Jump to content

Foréigean in aghaidh na mban in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maria Cahill, 2014, agus fuath ban san IRA sna 1990idí[1]

Is éard atá i gceist le foréigean in aghaidh na mban in Éirinn ná foréigean mothúchánach, corpartha, gnéasach agus eacnamaíochta a imríonn ar mhná agus ar chailíní in Éirinn. Idir 2020-2024, maraíodh 62 bean in Éirinn, 37 ó dheas agus 25 ó thuaidh. Is ionann sin (62 in iomlán) agus bean amháin gach mí. [2] [3] [4]

De réir a chéile in Éirinn sa 21ú haois, d'fhaisnéisigh mná éagsúla gur ionsaigh a gcéilí nó a n-iarchéilí iad le hairm, go ndearnadh ionsaithe gnéasacha orthu, gur foilsíodh pictiúir díobh ar líne gan chead, go rabhthas ag faire orthu go seasta, gur bagraíodh orthu nó ar a leanaí, go raibh smacht ag a gcéilí nó a n-iarchéilí ar a gcuid airgid agus mar sin siar.[5][6]

Tuirse, uaigneas, ísle brí, éadóchas, bochtaineacht agus leanaí a chailleadh sa bhroinn, sin mar a théann an foréigean i gcion ar mhná. Bhí meastachán déanta ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne in 2016 go bhféadfadh costas € 990 milliún in aghaidh na bliana a bheith ag baint le foréigean teaghlaigh in aghaidh ban in Éirinn.[7]

Dúirt an áisíneacht Safe Ireland sa bhliain 2020 gur iarr beagnach 3,500 bean cúnamh idir Márta agus Lúnasa 2020 mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach. D'iarr beagnach 600 páiste tacaíocht agus cúnamh san achar céanna chomh maith. (Bhí an tuarascáil bunaithe ar eolas a fuair an áisíneacht ó 39 eagraíocht ar fud na tíre a chuireann cúnamh ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean sa teaghlach).[8]

Dúirt an carthanas Cúnamh do Mhná (Women’s Aid[9]) gur faisnéisíodh níos mó cásanna d'fhoréigean baile in 2023 in Éirinn ná riamh. I dtuarascáil bhliantúil na heagraíochta 2024, tugtar le fios gur faisnéisíodh 40,048 cás d'fhoréigean baile in 2023, agus gur méadú 18% é sin ó 2022. Bhí méadú 87% ar an líon cásanna d'fhoréigean eacnamaíochta agus méadú 74% ar an líon cásanna d'fhoréigean corpartha in 2023 le hais 2022. Chreid Cúnamh do Mhná nach raibh sna figiúirí seo ach an chuid is lú den scéal.[10][6]

In 2024, rinneadh os cionn 61,000 teagmháil leis na Gardaí faoi fhoréigean baile. Tháinig méadú ar an líon daoine a cúisíodh faoi reachtaíocht úr in 2024 maidir le cionta ar leith a bhaineann le foréigean baile, tachtadh neamh-mharfach agus stalcaireacht ina measc.[11]

De réir dlí, tá rochtain ag íospartaigh ban d’fhoréigean teaghlaigh in Éirinn ar chosaint. Is féidir leis an gcúirt ordú cosanta, urchoisc agus/nó sábháilteachta a dhéanamh in aghaidh céile nó páirtí atá foréigneach. Forfheidhmítear na horduithe sin sa chás go bhfuil sé riachtanach chun leas nó sábháilteacht an íospartaigh agus/nó a leanaí cleithiúnacha a chosaint.[7]

Is cion coiriúil sárú ar aon ordú a dhéantar faoin reachtaíocht um fhoréigean teaghlaigh agus is féidir leis na Gardaí duine a sháraíonn a leithéid d’ordú a ghabháil agus a chúiseamh.

Thrasuigh Éire Treoir 2012/29/AE maidir le caighdeáin íosta choiteanna i ndáil le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh coireachta leis an mBille um Cheartas Coiriúil 2015 (Cearta Íospartach), lena gcinntítear go bhfaighidh mná ar íospartaigh an fhoréigin ar bhonn inscne iad seirbhísí tacaíochta speisialaithe.[12]

Shínigh Éire Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) i mí na Samhna 2015, daingnithe in 2019.[13]

I litríocht na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá oidhreacht an fhoréigin inscne go smior i stair na hÉireann, agus is téama suntasach é i nualitríocht na Gaeilge.[2] [3]

Níl sé deacair teacht ar sheanfhocail sa Ghaeilge a dhéanann beag is fiú d’intleacht na mban, a thugann le fios nach féidir muinín a chur iontu, agus a shamhlaíonn dualgais na mban le dualgais an tí (ní gá ach smaoineamh ar an sampla seo as Seanfhocla Chonnacht, ‘ná lig do rún le bean ná le hamadán’). Agus cé go dtugann foinsí béaloidis agus miotaseolaíochta spreagadh don scríbhneoireacht chomhaimseartha, tugann insintí béaloidis áirithe – seanchas na murúch, mar shampla – le fios go raibh glacadh éigin sa tsochaí leis an smachtú gnéis agus le sáinniú na mban.[14]

Ach ar an taobh eile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an cultúr Gaelach níos oscailte maidir le cúrsaí collaíochta agus feidhmeanna na colainne mar gur tháinig sí slán, cuid mhór, ón bpiúratánachas Victeoiriach.[14]

  • Tugann seirbhís Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta Chúnamh do Mhná (1 800 341 900)[15] tacaíocht agus eolas ar bhonn 24/7 dóibh siúd a nglaonn atá ag fulaingt drochíde óna bhfir céile nó óna bpáirtithe reatha, nó ó iarfhir chéile nó iarpháirtithe.
  • Tá an Líne Chabhrach Náisiúnta d’Fhoréigean Gnéasach (1 800 778 888) á feidhmiú ag Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath[16] agus tugann sé tacaíocht ar an teileafón agus atreo chuig seirbhísí áitiúla do gach marthanóir aosach d’fhoréigean gnéasach agus drochúsáid ghnéasach leanaí.[17]
  • Women4Women: Eolaire[18]
  • Tá 21 ionad dídine do mhná in Éirinn ina bhfuil 141 sheomra do theaghlaigh ar fáil. Cuireadh lóistín ar fáil do 4 007 bean agus leanbh in 2014 i lóistín dídine éigeandála

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Máiría Cahill memoir details fear of IRA interrogations and anger with Gerry Adams" (en). The Irish News (2023-09-25). Dáta rochtana: 2024-06-18.
  2. 1 2 Roibeard Mac Maoláin (2025-10-22). "Ag fiosrú fuath ban i litríocht na Gaeilge" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-11-02.
  3. 1 2 Roibeard Mac Maoláin / archive.ph/lj1kA. "Ag fiosrú fuath ban i litríocht na Gaeilge". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-11-02. Dáta rochtana: 2025.
  4. Áine Ní Bhreisleáin (2025-12-03). "B’ábhar bróid domhsa gur i nGaeilge a rinneadh seo agus thig linn tógáil air" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-12-03.
  5. Póilín Ní Chiaráin (6 Deireadh Fómhair 2024). "Cur chuige frithsceimhlitheoireachta le húsáid chun cur i gcoinne an fhoréigin in aghaidh na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-22.
  6. 1 2 Nuacht RTÉ (2024-06-18). "'Foréigean baile méadaithe 18% in imeacht bliana'" (as ga-IE).
  7. 1 2 An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (2016). "Foréigean in aghaidh na mban a chomhrac". Dáta rochtana: 2025.
  8. Nuacht RTÉ (2020-11-10). "Imní faoi fhoréigean sa teaghlach, breis acmhainní á lorg" (as ga-IE).
  9. "Women's Aid" (as en) (2024-06-04). Wikipedia.
  10. Andrew Walsh (2024-06-18). "Record number of domestic abuse cases against women and children reported last year" (en). www.limerickleader.ie. Dáta rochtana: 2024-06-18.
  11. Nuacht RTÉ (2024-12-20). "Méadú 9% ar chumarsáid leis na Gardaí faoi fhoréigean baile" (as ga-IE).
  12. Comhairle na hEorpa (2011). "Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus a meamram míniúcháin (Sraith Uimh. 10 de chuid Conradh na Comhairle Eorpaí)." (en-GB). Treaty Office. Dáta rochtana: 2025-03-15.
  13. "Istanbul Convention" (as en) (2024-10-24). Wikipedia.
  14. 1 2 Síobhra Aiken agus Seán Mac Risteaird (18 Samhain 2025). "Tugann an Ghaeilge súil eile dúinn ar cheisteanna a bhaineann leis an bhforéigean inscne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-18.
  15. "Women's Aid - Listening. Believing. Supporting. Empowering." (en-GB). Women's Aid. Dáta rochtana: 2025-03-16.
  16. i mBéarla, Dublin Rape Crisis Centre
  17. "Dublin Rape Crisis Centre | Home Page" (en). Dublin Rape Crisis Centre (2009-08-10). Dáta rochtana: 2025-03-16.
  18. "Directory of Services". women4women.ie. Dáta rochtana: 2025-03-16.