Forchanúnachas
Is próiseas teangeolaíochta é an forchanúnachas a fheictear nuair a theagmhaíonn canúintí éagsúla lena chéile agus nuair a ‘throideann’ cainteoirí in aghaidh foirmeacha a bhraitheann siad atá ag teacht isteach ó chanúintí eile. Is féidir leis an gceartú seo dul ró-fhada, .i. ‘forcheartú’, agus ceartaíonn daoine foirmeacha stairiúla nach mbaineann go díreach leis an difríocht chanúnach atá siad ag iarraidh a cheartú.
Cuir i gcás, is le scwha (ǝ) a fhoghraítear an -adh deiridh sa Ghaeilge sa leath ó dheas d'Éirinn, ach is mar u a fhoghraítear na focail chéanna sa leath ó thuaidh (m.s. codladh, moladh ⁊rl). Ach sa tuiseal ginideach i bhfocail cosúil le móin > móna, fuil > fola, níl an foirceann -adh stairiúil, .i. móna agus fola a fheicimid sa tSean-Ghaeilge chomh maith. Taibhsíonn sé gur amhlaidh a d’fhorbair an -adh > -ú deiridh a chloistear sa ghinideach ar na focail seo i gcanúintí áirithe an leath ó thuaidh mar fhorcheartú nó forchanúnachas ar an schwa deiridh a bhraith cainteoirí a bheith ag teacht isteach ó chanúintí an deiscirt.
Is féidir a thuilleadh a léamh mar gheall ar an bhforchanúnachas in Peter Trudgill, Dialects in Contact, (1986: 66).