Fromage frais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaFromage frais
Sonraí
Cineálcáis
Príomh-chomhábhairFromage frais
Fromage frais ón Ghearmáin

Is ábhar a dhéantar de bhainne é fromage frais (air a ghlaoitear fromage blanc agus maquée freisin). Is sa Bheilg agus tuaisceart na Fraince a rinneadh ar dtús é. 'Séard is brí le fromage frais ná cáis úr. (Ciallaíonn fromage blanc "cáis bhán").

Is ar éigin atá saill ar bith le fáil i bhfromage frais. Cumasctar uachtar leis go minic chun an blas a fheabhsú agus méadaíonn sé sin an mhéid saille a bhíonn ann. Scaití, bíonn an mhéid saille chomh ard le 8% den toirt iomlán.

Is féidir fromage frais a ithe mar iógart, de ghnáth le torthaí cumaiscthe leis, nó é a bheith mar chuid de bhia neamh-mhilis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]