Jump to content

Fothoghchán Ghaillimh Thiar, 2026

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fothoghchán Ghaillimh Thiar, 2026
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Am22 Bealtaine 2026 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfothoghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanTeachta Dála — Gaillimh Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Seán Ó Cadhain  — Fine GaelIarrthóir ar éirigh leis/léi
0
 

Tharla fothoghchán i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar ar an 22ú Bealtaine 2026, an chéad fhothoghchán sa Dáilcheantar ó bhí 1975 ann, le seansuíochán an Uachtaráin Catherine Connolly a líonadh.[1] D'éirigh le hiarrthóir Éire Neamhspleách, Noel Thomas an méid is sciar is mó den vóta céadrogha a fháil. Ach bhí an bua ag Seán Kyne, iarrthóir Fhine Gael ar deireadh ar an 11ú comhaireamh, tar éis na haistrithe ar fad. Lá maith a bhí ann d’Fhine Gael, go háirithe toisc gur rud annamh é an bua a bheith ag páirtí rialtais i bhfothoghchán.

Seán Kyne in 2025

Ba í an t-iarrthóir a bhí ag Sinn Féin, an Teachta Mairéad Farrell, a bhí ag barr an chomhairimh in Olltoghchán na bliana 2024.

Sheas 12 iarrthóir sa Dáilcheantar ina bhfuil an chuid is mó de Ghaeltacht na Gaillimhe, agus cainteoirí Gaeilge iad ceathrar den 12 iarrthóir. D'imir cumas Gaeilge na n-iarrthóirí tionchar ar an bhfothoghchán an uair seo. Níl aon dáilcheantar eile sa tír ina mbíonn an tábhacht chéanna le ceist na Gaeilge is a bhíonn i nGaillimh Thiar.

Roghnaíodh an comhairleoir contae óg Cillian Keane as Meáraí in Órán Mór i bhfíoroirthear an Dáilcheantair ag coinbhinsiún Fhianna Fáil. B'iad an triúr eile an Seanadóir Seán Kyne (Fine Gael, a bhí ina aire stáit don Ghaeltacht in 2016-2017 agus 2018-2020), as an mbaile Gaeltachta Maigh Cuilinn; Míde Nic Fhionnlaoich (Daonlathaithe Sóisialta), as Ceantar na nOileán; agus an múinteoir bunscoile Orla Nugent (Aontú) as Fear Manach ó dhúchas atá ina cónaí i dTír Oileáin, atá i nGaeltacht chathair na Gaillimhe.[2] Ní raibh ach iarrthóir amháin ag Éire Neamhspleách, duine atá ar bheagán Gaeilge agus ní raibh ach iarrthóir amháin ag Sinn Féin, duine gan Ghaeilge. Níl Gaeilge ag an iarrthóir is mó a bhí luaite leis an suíochán ar dtús, an comhairleoir contae Noel Thomas ó Independent Ireland, ná ag iarrthóir Shinn Féin Mark Lohan.

  • Dúirt urlabhraí thar cheann Noel Thomas nach raibh labhairt na Gaeilge ag an iarrthóir ach go raibh "grá" aige don Ghaeilge agus tuiscint ar thábhacht “ollmhór an teanga a chur chun cínn”.[3]
  • Rinne sé “dochar” gan dabht d’iarrthóir Shinn Féin sa toghchán seo go raibh amhras ann faoina chumas Gaeilge. Mar shampla mhaígh cumann SF i gConamara Theas nach dtacóidh siad le hiarrthóir an pháirtí mar gheall nach raibh Gaeilge ar a thoil aige.
  • Thug an Ghaeilge buntáiste breise do Sheán Kyne agus fuair sé vótaí i gceantair Ghaeltachta, roinnt vótaí ar a laghad, de bharr a chuid Gaeilge. Bhí triúr san iomaíocht ó Uachtar Ard soir – Noel Thomas, Thomas Welby, agus Seán Kyne.
  • Thug a líofacht sa Ghaeilge buntáiste do Mhíde Nic Fhionnlaoich thar na hiarrthóirí eile ón eite chlé. Bhí daoine ag rá ar dtús go raibh Mark Lohan chun cinn ar Mhíde Nic Fhionnlaoich. Ach fuair Mairéad Farrell go leor, leor vótaí i i nGaeltacht Chonamara in 2024. Mar sin, bhí sé i bhfad, i bhfad níos deacra ag Sinn Féin an vóta sin a thabhairt leo in 2026.[4]

De réir pobalbhreith, is cosúil go raibh an costas maireachtála agus cúrsaí tithíochta ar an gcloch is mó ar an bpaidrín ag formhór na ndaoine a bhí ag caitheamh vóta. É sin ráite, bhí cuid mhór daoine a bheidh ag caitheamh vóta ag cur na ceiste faoi ról na Gaeilge sna feachtais agus seasamh na bpolaiteoirí ar an teanga freisin.[5] De réir torthaí phobal bhreith coimisiúnaithe ag TG4 agus an Irish Times, thug 67% d’fhreagróirí le fios nach ndéanfadh sé difir dá laghad dóibh cé acu an raibh Gaeilge líofa ag an iarrthóir nó ná raibh agus iad ag caitheamh vóta.   Dúirt 32% go n-imreodh sé tionchar ar an vóta.[3]

Bhí scoilt shoiléir le feiceáil idir an chathair agus an tuath san fheachtas seo.

  • Bhi cúrsaí tráchta, an cuarbhóthar agus easpa tithíochta i gcroílár na díospóireachta sa chathair, agus tá iarrthóirí cosúil le Helen Ogbu agus Mike Cubbard ag iarraidh leas a bhaint as míshástacht uirbeach.
  • I gConamara agus sna ceantair thuaithe, áfach, tá cúrsaí bonneagair, costais mhaireachtála agus ionadaíocht Ghaeltachta chun cinn.

Mhol iarrthóirí Míde Nic Fhionnlaioch agus Seán Kyne gur cheart díospóireacht a bheith ann don fhothoghchán a reáchtáil i nGaeilge mar gheall go bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó sa tír lonnaithe sa Dáilcheantar seo. Ní féidir a leithead de dhíospóireacht a chraoladh, áfach, mar gheall ar an easpa iarrthóirí le Gaeilge. Mhol Nic Fhionnlaioch gurbh fhéidir do na hiarrthóirí gan Gaeilge ionadaithe a chur ar fáil do dhíospóireacht.[6]

Scaip an grúpa feachtais Bánú suirbhé i measc na n-iarrthóirí chun a dtuairim a fháil ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht, ról Údarás na Gaeltachta, cumhachtaí Aire na Gaeltachta agus tithe a ligtear ar cíos gearrthéarmach ina measc. Ochtar den 16 iarrthóir a thug freagra ar an suirbhé faoin Aoine seo caite, sin iad Mark Lohan (Sinn Féin); Orla Nugent (Aontú); Míde Nic Fhionnlaoich (Na Daonlathaithe Sóisialta); Denman Rooke (Pobal Seachas Brabús) agus triúr iarrthóirí neamhspleácha, Sheila Garrity, Thomas Welby agus Michael Ryan. Ní bhfuair Bánú freagra ó Seán Kyne (Fine Gael).[7]

Bhí na hiarrthóirí ar an eite chlé, an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Sinn Féin, na Glasaigh agus Pobal Roimh Bhrabús, ag brú an mhana “vóta clé, aistriú clé”, cé nach raibh aon iarrthóir aonair aontaithe acu.

Chuaigh Seán Kyne chun cinn ar Thomas ar deireadh sa chomhaireamh deireanach, an 11ú ceann, a bhuíochas do vótaí aistrithe. Fuair Kyne 4,249 vóta aistrithe ó Helen Ogbu Pháirtí an Lucht Obre, rud a chuir go maith chun cinn ar Thomas é, a fuair 1,273 vóta aistrithe. D’fhág sin 19,218 vóta ag Kyne sa deireadh agus é go maith chun cinn ar Thomas ar 16,519.[8] Bhí Seán Kyne níos láidre ar aistriúcháin ná mar a bhí Noel Thomas. Bhí Kyne thar a bheith láidir i measc daoine os cionn 65 bliain d’aois, dream a thagann amach ag vótáil go hiontaofa.

Tháinig Helen Ogbu, iarrthóir pháirtí an Lucht Oibre, sa tríú háit le 5,462 vóta céadrogha. Díol suntais go bhfuair Helen Ogbu, an comhairleoir ó chathair na Gaillimhe beagnach 13,000 ina céad toghchán ar an staid náisiúnta.[9] Bhí Helen Ogbu níos láidre i measc daoine óga, ach beidh ceist mhór ann an dtiocfaidh an dream sin amach chuig na boscaí vótaíochta.[10]

Fothoghchán Ghaillimh Thiar 2026[11]
PairtíIarrthóirScairComhair 1Comhair 2Comhair 3Comhair 4Comhair 5Comhair 6Comhair 7Comhair 8Comhair 9Comhair 10Comhair 11
Éire Neamhspleách Noel Thomas 20.9 10,007 10,038 10,477 10,497 11,075 12,246 12,947 13,897 14,694 15,246 16,519
Fine Gael Seán Kyne 20.1 9,647 9,673 9,693 9,907 10,126 10,966 11,114 11,788 14,369 14,969 19,218
Páirtí an Lucht Oibre Helen Ogbu 11.4 5,462 5,560 5,578 5,970 6,545 6,763 7,457 8,500 9,063 12,960  
Fianna Fáil Cillian Keane 8.8 4,192 4,201 4,226 4,259 4,401 4,668 4,749 5,154      
Neamhspleách Mike Cubbard 7.1 3,396 3,440 3,524 3,595 3,908 4,140 4,737        
Na Daonlathaigh Shóisialta Míde Nic Fhionnlaoich 7.0 3,354 3,551 3,569 3,836 4,440 4,587 5,409 5,938 6,158    
Sinn Féin Mark Lohan 6.7 3,208 3,298 3,333 3,364 3,618 3,763          
Neamhspleách Thomas Welby 6.6 3,138 3,161 3,193 3,219 3,351            
Neamhspleách Sheila Garrity 3.0 1,421 1,542 1,568 1,696              
Comhaontas Glas Niall Murphy 2.5 1,199 1,241 1,252                
Aontú Orla Nugent 2.4 1,167 1,194 1,368 1,397              
The Irish People A.J. Cahill 1.9 890 949                  
Pobal seachas Brabús Denman Rooke 1.1 540                    
Neamhspleách Néill Bairéad 0.2 112                    
Neamhspleách Michael Ryan 0.2 108                    
Neamhspleách Patrick Feeney 0.1 39                    
Neamhspleách John O'Leary 0.0 13                    
Dáta deireanach Foinse Suirbhéir Méid sampla Foinsí Bairéad Cahill Cubbard Feeney Garrity Keane Kyne Lohan Murphy Nic Fhionnlaoich Nugent Ogbu O'Leary Rooke Ryan Thomas Welby
7 Bealtaine 2026 TG4
The Irish Times
Ipsos B&A 530 [12] - 1 7 - 3 8 17 7 6 9 4 12 1 2 1 16 6

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ "Dáta fógartha d'fhothoghcháin Ghaillimh-Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir". Tuairisc (23/04/2026). Dáta rochtana: 14/06/2026.
  2. ↑ Maitiú Ó Coimín (31 Márta 2026). "Ceathrar cainteoirí Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, cainteoir Gaeilge amháin i mBaile Átha Cliath Láir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-24.
  3. 1 2 Concubhar Ó Liatháin (2026-05-19). "Tábhacht na Gaeilge i nGaillimh Thiar - an Dáilcheantar leis an pobal Ghaeltachta is mó sa tír" (ga-IE). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-05-24.
  4. ↑ Maitiú Ó Coimín (30 Aibreán 2026). "Fonn ort a bheith i do Theachta Dála do Ghaillimh Thiar? An bhfuil an Ghaeilge riachtanach?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-24.
  5. ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-20). "An bhfuil an Ghaeilge tábhachtach sna fothoghcháin?" (as ga).
  6. ↑ Pádraic Ó Ciardha (01/05/2026). "'Tá díospóireacht i nGaeilge tuillte ag muintir Ghaillimh Thiar roimh lá an toghcháin' – Seán Kyne". Tuairisc. Dáta rochtana: 14/05/2026.
  7. ↑ "Srianta ar thithíocht a ligean ar bhonn gearrthéarmach molta ag iarrthóirí i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-05-18). Dáta rochtana: 2026-05-24.
  8. ↑ "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne ag filleadh ar Dháil Éireann agus toghchán Ghaillimh Thiar buaite aige" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-05-24). Dáta rochtana: 2026-05-24.
  9. ↑ Nuacht RTÉ (2026-05-24). "Seán Kyne buacach i nGaillimh Thiar" (as ga-IE).
  10. ↑ Cóilín Duffy (2026-05-22). "Próifíl Dáilcheantair: Gaillimh Thiar" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-05-24.
  11. ↑ "Notice of Poll: Dáil Bye-election 2026. Constituency of Galway West". Returning Officer for County Galway (02/05/2026). Dáta rochtana: 14/05/2026.
  12. ↑ "Pobalbhreith TG4/The Irish Times ar Ghaillimh Thiar". RTÉ (07/05/2026). Dáta rochtana: 14/05/2026.