Frásleabhar Manainnise Uí Scanaill ⁊ Kelly
| Lioar Raaghyn | |
|---|---|
| Cineál | leabhar frásaí |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Phil Kelly Caoimhín Ó Scanaill |
| Teanga | Gaeilge Mhanann, an Ghaeilge agus Béarla |
| Foilseachán | 2021 |
Is leabhar frásaí trítheangach é Frásleabhar Manainnise Chaoimhín Uí Scanaill ⁊ Phil Kelly. Bailiúchán mór frásaí Manainnise atá ann agus iad rangaithe faoi cheannfhocail sa teanga chéanna, taobh le haistriúchán ar gach frása díobh i nGaeilge na hÉireann agus i mBéarla. Tá breis agus 1,600 leathanach sa leabhar.[1][2]
Mar chuidiú don fhoghlaimeoir atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnás Ghaeilge Mhanann, cloíonn na haistriúcháin le struchtúr an teanga sin, fiú nuair a bhíonn cor cainte níos nádúrtha ar fáil sa Ghaeilge.[1][2]
A thiomsú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé bunaithe ar bhunachair focal agus téarmaíochta eile, go mór mór Fargher’s English-Manx Dictionary agus foinsí eile ar an idirlíon, leithéidí taggloo.im. Rinne Kelly na samplaí Béarla/Manainnise a bhailiú ó fhoclóirí éagsúla agus is é Ó Scanaill a chuir Gaeilge na hÉireann ar na samplaí go léir agus a chuir in eagar faoi cheannfhocail Mhanainnise iad.[1][2]
Bhain an tOllamh Ó Scanaill feidhm as foclóir de Bhaldraithe (bun-fhoinse chuid mhaith de na frásaí) agus as an inneall aistriúcháin Intergaelic agus Gaeilge á cur ar na frásaí aige. Bhain sé feidhm as corpas parsáilte a bhí cruthaithe aige de réir cheanglas na Spleáchas Uilíoch [en] chun uirlisí a chruthú leis na frásaí a chlibeáil agus a pharsáil agus is sa chaoi sin a réimnigh sé faoi na ceannfhocail chuí iad.[1][2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Íoslódáil: Frásleabhar
- Altanna Manainnise ó Nos.ie (ar Cadhan.com)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 "Frásleabhar Manainnise-Gaeilge foilsithe ag Kevin Scannell". NÓS (2021-01-05). Dáta rochtana: 2026-01-30.[nasc briste go buan]
- 1 2 3 4 Kevin Scannell (3 Eanáir 2021). "Díonbhrollach". Frásleabhar: lch iii.
| Is síol faoi teangeolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Leathanaigh le naisc seachtrach briste from Aibreán 2026
- Síolta theangeolaíochta
- Leabhair frásaí
- Foclóirí Gaeilge
- Foclóirí Ghaeilge Mhanann
- Foclóirí idircheilteacha
- Foclóirí Béarla
- An Ghaeilge
- Gaeilge Mhanann
- Leabhair a foilsíodh sna 2020idí
- Leabhair a foilsíodh in 2021
- Foghlaim Ghaeilge Mhanann
- Foghlaim na Gaeilge
- Tograí idirghaelacha
- Foclóirí idirghaelacha