Jump to content

Fonn a Níos Fiach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFonn a Níos Fiach
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPádraig Ua Maoileoin Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1978 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirLeabhar Breac
Tréith
Seánranóibhille Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach110 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-91-136344-6 Cuir in eagar ar Wikidata

Nóibhille le Pádraig Ua Maoileoin é 'Fonn a Níos Fiach' Carbad a d'fhoilsigh, 1978. Athchló, Leabhar Breac 2019. Tá teideal an leabhair bunaithe ar sheanfhocal.

Leabhar gearr ach scéal a ghabhfadh greim ar d'aird is d'intinn. Dúirt an scríbhneoir gurb é seo an leabhar aige ba mhó a thug bród dó. Luaigh sé go bhfuil an scéal bunaithe ar scéal béaloidis (nó dhá scéal, b'fhéidir) ach d'fhigh sé cnámha an scéil in uige na litríochta.

An Drochshaol aimsir an scéil, agus Corca Dhuibhne a shuíomh (faoi bhréagriocht). Seán Mhicil príomhcharachtar an scéil. An t-ocras agus an ganntanas ag siúl ar na daoine agus é i gceann gabháltas beag agus muirín mór. Ach is fiontraí é, bíonn sé ag tráiteoireacht féachaint cad é an cnuasach trá a gheobhaidh sé roimh thionscail na ndaoine eile. Ach ní saol éasca é. Síleann sé go mb'fhéidir go mbeidh orthu peata na bpaistí a mharú ar mhaithe le bia.

Ach lá áirithe agus é ag fiach ar na sléibhte lena mhadra, castar leis rianta giorra atá ina bheithinseach. Chothódh sé an muirín. Faoi dheireadh thall, bolg caol air, agus gan aon rath chuige ón bhfarraige, agus brat sneachta anuas ar na cnoic, buaileann sé amach á lorg. Téann léitheoirí an leabhair ina theannta. Fear i ngleic lena nádúr féin, leis an dúlra, lena mhisneach féin, lena theacht i dtír, le dúshlán a dhiongbháilteachta. Mar a deir blurba an leabhair, chuirfeadh sé The Old Man and The Sea in gcuimhne don léitheoir.

Scéal laochais é seo, le fearúlacht, meatacht, misneach, meabhair chinn, instinn, gliceas, riachtanas, mian, saint, forlámhas mar anlann agat.