Friedrich Merz
Is polaiteoir Gearmánach é Joachim-Friedrich Martin Josef Merz (a rugadh ar 11 Samhain 1955) agus cheannasaí na gcoimeádach sa Ghearmáin, na nDaonlathaithe Críostaí. D'éirigh sé ina cheannaire ar an CDU - Christlich Demokratische Union nó an tAontas Críostaí-Daonlathach sa bhliain 2022 agus ar an 6 Bealtaine 2025, Seansailéir na Gearmáine, tar éis bua olltoghcháin i gcoinne Olaf Scholz (SPD) ar an 23 Feabhra 2025.






Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Merz i mBrilon i Nordrhein-Westfalen (An Réin Thuaidh-Viostfáil) sa Ghearmáin Thiar. Chuaigh sé isteach sa Junge Union (An tAontas Óg) i 1972. Tar éis dó an scoil dlí a chríochnú i 1985, d'oibrigh Merz mar bhreitheamh agus mar dhlíodóir corparáideach.
Chuaigh sé isteach sa pholaitíocht lánaimseartha i 1989 nuair a toghadh chun Parlaimint na hEorpa é. Tar éis dó téarma amháin a chaitheamh toghadh é mar Fheisire don Bhundestag, áit ar thuill sé cáil mara phríomhshaineolaí ar bheartas airgeadais sa CDU.
Sa bhliain 2000 toghadh é ina chathaoirleach ar an ngrúpa parlaiminteach CDU/CSU, an bhliain chéanna ar toghadh Angela Merkel ina cathaoirleach ar an CDU. Ag an am sin ba iad príomh-iomaitheoirí a chéile iad maidir le ceannas an pháirtí. Bhí an CDU i bhfreasúra i dteannta leis an CSU (an Bhaváir) ag an am.
2010idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 2010idí, bhí Merz ag iarraidh an CDU a bhogadh go mór i dtreo na láimhe deise.[1] I 2018, theip ar Merz ceannaireacht an CDU a bhaint amach. Ach ba ar éigean a bhí an bua ag Annegret Kramp-Karrenbauer (nó AKK mar a thugtar uirthi) i gcoinne Merz (52% in aghaidh 48%). Sheas AKK le hoidhreacht, dearcadh is polasaitheAngela Merkel.[2]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Feabhra 2025, bhí an CDU/CSU, faoi stiúir Merz, i bhfad chun cinn ar an AfD agus ar an SPD, agus thart ar 30% de na vótaí acu.
Bhí socrú comhrialtais déanta ag Merz leis na Daonlathaithe Sóisialta, ar chlé ón lár, agus bhí dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun comhrialtas nua a chur le chéile. Bhí 120 suíochán ag SPD agus 208 ag CDU/CSU, 328 suíochán san iomlán le 45% den vóta.
Tháinig Merz i gcomharbas ar Olaf Scholz, ón SPD ar an 6 Bealtaine 2025.[3] 630 suíochán a bhí sa Bundestag, dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun go dtoghfaí Merz.[4] Ach ba chosúil nár vótáil 18 de na feisirí parlaiminte sin do Merz, teip nach raibh aon choinne léi. Níor éirigh leis ach 310 vóta a fháil sa chéad bhabhta. Measadh go mb’fhéidir gurb amhlaidh nár vótáil daoine ina pháirtí féin do Merz. Léiriú ar a leochailí is a bhí móramh Merz nár éirigh leis ar an gcéad iarracht an 316 vóta a theastaíonn chun go dtoghfaí é a fháil. Buille mór dá sheasamh mar cheannaire ar rialtas nua agus údar náire dó ó thaobh na polaitíochta de.[5]
Ní raibh aon taithí ag Merz in oifig roimhe seo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Justin Huggler (2018-10-31). "Merkel rival Friedrich Merz emerges as surprise early frontrunner to succeed chancellor" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2025-05-06.
- ↑ Eoin Ó Murchú (19 Nollaig 2018). "Céard a chiallaíonn bua AKK don Eoraip – agus dúinne?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-23.
- ↑ "Merz le bheith ina sheansailéir agus dóthain vótaí faighte aige ar an dara hiarracht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-06). Dáta rochtana: 2025-05-06.
- ↑ Jenna Goulding (2025-02-28). "Merz an Seansailéir Nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-05-06.
- ↑ euronews.com (2025-05-06). "Bundestag elects CDU's Friedrich Merz as new German chancellor in repeat vote". www.euronews.com. Dáta rochtana: 2025-05-06.