Jump to content

Foras Eorpach Oiliúna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Foras Oiliúna na hEorpa)
Bosca Sonraí EagraíochtaForas Eorpach Oiliúna
Sonraí
GiorrúchánETF Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh30 Samhain 1993
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe130 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinetf.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: etfeuropa X: etfeuropa Bluesky: etfeuropa.bsky.social Instagram: etfeuropa Telegram: ETFEuropa LinkedIn: etfeuropa Youtube: UCdCL5K3KbXqDMPDAkXA9o3w Youtube: etfeuropa Flickr: 116424142@N02 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh é an Foras Eorpach Oiliúna[1] (Béarla: European Training Foundation (ETF)) a oibríonn chun scileanna agus infhostaitheacht daoine i dtíortha comhpháirtíochta lasmuigh den AE a fheabhsú. Ní dhéanann an ETF féin daoine a oiliúint nó a cháiliú. Cuidíonn sé le tíortha agus institiúidí lasmuigh den AE scileanna a fhorbairt.

Tugann an ghníomhaireacht comhairle agus tacaíocht maidir le beartas, cláir agus cleachtas oideachais ghairmiúil do rialtais, do chomhpháirtithe sóisialta agus do sholáthraithe oiliúna i dtíortha ó Mharacó go dtí an Chasacstáin agus ón mBealarúis go dtí an Iordáin.

Bunaíodh an ETF a bhliain 1990,[2] agus athmhúnlaíodh a rialachán sa bhliain 2008.[3] Tá sé lonnaithe i dTórín na hIodáile. Maoinítear é den chuid is mó ó bhuiséad an AE le leithdháileadh bliantúil (2023) de thart ar €22.6M.[4]

Oibríonn thart ar 130 ball foirne in oifigí an ETF. Is ionadaithe iad as formhór de bhallstáit an AE agus as cuid desna tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san AE.