora (“Comandante Cero”) isteach sa phálás. “Fág an bealach, seo linn el Hombre”, a dúirt duine de na cománlaigh agus iad ag teacht i dtreo an pháláis. Cheap cuid den Gharda Náisiúnta gur Somoza a bhí ag teacht seachas a gcuid naimhde.

Mharaigh na Sandinistas roinnt gardaí, gortaíodh tuilleadh, agus ghlac siad seilbh ar an bpálás ina raibh os cionn 1,500 duine. Tá an eachtra ar cheann de na gabhálacha giall ba mhó i stair Meiriceá Láir.

Bhí faitíos ar Somoza, agus é faoi bhrú mór go poiblí cheana féin, go ngortófaí go leor de na gialla, agus mar sin chuaigh sé i mbun idirbheartaíochta leis na Sandinistas. D’fhág na cománlaigh go caithréimeach agus Panama mar cheann scríbe acu. Bhailigh na sluaite ar na sráideanna agus iad ag imeacht, ag scairteadh “Síos le Somoza!” agus “Viva Sandinista!”.[1]

Ghlac an FSNS seilbh ar Nicearagua le linn 1979.

Chuir an ruathar in 1978 an lasair sa bharrach. Léiríodh laigí an réimis agus tháinig cáil ar na Sandinistas. Ba é an ruathar a spreag an réabhlóid a chuir deireadh le riail éagórach Somoza sa bhliain 1979.[1]

Bhí an FSNS i gcumhacht ó 1979 go 1990: i dtosach mar chuid de ghiunta an atógála náisiúnta, agus leis féin ó Mhárta 1981. Toghadh Daniel Ortega ina uachtarán in 1984.

Le linn na 1980idí throid an rialtas cogadh cathartha in aghaidh na gContras, grúpaí frithréabhlóideacha a raibh maoiniú á fháil acu ó na Stáit Aontaithe. Chaill Ortega an toghchán i bhFeabhra 1990 — fuair Violeta Chamorro 55 faoin gcéad den vóta in aghaidh 41 faoin gcéad.

Toghadh Ortega arís in 2006.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Kerron Ó Luain (2026-08-21). "Na Sandinistas agus gníomh an Pháláis Náisiúnta, Lúnasa 1978" (ga-IE). An Páipéar / Eagrán #94. Dáta rochtana: 2026-09-09.
  2. ↑ "Augusto César Sandino" (as en) (2026-07-27). Wikipedia.
  3. ↑ "Anastasio Somoza Debayle" (as en) (2026-08-09). Wikipedia.
  4. ↑ "Sandinista National Liberation Front" (as en) (2026-09-06). Wikipedia.