Foréigean in aghaidh na mban

Is éard atá i gceist le foréigean in aghaidh na mban ná foréigean mothúchánach, corpartha, gnéasach agus eacnamaíochta a imríonn ar mhná.[1]
D'fhéadfadh foréigean i gcoinne na mban tarlú tarlú d’aon bhean ag aois ar bith agus in aon chineál caidrimh. Is féidir leis tarlú do mhná fásta agus is féidir leis tarlú do chailíní. Is féidir leis an bhforéigean a bheith fisiceach nó mothúchánach, agus d'fhéadfadh tionchair a bheith aige ar féidir le daoine eile a fheiceáil nó nach féidir a fheiceáil. Is minic a tharlaíonn foréigean i gcoinne na mban i gcomhthéacs an bhaile (=> Drochíde sa teaghlach), ach d’fhéadfaí é a imirt ar strainséir freisin.[2][3]
Is ceann de na sáruithe is forleithne ar chearta an duine lenár linn é, agus is cineál idirdhealaithe é a bhfuil sé mar thoradh air, nó a d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air, go ndéanfaí dochar fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch nó eacnamaíoch do mhná.[4] Baineann foréigean in aghaidh na mban de dhínit agus sláine ban agus déanann sé dochar mór do theaghlaigh, do phobail agus don tsochaí.[5]
Staidrimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deir lucht an fheachtais No More[6] go ndéantar foréigean sa bhaile nó/agus foréigean gnéis ar bhean amháin as gach triúr uair éigin lena mbeo.[7] Tugann na meastacháin a rinneadh in AE le fios go bhfuil foréigean fisiciúil nó gnéasach, nó an dá rud, fulaingthe ag 1 bhean as 3 (nó 61 mhilliún as 185 mhilliún san Aontas), ó bhí siad 15 bliana d’aois.[8]
Siamsaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an seobhaineachas rábach in earnáil na siamsaíochta le fada. An ‘deireadh sona’ an seansteiréitíopa is gean le Hollywood i gcás caidreamh mí-úsáideach óna dteitheann an t-íospartach.[7] Tá doicheall go minic ar scríbhneoirí is léiritheoirí scannán an t-ainm ceart a thabhairt ar gach aon mhí-úsáid laistigh de chaidreamh.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réitigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Póilíneacht
Tá tábhacht le daoine a ghabháil, a chúiseamh agus a chiontú más féidir ach ní íocshláinte é sin. Mar a deir urlabhraithe an SPTÉ, ní chuirfear stop leis an bplá le póilíneacht amháin; “we can’t arrest our way out of it” . Níl i bhfeidhmiú an dlí agus riar na córa ach cuid den bhfreagra atá riachtanach.
Ról an phobail
Tá ról an phobail tábhachtach. Dualgas is ea é gnéithe éagsúla an fhoréigin a aithint agus diúltú dóibh más caint nó gníomh atá i gceist – fuath ban, smachtú comhéigneach, ansmacht ar airgead, mí-úsáid ghnéis nó drochíde choirp. Caithfear béim a chur ar obair choisctheach agus caithfidh an pobal chomh maith leis na húdaráis a bheith rannpháirteach san saothar sin sa teaghlach, ar scoil, ar pháirceanna imeartha, sa chlub oíche, san ollscoil, san láthair oibre nó ar na meáin shóisialta.
Pionós Ní mór a rá go mbíonn breith na cúirte róbhog anois is arís i gcásanna foréigin teaghlaigh nó mí-úsáid ghnéis agus gur minic an córas bagrach in áit a bheith cuiditheach do dhaoine a éigníodh.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fuath ban
- Drochíde sa teaghlach / Foréigean baile
- Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan
- Foréigean in aghaidh na mban in Éirinn
- Gluaiseacht Me Too
- Éigniú Gisèle Pelicot agus cás den chineál céanna in Éirinn sa bhliain 2018
- Dúnmharú Qandeel Baloch, 2016
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Citizensinformation.ie. "Foréigean teaghlaigh agus drochíde sa teaghlach" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-15.
- ↑ gov.ie (2010). "Straitéis Náisiúnta um Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne-bhunaithe 2010-2014".
- ↑ Citizensinformation.ie. "Foréigean teaghlaigh agus drochíde sa teaghlach" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-03-15.
- ↑ Comhairle na hEorpa (2011). "Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus a meamram míniúcháin (Sraith Uimh. 10 de chuid Conradh na Comhairle Eorpaí)." (en-GB). Treaty Office. Dáta rochtana: 2025-03-15.
- ↑ An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (2016). "Foréigean in aghaidh na mban a chomhrac". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "Our History" (en). NO MORE (2024-06-25). Dáta rochtana: 2025-03-16.
- ↑ 7.0 7.1 Deirdre Donnelly (14 Márta 2025). "Tá sé in am ag Hollywood an script a athrú ó thaobh an fhoréigin in aghaidh na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-16.
- ↑ Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (2014). Foréigean in aghaidh na mBan: Suirbhé ar fud AE — Príomhthorthaí, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (6 Deireadh Fómhair 2024). "Cur chuige frithsceimhlitheoireachta le húsáid chun cur i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-22.